+13. Chun an mhír roimhe seo a chur i bhfeidhm, ba cheart d’eisitheoirí agus d’údaráis inniúla na …

13. Chun an mhír roimhe seo a chur i bhfeidhm, ba cheart d’eisitheoirí agus d’údaráis inniúla na …

Chun an mhír roimhe seo a chur i bhfeidhm, ba cheart d’eisitheoirí agus d’údaráis inniúla na critéir uile seo a leanas a chur san áireamh:

  • a. méid, castacht, cineál agus samhail ghnó an eisitheora;
  • b. aicmiú an chomhartha sócmhainn-tagartha nó an chomhartha ríomh-airgid a eisítear mar chomhartha suntasach de bhun Airteagail 43 agus 44 agus Airteagail 56 agus 57 de Rialachán (AE) 2023/1114;
  • c. i gcás eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha: méid, luaineacht, comhdhéanamh, comhchruinniú agus cineál na gcúlsócmhainní agus an chomhartha sócmhainn-tagartha féin;
  • d. i gcás eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid: méid, luaineacht, comhdhéanamh agus comhchruinniú na sócmhainní atá mar thaca do na cistí a fuarthas;
  • e. tábhacht agus próifílí riosca soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a úsáidtear chun na seirbhísí a bhaineann leis na comharthaí sócmhainn-tagartha nó leis na comharthaí ríomh-airgid eisithe ag an eisitheoir faoi seach a chur ar fáil;
  • f. tábhacht agus próifílí riosca líonraí DLT a úsáideann an t-eisitheoir faoi seach chun comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid a eisiúint tríothu;
  • g. próifíl riosca soláthraithe tríú páirtí seachas soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní agus líonraí DLT a sholáthraíonn seirbhís TFC shuntasach nó chriticiúil don eisitheoir faoi seach.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/