+10.5 Cur i bhfeidhm beart maoirseachta eile
---+381. Chun déileáil leis na heasnaimh shonracha a sainaithníodh sa mheasúnú ar ghnéithe SREP …
---+382. Glacfar leis go n-áireofar sna bearta maoirseachta a bhfuil sé mar aidhm leo déileáil le …
---+383. De réir Airteagal 39(2), pointe (b) de Threoir (AE) 2019/2034, féadfaidh údaráis inniúla a …
---+384. De réir Airteagal 39(2), pointe (e) de Threoir (AE) 2019/2034, féadfaidh údaráis inniúla a …
---+385. De réir Airteagal 39(2), pointe (f) de Threoir (AE) 2019/2034, féadfaidh údaráis inniúla: a. …
---+386. D'fhéadfadh bearta maoirseachta a bhfuil sé mar aidhm leo déileáil leis na heasnaimh a …
---+387. De réir Airteagal 39(2), pointe (b) de Threoir (AE) 2019/2034, féadfaidh údaráis inniúla: a. a …
---+388. De réir Airteagal 39(2), pointe (g) de Threoir (AE) 2019/2034, féadfaidh údaráis inniúla an …
---+389. Bunaithe ar thorthaí an athbhreithnithe cháilíochtúil ar chláir tástála struis agus má …
---+390. Is dócha go mbeidh bearta maoirseachta a bhfuil sé mar aidhm leo déileáil leis na heasnaimh …
---+391. De réir Airteagal 39(2), pointe (b) de Threoir (AE) 2019/2034, féadfaidh údaráis inniúla an …
---+392. De réir Airteagal 39(2), pointe (b) de Threoir (AE) 2019/2034, d'fhéadfadh údaráis inniúla an …
---+393. De réir Airteagal 39(2), pointe (e) agus (f) de Threoir (AE) 2019/2034/, féadfaidh údaráis …
---+394. Is dócha go mbeidh bearta maoirseachta a bhfuil sé mar aidhm leo déileáil le heasnaimh arna …
---+395. De réir Airteagal 39(2), pointe (b) de Threoir (AE) 2019/2034, féadfaidh údaráis inniúla a …
---+396. De réir Airteagal 39(2), pointe (e) de Threoir (AE) 2019/2034, féadfaidh údaráis inniúla: a. …
---+397. De réir Airteagal 39(2), pointe (f) de Threoir (AE) 2019/2034, féadfaidh údaráis inniúla: a. a …
---+398. Is dócha go ndíreoidh bearta maoirseachta a bhfuil sé mar aidhm leo déileáil le heasnaimh arna …
---+399. De réir Airteagal 39(2), pointe (b) de Threoir (AE) 2019/2034, féadfaidh údaráis inniúla: a. a …
---+400. De réir Airteagal 39(2), pointe (e) agus (f) de Threoir (AE) 2019/2034, féadfaidh údaráis …
---+401. Gan beann ar an gceanglas cistí dílse breise a shealbhú de bhua Airteagal 39(1), pointe (a) de …
---+402. De réir Airteagal 39(2), pointe (k) de Threoir (AE) 2019/2034, féadfaidh údaráis inniúla: a. …
---+403. De réir Airteagal 39(2), pointe (b) de Threoir (AE) 2019/2034, féadfaidh údaráis inniúla a …
---+404. De réir Airteagal 39(2), pointe (k) de Threoir (AE) 2019/2034, d'fhéadfadh údaráis inniúla a …

10.5 Cur i bhfeidhm beart maoirseachta eile

10.5 Cur i bhfeidhm beart maoirseachta eile

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
381. Chun déileáil leis na heasnaimh shonracha a sainaithníodh sa mheasúnú ar ghnéithe SREP …

Chun déileáil leis na heasnaimh shonracha a sainaithníodh sa mheasúnú ar ghnéithe SREP, féadfaidh údaráis inniúla breithniú a dhéanamh ar bhearta a chur i bhfeidhm nach bhfuil nasctha go díreach le ceanglais a bhaineann le caipiteal nó leachtacht chainníochtúil. Sa rannóg seo tá liosta neamh-uileghabhálach de bhearta maoirseachta féideartha is féidir a chur i bhfeidhm bunaithe ar Airteagal 39 de Threoir (AE) 2019/2034. Féadfaidh údaráis inniúla bearta maoirseachta eile a chur i bhfeidhm mar atá sonraithe san Airteagal sin má tá siad seo níos oiriúnaí chun déileáil leis na heasnaimh sainaitheanta a bhfuil cur síos déanta orthu sa rannóg seo. Ba cheart go gcuirfí san áireamh sa rogha beart torthaí an mheasúnaithe a rinneadh de réir Theideal 4, 5, 6 agus 8 de na treoirlínte seo.

