+4.2 Comhréireacht, minicíocht agus formáid
---+16. Chun cur i bhfeidhm comhréireach na dTreoirlínte a áirithiú, ba cheart do na húdaráis inniúla …
---+17. Féadfaidh údaráis inniúla a cheangal ar eisitheoirí ar lú a luach eisiúna ná EUR 100 000 000 na …
---+18. Ba cheart d’eisitheoirí an fhaisnéis a leagtar síos i mír 10, mír 11, mír 12 agus mír 13 de na …
---+19. Chun críocha tuairiscithe de réir mhír 15, cuirfear an fhaisnéis a áirítear i mír 10, mír 11 …
---+20. Ba cheart gurb é an 30 Meitheamh 2025 an chéad dáta tagartha chun an fhaisnéis atá i dteimpléad …
---+21. Ba cheart gurb é an chéad dáta tagartha chun an fhaisnéis a áirítear i dteimpléad S 01.00 …
---+22. De mhaolú ar mhír 18, ba cheart gurb é an 1 Meán Fómhair 2025 an dáta íocaíochta chun na …
---+23. Is é a bheidh sa dáta tagartha deireanach an dáta a chomhfhreagraíonn don tríú ráithe as a …
---+24. Ba cheart d’eisitheoirí an fhaisnéis dá dtagraítear sna Treoirlínte seo a chur isteach sna …

4.2 Comhréireacht, minicíocht agus formáid

4.2 Comhréireacht, minicíocht agus formáid

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
16. Chun cur i bhfeidhm comhréireach na dTreoirlínte a áirithiú, ba cheart do na húdaráis inniúla …

Chun cur i bhfeidhm comhréireach na dTreoirlínte a áirithiú, ba cheart do na húdaráis inniúla an fhaisnéis a leagtar síos i dteimpléad S 01.00, teimpléad S 02.00, teimpléad S 03.01, teimpléad S 03.02, teimpléad S 04.01, teimpléad S 04.02, teimpléad S 04.03 agus teimpléad S 04.04 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2902 ón gCoimisiún a bhailiú ó eisitheoirí EMTanna atá ainmnithe in airgeadra ar airgeadra oifigiúil Ballstáit é, agus i dteimpléad S 03.03, teimpléad S 10.01, teimpléad S 10.02 agus teimpléad S 10.03 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Treoirlínte seo ó eisitheoirí ARTanna agus EMTanna a bhfuil luach eisiúna níos airde ná EUR 100 000 000 acu.

17. Féadfaidh údaráis inniúla a cheangal ar eisitheoirí ar lú a luach eisiúna ná EUR 100 000 000 na …

Féadfaidh údaráis inniúla a cheangal ar eisitheoirí ar lú a luach eisiúna ná EUR 100 000 000 na sonraí a áirítear sna teimpléid a luaitear sa mhír roimhe seo a thuairisciú. I gcásanna den sórt sin, ba cheart d’eisitheoirí na teimpléid agus na treoracha céanna a úsáid mar a leagtar síos in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II a ghabhann leis na Treoirlínte seo agus in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2902 ón gCoimisiún.

18. Ba cheart d’eisitheoirí an fhaisnéis a leagtar síos i mír 10, mír 11, mír 12 agus mír 13 de na …

Ba cheart d’eisitheoirí an fhaisnéis a leagtar síos i mír 10, mír 11, mír 12 agus mír 13 de na Treoirlínte seo a chur isteach ar bhonn ráithiúil, ar na dátaí tagartha agus íocaíochta seo a leanas:

  • a. dátaí tagartha ráithiúla maidir le tuairisciú: 31 Márta, 30 Meitheamh, 30 Meán Fómhair agus 31 Nollaig;
  • b. dátaí íocaíochta ráithiúla maidir le tuairisciú: 12 Bealtaine, 11 Lúnasa, 11 Samhain agus 11 Feabhra.
19. Chun críocha tuairiscithe de réir mhír 15, cuirfear an fhaisnéis a áirítear i mír 10, mír 11 …

Chun críocha tuairiscithe de réir mhír 15, cuirfear an fhaisnéis a áirítear i mír 10, mír 11, mír 12 agus mír 13 de na Treoirlínte seo faoi bhráid ÚBE ar bhonn ráithiúil, ar na dátaí tagartha agus íocaíochta céanna a leagtar síos sa mhír roimhe seo.

