+318. Chun cinneadh a dhéanamh maidir le creidiúnacht an phlean caipitil, ba cheart don údarás …

318. Chun cinneadh a dhéanamh maidir le creidiúnacht an phlean caipitil, ba cheart don údarás …

Chun cinneadh a dhéanamh maidir le creidiúnacht an phlean caipitil, ba cheart don údarás inniúil breithniú a dhéanamh ar an méid seo a leanas, mar is cuí:

  • a. cibé acu an gclúdaíonn nó nach gclúdaíonn an plean caipitil an méid ama atá luaite leis an díobháil a mheastar a bheidh ann;
  • b. cibé acu atá nó nach bhfuil tacar de ghníomhaíochtaí sochreidte maolúcháin agus bainistíochta le fáil sa phlean caipitil;
  • c. cibé acu atá nó nach bhfuil an gnólacht infheistíochta toilteanach agus in ann a leithéid de ghníomhaíochtaí a dhéanamh chun déileáil le sáruithe ar na ceanglais chaipitil infheidhme faoi choinníollacha díobhálacha;
  • d. cibé acu atá nó nach bhfuil na gníomhaíochtaí maolúcháin agus bainistíochta sin faoi réir aon srianta dlí nó aon srianta do chlú;
  • e. an dóchúlacht go gcuirfeadh an ghníomhaíocht mhaolúcháin agus bhainistíochta sin ar chumas an ghnólachta infheistíochta a cheanglais chaipitil infheidhme a chomhlíonadh go hiomlán laistigh de fhráma ama iomchuí;
  • f. cibé acu atá nó nach bhfuil na gníomhaíochtaí atá beartaithe i gcomhréir go ginearálta le breithniúcháin mhaicreacnamaíocha agus le hathruithe rialála amach anseo a mbeidh tionchar acu ar ghnólacht infheistíochta laistigh de raon feidhme agus amlíne na gcásanna díobhálacha a nglactar leis a bheith i gceist; agus
  • g. más cuí, raon na roghanna téarnaimh agus a n-anailís mar atá sonraithe i bplean téarnaimh an ghnólachta infheistíochta.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/