Anailís ar shamhail ghnó

382. Glacfar leis go n-áireofar sna bearta maoirseachta a bhfuil sé mar aidhm leo déileáil le …

Glacfar leis go n-áireofar sna bearta maoirseachta a bhfuil sé mar aidhm leo déileáil le heasnaimh atá sainaitheanta sa BMA ceangal a chur ar an ngnólacht infheistíochta socruithe rialachais agus rialaithe a choigeartú chun cabhrú le cur chun feidhme na samhla agus na straitéise gnó, nó srian a chur le gníomhaíochtaí gnó áirithe.

383. De réir Airteagal 39(2), pointe (b) de Threoir (AE) 2019/2034, féadfaidh údaráis inniúla a …

De réir Airteagal 39(2), pointe (b) de Threoir (AE) 2019/2034, féadfaidh údaráis inniúla a cheangal ar an ngnólacht infheistíochta coigeartuithe chur i bhfeidhm ar na socruithe bainistíochta agus rialaithe riosca, nó ar shocruithe rialachais, chun teacht leis an tsamhail nó straitéis ghnó, trí mhodhanna éagsúla lena n-áirítear:

  • a. an plean airgeadais atá sonraithe sa straitéis a choigeartú, mura bhfuil pleanáil caipitil inmheánach nó toimhdí inchreidte ag tacú leis;
  • b. a cheangal go ndéanfaí athruithe ar struchtúir eagraíochtúla, go mbeidh feidhmeanna agus socruithe bainistíochta agus rialaithe á dtreisiú chun tacú le cur chun feidhme na samhla nó na straitéise gnó; agus/nó
  • c. a cheangal go gcuirfí athruithe i bhfeidhm ar agus go dtreiseofar córais TF chun tacú le cur chun feidhme na samhla nó na straitéise gnó.
384. De réir Airteagal 39(2), pointe (e) de Threoir (AE) 2019/2034, féadfaidh údaráis inniúla a …

De réir Airteagal 39(2), pointe (e) de Threoir (AE) 2019/2034, féadfaidh údaráis inniúla a cheangal ar an ngnólacht infheistíochta athruithe a chur i bhfeidhm ar an tsamhail nó ar an straitéis ghnó sa chás:

  • a. nach bhfuil socruithe iomchuí eagraíochtúla, rialachais nó rialaithe agus bainistíochta riosca ag tacú leo;
  • b. nach bhfuil pleananna caipitil agus oibriúcháin ag tacú leo, lena n-áirítear leithdháileadh acmhainní airgeadais, daonna agus teicneolaíochta (TF) iomchuí; agus/nó

119

  • c. go bhfuil imní shuntasach ann faoi inbhuanaitheacht na samhla gnó.
385. De réir Airteagal 39(2), pointe (f) de Threoir (AE) 2019/2034, féadfaidh údaráis inniúla: a. …

De réir Airteagal 39(2), pointe (f) de Threoir (AE) 2019/2034, féadfaidh údaráis inniúla:

