+Airteagal 390 Luach na►C12neamhchosainta◄a ríomh
---+Airteagal 390 1.
---+Airteagal 390 2.
---+Airteagal 390 3.
---+Airteagal 390 4.
---+Airteagal 390 5.
---+Airteagal 390 6.
---+Airteagal 390 7.
---+Airteagal 390 8.
---+Airteagal 390 9.

Airteagal 390 Luach na►C12neamhchosainta◄a ríomh

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 390 1.
Ríomhfar ►C12  neamhchosainti ◄ iomlána ar ghrúpa cliant atá nasctha le chéile trí ►C12  neamhchosainti ◄ na gcliant aonair sa ghrúpa sin a chur le chéile.
Airteagal 390 2.
Ríomhfar ►C12  neamhchosainti ◄ foriomlána ar chliaint aonair atá nasctha le chéile trí na ►C12  neamhchosainti ◄ sa leabhar trádála a chur leis na ►C12  neamhchosainti ◄ sa leabhar neamhthrádála.
Airteagal 390 3.

Maidir le ►C12  neamhchosainti ◄ an leabhair trádála, féadfaidh institiúidí:

(a) 

na suíomhanna fada agus na suíomhanna gearra atá acu a fhritháireamh sna hionstraimí airgeadais céanna arna n-eisiúint ag cliant ar leith agus an glansuíomh i ngach ceann de na hionstraimí éagsúla á ríomh i gcomhréir leis na modhanna a leagtar síos i gCaibidil 2 de Theideal IV de Chuid a Trí;

(b) 

na suíomhanna fada agus na suíomhanna gearra atá acu a fhritháireamh in ionstraimí airgeadais éagsúla arna n-eisiúint ag cliant ar leith ach sa chás amháin ina bhfuil an ionstraim airgeadais faoin suíomh gearr ar chéim níos sóisearaí ná an ionstraim faoin suíomh fada nó i gcás ina mbaineann an tsinsearacht chéanna leis na hionstraimí foluiteacha.

Chun críocha phointe (a) agus phointe (b), féadfar ionstraimí airgeadais a leithdháileadh i mbuicéid bunaithe ar chéimeanna éagsúla sinsearachta chun cóimheas sinsearachta na suíomhanna a chinneadh.

Airteagal 390 4.
Ríomhfaidh institiúidí luachanna ►C12  neamhchosainta ◄ na gconarthaí díorthacha a liostaítear in Iarscríbhinn II agus na gconarthaí díorthach creidmheasa arna ndéanamh go díreach le cliant i gcomhréir le ceann de na modhanna a leagtar amach i Roinn 3, 4, agus 5 de Chaibidil 6 de Theideal II de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme. ►C12  Neamhchosainti ◄ a thagann as idirbhearta dá dtagraítear in Airteagal 378, Airteagal 379 agus Airteagal 380, déanfar iad a ríomh ar an modh a leagtar síos sna hAirteagail sin.

Agus luach na ►C12  neamhchosainti ◄ á ríomh do na conarthaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ar conarthaí iad arna leithdháileadh ar an leabhar trádála, comhlíonfaidh institiúidí na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 299 freisin.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, institiúidí a bhfuil cead acu na modhanna dá dtagraítear i Roinn 4 de Chaibidil 4 de Theideal II de Chuid a Trí agus Roinn 6 de Chaibidil 6 de Theideal II de Chuid a Trí a úsáid, féadfaidh siad na modhanna sin a úsáid agus luach na ►C12  neamhchosainta ◄ a ríomh i gcás idirbhearta um maoiniú urrús.

Airteagal 390 5.
Cuirfidh institiúidí le ►C12  neamhchosaint ◄ iomlán ar chliant na ►C12  neamhchosaint ◄ a eascraíonn as conarthaí díorthacha a liostaítear in Iarscríbhinn II agus conarthaí díorthach creidmheasa, i gcás nach ndearnadh an conradh go díreach le cliant ach gur eisigh an cliant sin an ionstraim fholuiteach fiachais nó chothromais.
Airteagal 390 6.

