+4.1 Comaoin chomhréireachta
---+12. D’fhonn a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis atá le soláthar i bplean téarnaimh, a formáid agus a …
---+13. Chun an mhír roimhe seo a chur i bhfeidhm, ba cheart d’eisitheoirí agus d’údaráis inniúla na …
---+14. Chun prionsabal na comhréireachta a chur i bhfeidhm, ba cheart d’eisitheoirí comharthaí a …
|
4.1 Comaoin chomhréireachta
4.1 Comaoin chomhréireachta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
12. D’fhonn a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis atá le soláthar i bplean téarnaimh, a formáid agus a …
|
D’fhonn a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis atá le soláthar i bplean téarnaimh, a formáid agus a hathbhreithniú ag údaráis inniúla comhsheasmhach leis an bpróifíl riosca aonair, le cineál agus samhail ghnó an eisitheora ARTanna nó EMTanna agus le scála agus castacht a ghníomhaíochtaí, ba cheart d’eisitheoirí agus d’údaráis inniúla aird a thabhairt ar phrionsabal na comhréireachta agus pleananna téarnaimh á dtarraingt suas nó á measúnú acu.
|
|
13. Chun an mhír roimhe seo a chur i bhfeidhm, ba cheart d’eisitheoirí agus d’údaráis inniúla na …
|
Chun an mhír roimhe seo a chur i bhfeidhm, ba cheart d’eisitheoirí agus d’údaráis inniúla na critéir uile seo a leanas a chur san áireamh: - a. méid, castacht, cineál agus samhail ghnó an eisitheora;
- b. aicmiú an chomhartha sócmhainn-tagartha nó an chomhartha ríomh-airgid a eisítear mar chomhartha suntasach de bhun Airteagail 43 agus 44 agus Airteagail 56 agus 57 de Rialachán (AE) 2023/1114;
- c. i gcás eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha: méid, luaineacht, comhdhéanamh, comhchruinniú agus cineál na gcúlsócmhainní agus an chomhartha sócmhainn-tagartha féin;
- d. i gcás eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid: méid, luaineacht, comhdhéanamh agus comhchruinniú na sócmhainní atá mar thaca do na cistí a fuarthas;
- e. tábhacht agus próifílí riosca soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a úsáidtear chun na seirbhísí a bhaineann leis na comharthaí sócmhainn-tagartha nó leis na comharthaí ríomh-airgid eisithe ag an eisitheoir faoi seach a chur ar fáil;
- f. tábhacht agus próifílí riosca líonraí DLT a úsáideann an t-eisitheoir faoi seach chun comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid a eisiúint tríothu;
- g. próifíl riosca soláthraithe tríú páirtí seachas soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní agus líonraí DLT a sholáthraíonn seirbhís TFC shuntasach nó chriticiúil don eisitheoir faoi seach.
|
|
14. Chun prionsabal na comhréireachta a chur i bhfeidhm, ba cheart d’eisitheoirí comharthaí a …
|
Chun prionsabal na comhréireachta a chur i bhfeidhm, ba cheart d’eisitheoirí comharthaí a aicmítear mar chomharthaí suntasacha na ceanglais a leagtar amach i mír 62 a chur i bhfeidhm ar bhonn bliantúil ar a laghad agus gach catagóir táscairí plean téarnaimh a leagtar síos i míreanna 29 agus 30 a áireamh ina bplean téarnaimh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|