+80. Ba cheart d’údaráis inniúla cinneadh a dhéanamh maidir le réimse fócais an BMA. Ba cheart go …
|
80. Ba cheart d’údaráis inniúla cinneadh a dhéanamh maidir le réimse fócais an BMA. Ba cheart go …
Ba cheart d’údaráis inniúla cinneadh a dhéanamh maidir le réimse fócais an BMA. Ba cheart go ndíreoidís ar na línte gnó is tábhachtaí maidir le hinmharthanacht nó inbhuanaitheacht na samhla gnó reatha amach anseo, agus/nó ar na línte gnó is dóichí a mhéadóidh neamhchosaint an ghnólachta infheistíochta ar leochaileachtaí reatha nó nua. D'fhéadfadh údaráis inniúla an méid seo a leanas a chur san áireamh: - a. ábharthacht gníomhaíochtaí gnó – cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil gníomhaíochtaí gnó áirithe níos tábhachtaí chomh fada is a bhaineann le brabúis (nó caillteanais) a ghiniúint nó sreafaí airgid;
- b. torthaí maoirseachta roimhe seo – cibé acu an féidir nó nach féidir le gnéithe eile SREP táscairí maidir le línte gnó nach mór tuilleadh imscrúdaithe a dhéanamh orthu a sholáthar, lena n-áirítear torthaí ó mhaoirseoirí AML/CFT;
- c. torthaí agus barúlacha ó thuarascálacha iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha – cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil saincheisteanna sonracha sainaitheanta ag an bhfeidhm iniúchta maidir le hinbhuanaitheacht nó le hinmharthanacht línte gnó áirithe;
- d. an tábhacht i ndáil le pleananna straitéiseacha – cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil línte gnó áirithe ar mian leis an ngnólacht infheistíochta a mhéadú nó a laghdú go suntasach;
- e. athruithe a tugadh faoi deara sa tsamhail ghnó – cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil athruithe de facto tugtha faoi deara sa tsamhail ghnó a tharla de bhrí nár fhógair an gnólacht infheistíochta aon athruithe beartaithe nó nár fhorbair sé pleananna straitéiseacha nua agus cibé acu an bhféadfadh nó nach bhféadfadh na hathruithe ar an tsamhail ghnó an gnólacht infheistíochta a nochtadh do rioscaí méadaithe ML/TF; agus
- f. comparáidí piaraí – cibé acu ar fheidhmigh nó nár fheidhmigh líne ghnó go neamhchaighdeánach (toisc go bhfuil sé asluiteach) i gcomparáid le piaraí.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|