Ní áireofar aon cheann de na nithe seo a leanas mar ►C12  neamhchosainti ◄ :

(a) 

i gcás idirbheart malairte eachtraí, ►C12  neamhchosainti ◄ arna dtabhú sa ghnáthchúrsa socraíochta le linn an dá lá gnó tar éis íocaíochta;

(b) 

i gcás idirbheart chun urrúis a cheannach nó a dhíol, ►C12  neamhchosainti ◄ arna dtabhú sa ghnáthchúrsa socraíochta le linn na gcúig lá gnó tar éis íoc as na hurrúis nó tar éis iad a sheachadadh, cibé acu is túisce;

(c) 

i gcás ina soláthraítear tarchur airgid lena n-áirítear seirbhísí íocaíochta a dhéanamh, imréiteach agus socraíocht in aon airgeadra agus imréiteach comhfhreagrach ionstraimí baincéireachta nó ionstraimí airgeadais, seirbhísí socraíochta agus cumhdaigh do chliaint, fáltais mhoillithe i leith ►C12  neamhchosainti ◄ cistithe agus eile a thagann as gníomhaíocht cliaint nach maireann níos faide ná an lá gnó dar gcionn;

(d) 

i gcás ina soláthraítear tarchur airgid lena n-áirítear seirbhísí íocaíochta a dhéanamh, imréiteach agus socraíocht in aon airgeadra agus baincéireacht chomhfhreagrach, ►C12  neamhchosainti ◄ ionlae ar institiúidí a sholáthraíonn na seirbhísí sin;

(e) 

►C12  neamhchosainti ◄ arna n-asbhaint as ítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 nó as ítimí breise Leibhéal 1 i gcomhréir le hAirteagal 36 agus Airteagal 56 nó aon asbhaint eile as na hítimí sin a laghdaíonn an cóimheas sócmhainneachta.

Airteagal 390 7.
D'fhonn an ►C12  neamhchosaint ◄ fhoriomlán ar chliant nó ar ghrúpa cliant atá nasctha le chéile a chinneadh, maidir le cliaint a bhfuil ►C12  neamhchosainti ◄ ag an institiúid ina leith trí idirbhearta dá dtagraítear i bpointe (m) agus i bpointe (o) d'Airteagal 112 nó trí idirbhearta eile i gcás ina bhfuil ►C12  neamhchosaint ◄ ar shócmhainní foluiteacha ann, déanfaidh institiúid measúnú ar a ►C12  neamhchosaintí ◄ foluiteacha lena gcuirfear san áireamh an tábhacht eacnamaíoch a bhaineann le struchtúr an idirbhirt agus na ►C12  riosca ◄ is gné de struchtúr an idirbhirt féin, d'fhonn a chinneadh an ►C12  neamhchosaint ◄ bhreise é.
Airteagal 390 8.

Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:

(a) 

na coinníollacha agus na modheolaíochtaí atá le húsáid chun an ►C12  neamhchosaint ◄ fhoriomlán ar chliant nó ar ghrúpa cliant atá nasctha le chéile a chinneadh maidir leis na cineálacha ►C12  neamhchosainti ◄ dá dtagraítear i mír 7;

(b) 

na coinníollacha faoina dtarlódh sé nach mbeadh struchtúr na n-idirbheart dá dtagraítear i mír 7 ina ►C12  neamhchosaint ◄ bhreise.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Eanáir 2014.

Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 390 9.
Chun críocha mhír 5, forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun a léiriú conas na ►C12  neamhchosainti ◄ a eascraíonn as conarthaí díorthacha a liostaítear in Iarscríbhinn II agus conarthaí díorthacha creidmheasa, sa chás nach ndearnadh an conradh go díreach le cliant ach d'eisigh an cliant an ionstraim foluiteach fiachais nó chothromais le go gcuirfear san áireamh iad sna ►C12  neamhchosainti ◄ ar an gcliant.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Márta 2020.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas