+4.3. Faisnéis a tharchur agus a fháil leis an aistriú i gcomhréir le hAirteagail 4 go 8, 10 go 12, 14 go 17 agus 19 go 21 de Rialachán (AE) 2023/1113
---+21. Ba cheart do SSInna, SSIInna, SSCSanna agus SSCSInna bonneagair agus seirbhísí a úsáid chun …
---+22. Ba cheart do SSInna, SSIInna, SSCSanna agus SSCSInna a áirithiú go bhfuil a gcórais in ann …
---+23. Ba cheart do SSInna, SSIInna, SSCSanna agus SSCSInna a áirithiú go bhfuil na córais a úsáideann …
---+24. Féadfaidh SSCSanna agus SSCSanna, de mhaolú ar mhír 21 agus go dtí an 31 Iúil 2025, bonneagair …
---+25. Agus faisnéis á tarchur i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2023/1113, ba cheart do …
---+26. Agus an córas teachtaireachtaí nó an córas íocaíochta agus socraíochta nó na córais íocaíochta …
---+27. Ba cheart do SSInna agus SSIInna lena gcumasaítear aistrithe a dhéanamh le dhá SSII nó ní ba …
---+28. I gcás aistrithe nach ndearnadh baisc díobh, ba cheart do SSI nó SSII an méid seo a leanas a …
---+29. Níl SSIInna freagrach ach as dul tríd an teachtaireacht íocaíochta agus úsáid á baint as na …
---+30. Níor cheart do SSInna ná SSIInna déileáil le haistriú ón íocóir chuig an íocaí mar ghluaiseacht …
---+31. I gcás nach bhfaigheann an t-idirghabhálaí an fhaisnéis is gá a bhaineann le haistriú, go …
|
4.3. Faisnéis a tharchur agus a fháil leis an aistriú i gcomhréir le hAirteagail 4 go 8, 10 go 12, 14 go 17 agus 19 go 21 de Rialachán (AE) 2023/1113
4.3.1. Córais teachtaireachtaí nó córais íocaíochta agus socraíochta Aistriú cistí agus cripteashócmhainní
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
21. Ba cheart do SSInna, SSIInna, SSCSanna agus SSCSInna bonneagair agus seirbhísí a úsáid chun …
|
Ba cheart do SSInna, SSIInna, SSCSanna agus SSCSInna bonneagair agus seirbhísí a úsáid chun faisnéis a tharchur agus a fháil atá inniúil go teicniúil ar fhaisnéis a tharchur agus a fháil ina hiomláine gan bhearnaí ná earráidí i gcur i láthair na faisnéise mar a shonraítear sna Treoirlínte seo.
|
|
22. Ba cheart do SSInna, SSIInna, SSCSanna agus SSCSInna a áirithiú go bhfuil a gcórais in ann …
|
Ba cheart do SSInna, SSIInna, SSCSanna agus SSCSInna a áirithiú go bhfuil a gcórais in ann sláine sonraí a choinneáil ar bun, go háirithe i gcás inar gá faisnéis a thiontú go formáid dhifriúil sula ndéanfar í a tharchur nó tar éis í a fháil. Ba cheart go n athródh SSInna, SSIInna, SSCSanna agus SSCSInna nach féidir leo a áirithiú go bhfuil a gcórais in ann an fhaisnéis a tharchur, a fháil nó a ‑ thiontú gan earráid nó easnamh go córas atá in ann é sin a dhéanamh.
|
|
23. Ba cheart do SSInna, SSIInna, SSCSanna agus SSCSInna a áirithiú go bhfuil na córais a úsáideann …
|
Ba cheart do SSInna, SSIInna, SSCSanna agus SSCSInna a áirithiú go bhfuil na córais a úsáideann siad chun faisnéis a aistriú slán. Ba cheart do SSCSanna an treoir a thugtar do SSInna i dTreoirlínte ÚBE maidir le TFC agus bainistiú riosca slándála agus i dTreoirlínte ÚBE maidir le socruithe seachfhoinsithe a6 chur i bhfeidhm freisin.7 Aistriú cripteashócmhainní
6 ÚBE/GL/2019/04 7 ÚBE/GL/2019/02
|
|
24. Féadfaidh SSCSanna agus SSCSanna, de mhaolú ar mhír 21 agus go dtí an 31 Iúil 2025, bonneagair …
|
Féadfaidh SSCSanna agus SSCSanna, de mhaolú ar mhír 21 agus go dtí an 31 Iúil 2025, bonneagair nó seirbhísí a úsáid go heisceachtúil i gcás inar gá teorainneacha teicniúla maidir le hiomláine na sonraí a chúiteamh trí chéimeanna teicniúla breise nó trí shocruithe chun na Treoirlínte seo a chomhlíonadh go hiomlán. Ba cheart a áireamh ar na nósanna imeachta breise sin ar a laghad sásraí malartacha chun an fhaisnéis nach féidir a tharchur de bharr teorainneacha teicniúla a bhailiú, a choinneáil agus a chur ar fáil do SSCS fála nó ISSCS fála sa slabhra aistrithe.
