+33. I gcás ina nglacann institiúidí creidmheasa agus airgeadais le hatáirgeadh de bhundoiciméad …
|
33. I gcás ina nglacann institiúidí creidmheasa agus airgeadais le hatáirgeadh de bhundoiciméad …
I gcás ina nglacann institiúidí creidmheasa agus airgeadais le hatáirgeadh de bhundoiciméad agus nach scrúdaíonn siad an bundoiciméad, ba cheart dóibh bearta a dhéanamh chun a chinntiú go bhfuil an atáirgeadh iontaofa. Ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais na nithe seo a leanas ar a laghad a fháil amach: - a) má áirítear leis an atáirgeadh gnéithe slándála atá leabaithe sa bhundoiciméad agus má tá sonraíochtaí an bhundoiciméid atá á atáirgeadh bailí agus inghlactha, go háirithe cineál, méid na gcarachtar agus struchtúr an doiciméid, trí iad a chur i gcomparáid le bunachair shonraí oifigiúla, ar nós PRADO7 ;
- b) cibé ar athraíodh sonraí pearsanta nó ar cuireadh isteach orthu ar shlí eile nó, i gcás inarb infheidhme, cibé ar athsholáthraíodh an pictiúr den chliant a bhí leabaithe sa doiciméad;
- c) cibé an leor sláine an algartaim a úsáideadh chun uimhir aitheantais uathúil an bhundoiciméid a ghiniúint, i gcás inar eisíodh an doiciméad oifigiúil le crios meaisín-inléite (MRZ);
- d) cibé an leor cáilíocht agus sainiú an atáirgthe a sholáthraítear le cinntiú go bhfuil an fhaisnéis ábhartha gan débhrí;
- e) nár taispeánadh an atáirgeadh a soláthraíodh ar scáileán bunaithe ar ghrianghraf nó scanadh den bhundoiciméad aitheantais.
7 https://www.consilium.europa.eu/prado/en/prado-start-page.html
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|