+Raon feidhme
---+2. Tá feidhm ag na Treoirlínte seo tráth an údaraithe agus ar bhonn leanúnach maidir le húdaráis …
---+3. Tá an measúnú oiriúnachta bunaithe ar an gceanglas nach mór do chomhaltaí chomhlacht …

Raon feidhme

Raon feidhme

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
2. Tá feidhm ag na Treoirlínte seo tráth an údaraithe agus ar bhonn leanúnach maidir le húdaráis …

Tá feidhm ag na Treoirlínte seo tráth an údaraithe agus ar bhonn leanúnach maidir le húdaráis inniúla, mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3(1), pointe (35)(a) de MiCA, le heisitheoirí ARTanna agus CASPanna3 , i gcomhréir le hAirteagal 34(2) agus Airteagal 68(1) de MiCA maidir leis an measúnú ar oiriúnacht chomhaltaí chomhlacht bainistíochta

  • a. eisitheoir ARTanna is iarratasóir atá ag lorg údarú faoi Airteagal 18 de MiCA nó arna údarú i gcomhréir le hAirteagal 21 den Rialachán sin (“eisitheoir ART” chun críocha na dTreoirlínte seo),
  • b. CASP is iarratasóir atá ag lorg údarú faoi Airteagal 62 de MiCA, nó CASP arna údarú i gcomhréir le hAirteagal 63 den Rialachán sin (“CASP” chun críocha na dTreoirlínte seo), nó, le tagairt d’Airteagal 68(1) de MiCA, a sholáthraíonn seirbhísí criptea-shócmhainní mar chuid dá n-údarú i gcomhréir le míreanna (2), (4), (5) agus (6) d’Airteagal 60 de MiCA.
3. Tá an measúnú oiriúnachta bunaithe ar an gceanglas nach mór do chomhaltaí chomhlacht …

Tá an measúnú oiriúnachta bunaithe ar an gceanglas nach mór do chomhaltaí chomhlacht bainistíochta eisitheoirí ARTanna agus CASPanna na critéir a leagtar amach in Airteagal 34(2) agus Airteagal 68(1) faoi seach a chomhlíonadh, lena bhforáiltear go mbeidh dea-cháil leordhóthanach ar chomhaltaí den chomhlacht bainistíochta agus go mbeidh siad in ann am leordhóthanach a ghealladh chun a ndualgais a chomhlíonadh go héifeachtach chomh maith le measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil an t-eolas, na scileanna agus an taithí is iomchuí ina n-aonar agus i dteannta a chéile ag comhaltaí den chomhlacht bainistíochta chun a ndualgais a chomhlíonadh. Is gá nach raibh comhaltaí chomhlacht bainistíochta eisitheoirí ARTanna agus CASPanna ciontaithe i gcionta a bhaineann le sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta ná in aon chionta eile a dhéanfadh dochar dá ndea-cháil. Áirítear ar chomhaltaí den chomhlacht bainistíochta a bhfuil measúnú le déanamh orthu daoine a bheidh ina gcomhaltaí de chomhlacht bainistíochta eisitheora ARTanna nó CASP agus comhaltaí a bhfuil a bpost glactha acu cheana féin. I gcás ina bhfuil feidhm bhainistíochta agus

3 De réir Airteagal 60(10) de Rialachán (AE) 2023/1114, níl na heintitis a liostaítear in Airteagal 60, míreanna (1) go (6) faoi réir Airteagal 63 de Rialachán (AE) 2023/1114, i measc nithe eile. mhaoirseachta sa chomhlacht bainistíochta, tá feidhm ag na Treoirlínte seo maidir le feidhmeanna agus comhaltaí an dá fheidhm araon4 .)


4 In Airteagal 3(1), pointe 27 de Rialachán (AE) 2023/1114, sainmhínítear an comhlacht bainistíochta mar ‘comhlacht nó comhlachtaí eisitheora, tairgeora nó duine atá ag iarraidh dul isteach le hagahidh trádála, nó soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní, a cheaptar i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a bhfuil sé de chumhacht acu straitéis, cuspóirí agus treo foriomlán an eintitis a shocrú, agus a dhéanann maoirseacht agus faireachán ar chinnteoireacht na bainistíochta san eintiteas agus ina n-áirítear na daoine a stiúrann gnó an eintitis go héifeachtach’.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/