  • a. ceangal a chur ar ghnólachtaí infheistíochta an riosca bunúsach a bhaineann le táirgí a thionscnaíonn siad/a dháileann siad a laghdú, trí:
•a cheangal go gcuirfí athruithe i bhfeidhm ar na rioscaí bunúsacha a bhaineann le táirgí áirithe; agus/nó
•a cheangal go gcuirfí feabhsuithe i bhfeidhm ar na socruithe rialachais agus rialaithe a bhaineann le forbairt agus cothabháil táirgí;
  • b. ceangal a chur ar an ngnólacht infheistíochta an riosca bunúsach a bhaineann lena chórais a laghdú, trí:
•a cheangal go mbeidh na córais á bhfeabhsú, nó go mbeidh leibhéal na hinfheistíochta a mhéadú nó go mbeidh dlús á chur le cur chun feidhme córas nua; agus/nó
•a cheangal go mbeidh feabhsuithe á ndéanamh ar na socruithe rialachais agus rialaithe a bhaineann le forbairt agus cothabháil córais;
  • c. a cheangal go laghdaíonn gnólachtaí infheistíochta an riosca bunúsach a bhaineann lena ngníomhaíochtaí, lena n-áirítear gníomhaíochtaí seachfhoinsithe, trí:
•a cheangal go ndéanfar athruithe ar nó go laghdófar gníomhaíochtaí áirithe agus é mar aidhm an riosca bunúsach a bhaineann leo a laghdú; agus/nó
•a cheangal go bhfeabhsaítear socruithe rialachais agus rialaithe agus maoirseacht ar ghníomhaíochtaí seachfhoinsithe.

Rialachas inmheánach agus rialuithe ar fud an ghnólachta infheistíochta

386. D'fhéadfadh bearta maoirseachta a bhfuil sé mar aidhm leo déileáil leis na heasnaimh a …

D'fhéadfadh bearta maoirseachta a bhfuil sé mar aidhm leo déileáil leis na heasnaimh a shainaithnítear sa mheasúnú ar rialachas inmheánach agus rialuithe ar fud an ghnólachta infheistíochta a cheangal ar an ngnólacht infheistíochta na socruithe rialachais agus rialaithe a threisiú, nó an riosca bunúsach a bhaineann lena tháirgí, córais agus oibríochtaí a laghdú. Nuair a bhíonn bearta maoirseachta á gcur i bhfeidhm chun déileáil le heasnaimh sainaitheanta sa mheasúnú ar rialachas inmheánach, ba cheart d'údaráis inniúla cúrsaí a phlé le húdaráis inniúla chun críche Threoir 2014/65/AE ionas go ndéileáiltear ar bhealach comhsheasmhach leis na heasnaimh/leochaileachtaí bunúsacha.

387. De réir Airteagal 39(2), pointe (b) de Threoir (AE) 2019/2034, féadfaidh údaráis inniúla: a. a …

De réir Airteagal 39(2), pointe (b) de Threoir (AE) 2019/2034, féadfaidh údaráis inniúla:

  • a. a cheangal ar an ngnólacht infheistíochta athruithe a dhéanamh ar a socruithe rialachais foriomlána agus ar a modh eagair, tríd an méid seo a leanas:
•120 athruithe ar an struchtúr eagraíochtúil nó feidhmiúil, lena n-áirítear línte tuairiscithe;
•leasuithe ar bheartais riosca nó conas a dhéantar iad a fhorbairt agus a chur chun feidhme ar fud na heagraíochta; agus/nó
•méadú ar thrédhearcacht na socruithe rialachais;
  • b. a cheangal ar an ngnólacht infheistíochta athruithe a chur i bhfeidhm san eagraíocht, i gcomhdhéanamh nó i socruithe oibre an chomhlachta bainistíochta;
  • c. a cheangal ar an ngnólacht infheistíochta a shocruithe foriomlána bainistíochta riosca a neartú, trí:
•athruithe a chur i bhfeidhm ar an inghlacthacht riosca nó é a laghdú, nó ar na socruithe rialachais atá mar bhonn leis an inghlacthacht riosca a shonrú, agus straitéis riosca foriomlán a fhorbairt;
•nósanna imeachta agus samhlacha ICAAP nó ILAAP a fheabhsú, sa chás go meastar nach bhfuil siad oiriúnach don fheidhm;
•feabhas a chur ar chumas tástála struis agus ar an gclár tástála struis foriomlán; agus/nó
•feabhsuithe ar phleanáil theagmhasach;
  • d. a cheangal ar an ngnólacht infheistíochta socruithe agus feidhmeanna rialaithe inmheánaigh a neartú, trí:
•neamhspleáchas agus dóthain comhaltaí foirne a chur ar fáil don fheidhm iniúchta inmheánaigh; agus/nó
•feabhsuithe ar an bpróiseas tuairiscithe inmheánaigh chun a áirithiú go bhfuil an tuairisciú don chomhlacht bainistíochta oiriúnach;
  • e. a cheangal ar an ngnólacht infheistíochta córais faisnéise nó socruithe leanúnachais gnó a fheabhsú, tríd an méid seo a leanas a cheangal mar shampla:
•feabhsuithe ar iontaofacht na gcóras; agus/nó
•pleananna leanúnachais gnó a fhorbairt agus a thástáil.
388. De réir Airteagal 39(2), pointe (g) de Threoir (AE) 2019/2034, féadfaidh údaráis inniúla an …

