+9. Creat rialaithe inmheánaigh
---+63. Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna cultúr a fhorbairt agus a choinneáil ar bun lena spreagtar …
---+64. Ba cheart creat rialaithe inmheánaigh eisitheoirí ARTanna lena mbaineann a oiriúnú ar bhonn …
---+65. Ba cheart go gcumhdófaí leis an gcreat rialaithe inmheánaigh an eagraíocht ina hiomláine, lena …
---+66. Le creat rialaithe inmheánaigh eisitheora ARTanna, ba cheart an méid seo a leanas a áirithiú …

9. Creat rialaithe inmheánaigh

9. Creat rialaithe inmheánaigh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
63. Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna cultúr a fhorbairt agus a choinneáil ar bun lena spreagtar …

Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna cultúr a fhorbairt agus a choinneáil ar bun lena spreagtar dearcadh dearfach i leith rialú agus comhlíonadh riosca laistigh den eisitheoir agus creat rialaithe inmheánaigh atá láidir agus cuimsitheach. Faoin gcreat sin, ba cheart d’eisitheoirí línte gnó nó aonaid inmheánaigh ARTanna a bheith freagrach as bainistiú a dhéanamh ar na rioscaí a thabhaíonn siad agus a ngníomhaíochtaí á ndéanamh acu agus ba cheart rialuithe a bheith i bhfeidhm acu arb é is aidhm dóibh comhlíonadh ceanglas inmheánach agus seachtrach a áirithiú. Mar chuid den chreat sin, ba cheart feidhm an chomhlíonta inmheánach bhuan agus éifeachtach a bheith ag eisitheoirí ARTanna ag a bhfuil údarás, stádas agus rochtain iomchuí agus leordhóthanach ar an gcomhlacht bainistíochta chun a mhisean a chomhlíonadh, mar aon le creat bainistíochta riosca. I gcás ina bhfuil sé comhréireach, agus na critéir a liostaítear i dTeideal I á gcur san áireamh, ba cheart feidhm inmheánach bainistíochta riosca agus iniúchóireachta a bheith ag eisitheoirí ART. I gcás ar bith, ba cheart d’eisitheoir ARTanna beartais agus nósanna imeachta iomchuí bainistíochta riosca agus iniúchóireachta a bheith i bhfeidhm aige.

64. Ba cheart creat rialaithe inmheánaigh eisitheoirí ARTanna lena mbaineann a oiriúnú ar bhonn …

Ba cheart creat rialaithe inmheánaigh eisitheoirí ARTanna lena mbaineann a oiriúnú ar bhonn aonair do shainiúlacht a ghnó, dá chastacht agus do na rioscaí gaolmhara, agus comhthéacs an ghrúpa á chur san áireamh, i gcás inarb infheidhme. Laistigh de chomhthéacs grúpa, ba cheart d’eisitheoir ARTanna lena mbaineann malartú na faisnéise is gá a eagrú ar bhealach lena n-áirithítear go mbeidh gach comhlacht bainistíochta, gach réim ghnó agus gach aonad inmheánach, lena n-áirítear gach feidhm rialaithe inmheánaigh, in ann a dhualgais a chur i gcrích.

65. Ba cheart go gcumhdófaí leis an gcreat rialaithe inmheánaigh an eagraíocht ina hiomláine, lena …

Ba cheart go gcumhdófaí leis an gcreat rialaithe inmheánaigh an eagraíocht ina hiomláine, lena n-áirítear freagrachtaí agus cúraimí an chomhlachta bainistíochta, agus gníomhaíochtaí na línte gnó agus na n-aonad inmheánach uile, lena n-áirítear feidhmeanna rialaithe inmheánaigh, úsáid soláthraithe tríú páirtí agus bealaí dáileacháin.

66. Le creat rialaithe inmheánaigh eisitheora ARTanna, ba cheart an méid seo a leanas a áirithiú …

Le creat rialaithe inmheánaigh eisitheora ARTanna, ba cheart an méid seo a leanas a áirithiú:

  • a. oibríochtaí éifeachtacha agus éifeachtúla lena n-áirítear maidir le heisiúint ARTanna;
  • b. sainaithint, tomhas agus maolú leordhóthanach rioscaí, lena n-áirítear riosca oibriúcháin agus riosca a bhaineann le TFC i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2554;
  • c. iontaofacht na faisnéise airgeadais agus neamhairgeadais a thuairiscítear go hinmheánach agus go seachtrach araon;
  • d. nósanna imeachta fónta riaracháin agus cuntasaíochta; agus
  • e. comhlíonadh dlíthe, rialachán, ceanglas maoirseachta agus beartais, próisis, rialacha agus cinntí inmheánacha eisitheoir ARTanna.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/