|
+Airteagal 436 Raon feidhme chur i bhfeidhm a nochtadh |
Airteagal 436 Raon feidhme chur i bhfeidhm a nochtadhAirteagal 436 Raon feidhme chur i bhfeidhm a nochtadh Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas maidir le raon feidhme chur i bhfeidhm an Rialacháin seo mar seo a leanas:
(a)
ainm na hinstitiúide a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo ina leith;
(b)
Réiteach idir na ráitis airgeadais chomhdhlúite arna n-ullmhú i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta infheidhme agus leis na ráitis airgeadais chomhdhlúite arna n-ullmhú i gcomhréir leis na ceanglais maidir leis an gcomhdhlúthú rialála de bhun Roinn 2 agus Roinn 3 de Theideal II de Chuid a hAon; déanfar trácht sa réiteach sin ar na difríochtaí idir raon feidhme cuntasaíochta an chomhdhlúthaithe agus raon feidhme rialála an chomhdhlúthaithe agus na heintitis dhlíthiúla a áirítear laistigh de raon feidhme rialála an chomhdhlúthaithe i gcás nach ionann é agus raon feidhme an chomhdhlúthaithe cuntasaíochta; sa trácht ar na heintitis dhlíthiúla a áirítear faoi raon feidhme an chomhdhlúthaithe rialála, cuirfear síos ar mhodh an chomhdhlúthaithe rialála i gcás nach ionann é agus modh an chomhdhlúthaithe cuntasaíochta, cibé acu atá na heintitis sin comhdhlúite go hiomlán nó comhdhlúite go comhréireach nó nach bhfuil agus cibé acu a bhaintear sealúchais sna heintitis sin as cistí dílse nó nach mbaintear;
(c)
miondealú ar shócmhainní agus ar dhliteanais na ráiteas airgeadais comhdhlúite arna n-ullmhú i gcomhréir leis na ceanglais maidir leis an gcomhdhlúthú rialála de bhun Roinn 2 agus Roinn 3 de Theideal II de Chuid a hAon, arna miondealú de réir chineál na ►C12 riosca ◄ dá dtagraítear faoin gCuid seo;
(d)
réiteach lena sainaithnítear príomhfhoinsí na ndifríochtaí idir méideanna an luacha seilbhe sna ráitis airgeadais faoi raon feidhme rialála an chomhdhlúthaithe mar a shainítear é i Roinn 2 agus Roinn 3 de Theideal II de Chuid a hAon agus méid na ►C12 neamhchosainta ◄ a úsáidtear chun críocha rialála; déanfar an réiteach sin a fhorlíonadh le faisnéis cháilíochtúil faoi phríomhfhoinsí na ndifríochtaí;
(e)
maidir le ►C12 neamhchosainti ◄ ón leabhar trádála agus ón leabhar neamhthrádála a choigeartaítear i gcomhréir le hAirteagal 34 agus Airteagal 105, miondealú ar na méideanna de chomheilimintí an choigeartaithe luachála stuama de chuid institiúide, de réir chineálacha na ►C12 riosca ◄ , agus iomlán na gcomheilimintí ar leithligh do na suíomhanna leabhair trádála agus leabhair neamhthrádála;
(f)
aon bhac praiticiúil nó dlíthiúil ábhartha reatha nó ionchais ar aistriú pras cistí dílse nó aisíoc dliteanas idir an mháthairchuideachta agus a fochuideachtaí;
(g)
an méid comhiomlán faoinar lú na cistí dílse iarbhír ná mar a theastaíonn i ngach fochuideachta nach bhfuil ar áireamh sa chomhdhlúthú, agus ainm nó ainmneacha fochuideachtaí den sórt sin;
(h)
nuair is infheidhme, na himthosca faoina mbaintear úsáid as an maolú dá dtagraítear in Airteagal 7 nó an modh chomhdhlúite aonair a leagtar síos in Airteagal 9. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|