|
|
25. Agus faisnéis á tarchur i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2023/1113, ba cheart do …
|
Agus faisnéis á tarchur i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2023/1113, ba cheart do SSCS agus SSCSI an tionscnóra an méid seo a leanas a dhéanamh: - a) an fhaisnéis a tharchur mar chuid den aistriú ar an mblocshlabhra nó ar ardán teicneolaíochta mórleabhar dáilte eile, nó í a ionchorprú san aistriú sin, nó go neamhspleách trí bhealaí cumarsáide éagsúla – lena n áirítear trí chumarsáid dhíreach idir SSCSanna, comhéadain ríomhchláraithe feidhmchlár (APInna), réiteach cód a ritheann anuas ar an mblocshlabhra agus réitigh tríú páirtí ‑ eile; agus
- b) an fhaisnéis riachtanach a tharchur láithreach agus go slán agus tráth nach déanaí ná tús an idirbhirt bhlocshlabhra.
|
|
26. Agus an córas teachtaireachtaí nó an córas íocaíochta agus socraíochta nó na córais íocaíochta …
|
Agus an córas teachtaireachtaí nó an córas íocaíochta agus socraíochta nó na córais íocaíochta agus socraíochta á roghnú, ba cheart do SSCSanna agus SSCSInna bearta comhréireacha atá íogair ó thaobh riosca de a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar an méid seo a leanas: - a) cumas an chórais cumarsáid a dhéanamh le croíchórais inmheánacha eile agus le córais teachtaireachtaí nó íocaíochta agus socraíochta contrapháirtí aistrithe, agus a chomhoiriúnacht le líonraí blocshlabhra eile;
- b) inrochtaineacht an phrótacail (i.e. éagsúlacht agus cruinneas na gcontrapháirtithe is féidir a bhaint amach trí úsáid a bhaint as an bprótacal – faoi réir mheasúnú díchill chuí SSCS féin – agus ráta na n aistrithe a sheolfaí go rathúil chuig an tairbhí atá beartaithe nó a gheofaí ón tionscnóir); ‑
- c) conas a chuireann an córas ar chumas SSCS nó SSCSI aistriú ina bhfuil faisnéis atá ar iarraidh nó neamhiomlán a bhrath;
- d) cumais chomhtháthaithe sonraí, slándáil sonraí agus iontaofacht sonraí an chórais.
4.3.2. Idirmheánú agus aistrithe trasteorann Aistriú cistí
|
|
27. Ba cheart do SSInna agus SSIInna lena gcumasaítear aistrithe a dhéanamh le dhá SSII nó ní ba …
|
Ba cheart do SSInna agus SSIInna lena gcumasaítear aistrithe a dhéanamh le dhá SSII nó ní ba mhó ná sin ar bhonn trasteorann tuairisc a thabhairt ina mbeartais agus ina nósanna imeachta ar an gcaoi a dtarchuirtear an fhaisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí feadh an tslabhra aistrithe chuig an gcéad SSI eile agus SSII sa slabhra aistrithe.
|
|
28. I gcás aistrithe nach ndearnadh baisc díobh, ba cheart do SSI nó SSII an méid seo a leanas a …
|
I gcás aistrithe nach ndearnadh baisc díobh, ba cheart do SSI nó SSII an méid seo a leanas a dhéanamh: - a) an slabhra aistrithe (ó dheireadh go deireadh) a mheas mar shlabhra aistrithe lena gcaomhnaítear sreabhadh na faisnéise faoin mbuníocóir agus faoin mbuníocaí;
- b) i gcás ina ndéantar an t-aistriú ó bhealach trasteorann chuig bealach intíre, an córas intíre a roghnú lena n uasmhéadaítear trédhearcacht chineál trasteorann an aistrithe agus lena n áirithítear gur féidir le gach SSII agus/nó tairbhí an fhaisnéis faoi na páirtithe a tharchuirtear chuig an ‑ gcéad SSI eile sa slabhra íocaíochta a thuiscint go héasca; ‑
- c) i gcásanna amhrais, glac leis gur aistriú trasteorann é an t-aistriú, as a n eascraíonn úsáid bealaí íocaíochta iomchuí a d’fhéadfadh an tarchur faisnéise is gá a éascú. ‑
|
|
29. Níl SSIInna freagrach ach as dul tríd an teachtaireacht íocaíochta agus úsáid á baint as na …
|
Níl SSIInna freagrach ach as dul tríd an teachtaireacht íocaíochta agus úsáid á baint as na sonraí a chuir SSI/SSII roimhe seo ar fáil dóibh sa slabhra aistrithe, faoi réir na seiceála sonraí a cheanglaítear le hAirteagail 10 go 13 de Rialachán (AE) 2023/1113.
|
|
30. Níor cheart do SSInna ná SSIInna déileáil le haistriú ón íocóir chuig an íocaí mar ghluaiseacht …
|
Níor cheart do SSInna ná SSIInna déileáil le haistriú ón íocóir chuig an íocaí mar ghluaiseacht leachtachta nó mar shocraíocht ar chuntas SSI agus SSII féin. Aistriú cistí agus cripteashócmhainní
|
|
31. I gcás nach bhfaigheann an t-idirghabhálaí an fhaisnéis is gá a bhaineann le haistriú, go …
|
I gcás nach bhfaigheann an t-idirghabhálaí an fhaisnéis is gá a bhaineann le haistriú, go háirithe i gcás baisc-aistrithe, ba cheart do SSII nó SSCSI an fhaisnéis atá in easnamh a fháil trí shásra cainéil mhalartaigh, lena n áirítear modhanna amhail APInna agus réitigh tríú páirtí, chun na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2023/1113 a chomhlíonadh. ‑
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|