De réir Airteagal 39(2), pointe (g) de Threoir (AE) 2019/2034, féadfaidh údaráis inniúla an méid seo a leanas a cheangal ar an ngnólacht infheistíochta:

  • a. beartais luacha saothair a athrú; agus/nó
  • b. teorainn a chur le luach saothair inathraithe mar chéatadán den ghlanioncam.

121

389. Bunaithe ar thorthaí an athbhreithnithe cháilíochtúil ar chláir tástála struis agus má …

Bunaithe ar thorthaí an athbhreithnithe cháilíochtúil ar chláir tástála struis agus má shainaithnítear easnaimh, d'fhéadfadh údaráis inniúla a cheangal go ndéanfadh an gnólacht infheistíochta an méid seo a leanas:

  • a. plean gníomhaíochtaí feabhais a fhorbairt a bheidh dírithe ar chláir agus cleachtais tástála struis a fheabhsú;
  • b. plean caipitil an ghnólachta infheistíochta a athrú;
  • c. más cuí, cásanna sonracha forordaithe a rith (nó gnéithe díobh sin) nó úsáid a bhaint as toimhdí sonracha.

Riosca don chliant

390. Is dócha go mbeidh bearta maoirseachta a bhfuil sé mar aidhm leo déileáil leis na heasnaimh …

Is dócha go mbeidh bearta maoirseachta a bhfuil sé mar aidhm leo déileáil leis na heasnaimh arna sainaithint sa mheasúnú ar riosca don chliant agus sna socruithe gaolmhara bainistíochta agus rialaithe dírithe ar a cheangal ar an ngnólacht infheistíochta leibhéal an riosca bhunúsaigh a laghdú nó socruithe bainistíochta agus rialaithe a neartú.

391. De réir Airteagal 39(2), pointe (b) de Threoir (AE) 2019/2034, féadfaidh údaráis inniúla an …

De réir Airteagal 39(2), pointe (b) de Threoir (AE) 2019/2034, féadfaidh údaráis inniúla an méid seo a leanas a cheangal ar an ngnólacht infheistíochta:

  • a. deis a thabhairt don chomhlacht bainistíochta nó dá choistí páirt níos gníomhaí a ghlacadh i mbainistíocht an riosca don chliant;
  • b. an creat eagraíochtúil a fheabhsú d'fhonn a áirithiú go bhfuil seirbhísí á soláthar ar bhealach éifeachtach do chliaint agus go bhfuil dóthain acmhainní daonna (cáilíochtúla agus cainníochtúla) agus teicniúla ar fáil (oifig thosaigh agus cúloifig, córais faisnéise);
  • c. an creat rialaithe a fheabhsú (éifeachtacht agus neamhspleáchas na bhfeidhmeanna rialaithe) chun rioscaí do chliaint a mhaolú;
  • d. cáilíocht agus minicíocht an tuairiscithe ar an riosca don chliant don chomhlacht bainistíocht agus don fhoireann bhainistíochta shinsearach a fheabhsú.
392. De réir Airteagal 39(2), pointe (b) de Threoir (AE) 2019/2034, d'fhéadfadh údaráis inniúla an …

De réir Airteagal 39(2), pointe (b) de Threoir (AE) 2019/2034, d'fhéadfadh údaráis inniúla an méid seo a leanas a cheangal ar an ngnólacht infheistíochta:

  • a. beartas sonrach soláthair a chur i bhfeidhm;
  • b. na meastacháin inmheánacha maidir le méid an K-fhachtóra don riosca don chliant a choigeartú agus an ceanglas maidir le cistí dílse breise a ríomh.
393. De réir Airteagal 39(2), pointe (e) agus (f) de Threoir (AE) 2019/2034/, féadfaidh údaráis …

De réir Airteagal 39(2), pointe (e) agus (f) de Threoir (AE) 2019/2034/, féadfaidh údaráis inniúla an méid seo a leanas a cheangal ar an ngnólacht infheistíochta:

