+78. Ba cheart d’údaráis inniúla dearcadh soiléir a bhaint amach ar na foinsí pleanáilte chun na …
|
78. Ba cheart d’údaráis inniúla dearcadh soiléir a bhaint amach ar na foinsí pleanáilte chun na …
Ba cheart d’údaráis inniúla dearcadh soiléir a bhaint amach ar na foinsí pleanáilte chun na gníomhaíochtaí gnó pleanáilte a mhaoiniú, lena n-áirítear foinse (í) an mhéid caipitil tosaigh. Ba cheart d’údaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a chuireann an institiúid creidmheasa iarrthach isteach (go háirithe de bhun Airteagal 4 den RTS ar fhaisnéis le haghaidh údaraithe) chun an phróifíl leachtachta agus an struchtúr dliteanais a mheas, le béim speisialta ar inchreidteacht na mbonn tuisceana. Maidir leis an struchtúr dliteanais, ba cheart do na húdaráis inniúla na foinsí éagsúla maoinithe (cineálacha dliteanas, ionstraimí agus contrapháirtithe), na costais ghaolmhara, na roghanna leabaithe agus a n-aibíochtaí conarthacha agus iompraíochta a mheas. Le léargas soiléir ar an bpróifíl leachtachta agus ar an struchtúr dliteanais, ligfear do na húdaráis inniúla na réamh-mheastacháin do na cóimheasa rialála leachtachta agus maoinithe a mheas amhail an LCR10 agus NSFR11 , agus aird á tabhairt freisin ar a bhforbairt thar an tréimhse pleanála mar gheall ar an méadú de réir a chéile ar ghníomhaíochtaí gnó agus ar chur chun feidhme na straitéise maoinithe (e.g. taisceoirí a mhealladh de réir a chéile) sa chéim bhunaithe. Ba cheart d’údaráis inniúla a chur san áireamh freisin cé go mbíonn tromlach na bhfoinsí maoinithe atá ar fáil seasmhach de gháth sa chéad bhliain de ghníomhaíochtaí (e.g. scairchaipiteal) agus go bhfuil cion na sócmhainní leachtacha ard, d’fhéadfadh forbairt na gcóimheas rialála a bheith éagsúil ag brath ar na gníomhaíochtaí gnó agus straitéis mhaoinithe ghaolmhar atá beartaithe ag an iarratasóir.
10 Féach Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2015/61 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 chun Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a fhorlíonadh a mhéid a bhaineann le cumhdach leachtachta le haghaidh Institiúidí Creidmheasa. 11 Féach Teideal IV - Cuid a Sé CRR (tugtha isteach in CRR II).
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|