+399. De réir Airteagal 39(2), pointe (b) de Threoir (AE) 2019/2034, féadfaidh údaráis inniúla: a. a …

399. De réir Airteagal 39(2), pointe (b) de Threoir (AE) 2019/2034, féadfaidh údaráis inniúla: a. a …

De réir Airteagal 39(2), pointe (b) de Threoir (AE) 2019/2034, féadfaidh údaráis inniúla:

  • a. a áirithiú go léirítear go cuí i straitéis riosca an ghnólachta infheistíochta inghlacthacht an ghnólachta infheistíochta don riosca don ghnólacht lena n-áirítear sreabhadh trádála laethúil, comhchruinniú agus mainneachtain contrapháirtí, agus go bhfuil sé comhsheasmhach leis an inghlacthacht riosca foriomlán;
  • b. a cheangal go bhfuil creat eagraíochtúil oiriúnach bunaithe mar aon le dóthain acmhainní daonna (cáilíochtúla agus cainníochtúla) agus teicniúla;
  • c. a cheangal ar an ngnólacht infheistíochta deis a thabhairt don chomhlacht bainistíochta nó dá choistí ról níos gníomhaí a bheith aige i mbainistíocht an riosca don ghnólacht;
  • d. a cheangal ar an ngnólacht infheistíochta breithniú a dhéanamh ar riosca don ghó bunúsach nuair a bhíonn táirgí agus córais nua á bhformheas;
  • e. a cheangal ar an gnólacht infheistíochta sainaithint riosca oibriúcháin a fheabhsú (a bhaineann le sreabhadh trádála laethúil) agus córais tomhais; agus/nó
  • f. na meastacháin inmheánacha maidir le méid an K-fhachtóra don riosca don ghnólacht a choigeartú agus an ceanglas maidir le cistí dílse breise a ríomh.

124

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/