  • a. an gnó, na hoibríochtaí nó an líonra a theorannú nó a shrianadh;

122

  • b. a iarraidh go mbeidh gníomhaíochtaí a chruthaíonn riosca iomarcach d'fhóntacht airgeadais an ghnólachta infheistíochta á ndífheistiú;
  • c. an riosca bunúsach a bhaineann le gníomhaíochtaí, táirgí (lena n-áirítear neamhchosaint ar tháirgí agus idirbhearta casta, leibhéal an riosca comhchruinnithe) agus córais lena n-áirítear gníomhaíochtaí seachfhoinsithe a laghdú.

Riosca don Mhargadh

394. Is dócha go mbeidh bearta maoirseachta a bhfuil sé mar aidhm leo déileáil le heasnaimh arna …

Is dócha go mbeidh bearta maoirseachta a bhfuil sé mar aidhm leo déileáil le heasnaimh arna sainaithint sa mheasúnú ar riosca don mhargadh agus sna socruithe gaolmhara bainistíochta agus rialaithe ar a cheangal ar an ngnólacht infheistíochta leibhéal an riosca bhunúsaigh a laghdú nó socruithe bainistíochta agus rialaithe a neartú.

395. De réir Airteagal 39(2), pointe (b) de Threoir (AE) 2019/2034, féadfaidh údaráis inniúla a …

De réir Airteagal 39(2), pointe (b) de Threoir (AE) 2019/2034, féadfaidh údaráis inniúla a cheangal ar an ngnólacht infheistíochta déileáil leis na heasnaimh arna sainaithint maidir le cumas an ghnólachta infheistíochta riosca don mhargadh a shainaithint, a thomhas, a mhonatóiriú agus a rialú, trí:

  • a. a áirithiú go léirítear i riosca don mhargadh an ghnólachta infheistíochta inghlacthacht an ghnólachta infheistíochta do riosca don mhargadh agus go bhfuil sé comhsheasmhach leis an inghlacthacht riosca foriomlán;
  • b. a cheangal go bhfuil creat eagraíochtúil oiriúnach bunaithe mar aon le dóthain acmhainní daonna (cáilíochtúla agus cainníochtúla) agus teicniúla;
  • c. feabhas a chur ar fheidhmíocht chuir chuige inmheánacha an ghnólachta infheistíochta, nó a chumas cúltástála nó tástála struis;
  • d. feabhas a chur ar cháilíocht agus ar mhinicíocht an tuairiscithe chuig comhlacht bainistíochta agus foireann bhainistíochta shinsearach an ghnólachta infheistíochta; agus/nó
  • e. iniúchtaí inmheánacha níos minice agus mionsonraithe a cheangal agus tagairt a dhéanamh don riosca don mhargadh agus an ceanglas maidir le cistí dílse breise a ríomh.
396. De réir Airteagal 39(2), pointe (e) de Threoir (AE) 2019/2034, féadfaidh údaráis inniúla: a. …

De réir Airteagal 39(2), pointe (e) de Threoir (AE) 2019/2034, féadfaidh údaráis inniúla:

  • a. srian a chur ar infheistíocht i dtáirgí áirithe nuair nach n-áirithíonn beartais agus nósanna imeachta an ghnólachta infheistíochta go ndéanfar an riosca ó na táirgí sin a chlúdach agus a rialú go leordhóthanach;

123

  • b. ceangal a chur ar an ngnólacht infheistíochta plean a thíolacadh chun a neamhchosaintí ar shócmhainní anásta agus/nó ar shuíomhanna neamhleachtacha a laghdú de réir a chéile; agus/nó
  • c. a cheangal go mbeidh táirgí airgeadais á ndífheistiú, lena n-áirítear áit nach dtáirgeann próisis luachála an ghnólachta infheistíochta luachálacha coimeádacha.
397. De réir Airteagal 39(2), pointe (f) de Threoir (AE) 2019/2034, féadfaidh údaráis inniúla: a. a …

De réir Airteagal 39(2), pointe (f) de Threoir (AE) 2019/2034, féadfaidh údaráis inniúla:

  • a. a cheangal ar an ngnólacht infheistíochta leibhéal bunúsach an riosca don mhargadh a laghdú (trí fhálú nó díol sócmhainní); agus/nó
  • b. ceangal a chur ar an ngnólacht infheistíochta méid na ndíorthach a shocraítear trí chontrapháirtithe lárnacha (CCPanna) a mhéadú.

Riosca don ghnólacht

398. Is dócha go ndíreoidh bearta maoirseachta a bhfuil sé mar aidhm leo déileáil le heasnaimh arna …

Is dócha go ndíreoidh bearta maoirseachta a bhfuil sé mar aidhm leo déileáil le heasnaimh arna sainaithint sa mheasúnú ar an riosca don ghnólacht agus sna socruithe gaolmhara bainistíochta agus rialaithe ar cheangal a chur ar an ngnólacht infheistíochta leibhéal an riosca bhunúsaigh a laghdú nó socruithe bainistíochta agus rialaithe a neartú.

399. De réir Airteagal 39(2), pointe (b) de Threoir (AE) 2019/2034, féadfaidh údaráis inniúla: a. a …

De réir Airteagal 39(2), pointe (b) de Threoir (AE) 2019/2034, féadfaidh údaráis inniúla:

  • a. a áirithiú go léirítear go cuí i straitéis riosca an ghnólachta infheistíochta inghlacthacht an ghnólachta infheistíochta don riosca don ghnólacht lena n-áirítear sreabhadh trádála laethúil, comhchruinniú agus mainneachtain contrapháirtí, agus go bhfuil sé comhsheasmhach leis an inghlacthacht riosca foriomlán;
  • b. a cheangal go bhfuil creat eagraíochtúil oiriúnach bunaithe mar aon le dóthain acmhainní daonna (cáilíochtúla agus cainníochtúla) agus teicniúla;
  • c. a cheangal ar an ngnólacht infheistíochta deis a thabhairt don chomhlacht bainistíochta nó dá choistí ról níos gníomhaí a bheith aige i mbainistíocht an riosca don ghnólacht;
  • d. a cheangal ar an ngnólacht infheistíochta breithniú a dhéanamh ar riosca don ghó bunúsach nuair a bhíonn táirgí agus córais nua á bhformheas;
  • e. a cheangal ar an gnólacht infheistíochta sainaithint riosca oibriúcháin a fheabhsú (a bhaineann le sreabhadh trádála laethúil) agus córais tomhais; agus/nó
  • f. na meastacháin inmheánacha maidir le méid an K-fhachtóra don riosca don ghnólacht a choigeartú agus an ceanglas maidir le cistí dílse breise a ríomh.

124

400. De réir Airteagal 39(2), pointe (e) agus (f) de Threoir (AE) 2019/2034, féadfaidh údaráis …

De réir Airteagal 39(2), pointe (e) agus (f) de Threoir (AE) 2019/2034, féadfaidh údaráis inniúla:

  • a. a cheangal ar an ngnólacht infheistíochta an gnó, na hoibríochtaí nó líonra na ngnólachtaí infheistíochta a theorannú nó a shrianadh (an riosca comhchruinnithe nó an neamhchosaint ar riosca mainneachtana an chontrapháirtí trádála a laghdú);
  • b. dífheistiú gníomhaíochtaí a chruthaíonn riosca iomarcach d'fhóntacht an ghnólachta infheistíochta a cheangal;
  • c. a cheangal ar an ngnólacht infheistíochta raon feidhme agus/nó réim na ngníomhaíochtaí seachfhoinsithe a laghdú lena n-áirítear athstruchtúrú nó éirí as socruithe seachfhoinsithe agus aistriú chuig soláthraí seirbhíse eile;
  • d. a cheangal ar an ngnólacht infheistíochta neamhchosaintí ar riosca don ghnólacht a mhaolú;
  • e. gnó, oibríochtaí nó líonra gnólachtaí infheistíochta a shrianadh nó a theorannú nó dífheistiú gníomhaíochtaí a chruthaíonn rioscaí iomarcacha d'fhóntacht gnólacht infheistíochta a iarraidh;
  • f. a cheangal go laghdófar an riosca bunúsach a bhaineann le gníomhaíochtaí, táirgí agus córais gnólachtaí infheistíochta, lena n-áirítear na rioscaí ML/TF a bhfuil impleachtaí stuamachta acu.

Rioscaí eile do chaipiteal

401. Gan beann ar an gceanglas cistí dílse breise a shealbhú de bhua Airteagal 39(1), pointe (a) de …

Gan beann ar an gceanglas cistí dílse breise a shealbhú de bhua Airteagal 39(1), pointe

  • (a) de Threoir (AE) 2019/2034, ba cheart d'údaráis inniúla breithniu a dhéanamh ar bhearta maoirseachta a chur i bhfeidhm sa chás go bhfuil fianaise maidir le heasnaimh i dtomhas, bainistíocht, monatóiriú agus rialú riosca oibriúcháin an ghnólachta infheistíochta le fáil i dtorthaí SREP nó gníomhaíochtaí maoirseachta eile, lena n-áirítear go háirithe riosca TFC, riosca ráta úis ag eascairt as gníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála nó aon riosca eile atá ábhartha don ghnólacht infheistíochta.

Riosca leachtachta

402. De réir Airteagal 39(2), pointe (k) de Threoir (AE) 2019/2034, féadfaidh údaráis inniúla: a. …

De réir Airteagal 39(2), pointe (k) de Threoir (AE) 2019/2034, féadfaidh údaráis inniúla:

  • a. éagsúla idir an maolán leachtachta agus comhsheasmhacht airgeadra idir sócmhainní leachtacha agus glan-eis-sreafaí a cheangal;
  • b. ceanglais a fhorchur maidir le comhchruinniú na sócmhainní leachtacha arna sealbhú, lena n-áirítear:
•125 ceanglais maidir le comhdhéanamh phróifíl sócmhainní leachtacha an ghnólachta infheistíochta i ndáil le haicmí sócmhainní, airgeadraí; agus/nó
•caidhpeanna, teorainneacha nó srianta ar chomhchruinnithe maoinithe;
c. srianta a ghearrthéarmacha:fhorchur ar neamhréireanna aibíochta conarthacha nó iompair
•teorainneacha ar neamhréireanna aibíochta (in eatraimh ama shonracha);
•teorainneacha ar íostréimhsí marthanais; agus/nó
•teorainneacha ar spleáchas ar fhoinsí maoinithe gearrthéarmacha áirithe, amhail maoiniú ón margadh airgid.
403. De réir Airteagal 39(2), pointe (b) de Threoir (AE) 2019/2034, féadfaidh údaráis inniúla a …

De réir Airteagal 39(2), pointe (b) de Threoir (AE) 2019/2034, féadfaidh údaráis inniúla a cheangal go ndéanfar beart chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh arna sainaithint maidir le cumas an ghnólachta infheistíochta riosca leachtachta a shainaithint, a thomhas, a mhonatóiriú agus a rialú, trí:

  • a. feabhas a chur ar a acmhainn tástála struis chun feabhas a chur ar a chumas foinsí ábhartha riosca leachtachta don ghnólacht infheistíochta a shainaithint agus a chainníochtú;
  • b. a chumas airgead a chruthú óna shócmhainní leachtacha;
  • c. a phlean teagmhais leachtachta agus a chreat táscairí luathrabhaidh leachtachta a fheabhsú; agus/nó
  • d. tuairisciú faisnéise bainistíochta leachtachta do chomhlacht bainistíochta agus foireann bhainistíochta shinsearach an ghnólachta infheistíochta a fheabhsú.
404. De réir Airteagal 39(2), pointe (k) de Threoir (AE) 2019/2034, d'fhéadfadh údaráis inniúla a …

De réir Airteagal 39(2), pointe (k) de Threoir (AE) 2019/2034, d'fhéadfadh údaráis inniúla a cheangal go ndéanfar beart chun próifíl mhaoinithe an ghnólachta infheistíochta a leasú, lena n-áirítear:

  • a. a spleáchas ar mhargaí maoinithe áirithe (a d’fhéadfadh a bheith luaineach) a laghdú, amhail maoiniú mórdhíola;
  • b. comhchruinniú a phróifíle maoinithe a laghdú i ndáil le contrapháirtithe, buaicphointí sa phróifíl aibíochta fadtéarmach, (neamhréireanna in) airgeadraí; agus/nó
  • c. méid na sócmhainní faoi eire a laghdú, agus difríocht a dhéanamh b'fhéidir idir an t-eire iomlán agus ró-chomhthaobhacht.

126

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/