20. Ba cheart gurb é an 30 Meitheamh 2025 an chéad dáta tagartha chun an fhaisnéis atá i dteimpléad …

Ba cheart gurb é an 30 Meitheamh 2025 an chéad dáta tagartha chun an fhaisnéis atá i dteimpléad S 09.01 agus i dteimpléad S 09.02 d’Iarscríbhinn I a thuairisciú.

21. Ba cheart gurb é an chéad dáta tagartha chun an fhaisnéis a áirítear i dteimpléad S 01.00 …

Ba cheart gurb é an chéad dáta tagartha chun an fhaisnéis a áirítear i dteimpléad S 01.00, teimpléad S 02.00, teimpléad S 03.01, teimpléad S 03.02, teimpléad S 04.01, teimpléad S 04.02, teimpléad S 04.03 agus teimpléad S 04.04 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2902 ón gCoimisiún a thuairisciú d’eisitheoirí EMTanna arna n-ainmniú in airgeadra ar airgeadra oifigiúil de chuid Ballstáit é, agus i dteimpléad S 03.03, teimpléad S 10.01, teimpléad S 10.02 agus teimpléad S 10.03 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Treoirlínte seo d’eisitheoirí ARTanna agus EMTanna, an ceann a chomhfhreagraíonn don ráithe ina bhfuil luach eisiúna an ART nó an EMT níos airde ná an tairseach dá dtagraítear i mír 16 nó inar cheangail an t-údarás inniúil ar eisitheoirí an fhaisnéis sin a thuairisciú.

22. De mhaolú ar mhír 18, ba cheart gurb é an 1 Meán Fómhair 2025 an dáta íocaíochta chun na …

De mhaolú ar mhír 18, ba cheart gurb é an 1 Meán Fómhair 2025 an dáta íocaíochta chun na teimpléid ina bhfuil an dáta tagartha an 30 Meitheamh 2025 a chur isteach.

23. Is é a bheidh sa dáta tagartha deireanach an dáta a chomhfhreagraíonn don tríú ráithe as a …

Is é a bheidh sa dáta tagartha deireanach an dáta a chomhfhreagraíonn don tríú ráithe as a chéile ina bhfuil luach eisiúna an chomhartha sócmhainn-tagartha níos ísle ná an tairseach dá dtagraítear i mír 16.

24. Ba cheart d’eisitheoirí an fhaisnéis dá dtagraítear sna Treoirlínte seo a chur isteach sna …

Ba cheart d’eisitheoirí an fhaisnéis dá dtagraítear sna Treoirlínte seo a chur isteach sna formáidí malartaithe sonraí agus sna huiríll a shonraíonn na húdaráis inniúla, agus i gcomhréir leis an sainmhíniú ar phointe sonraí atá le fáil sa tsamhail pointe sonraí agus do na foirmlí bailíochtaithe a shonraítear in Iarscríbhinn V chomh maith leis na sonraíochtaí seo a leanas:

  • a. Níor cheart faisnéis nach gceanglaítear ná nach bhfuil infheidhme a chur san áireamh sna sonraí atá á gcur isteach.
  • b. Cuirfear luachanna uimhriúla isteach mar fhíricí de réir an mhéid seo a leanas:
i.déanfar pointí sonraí a bhfuil an cineál sonraí ‘Airgeadaíoch’ ag gabháil leo a thuairisciú trí úsáid a bhaint as beachtas íosta atá coibhéiseach le deich mílte aonad;
ii.déanfar pointí sonraí a bhfuil an cineál sonraí ‘Slánuimhir’ ag gabháil leo a thuairisciú gan aon deachúil a úsáid agus beachtas atá coibhéiseach le haonaid.
  • c. Ba cheart d’údaráis inniúla a cheangal ar eisitheoirí ARTanna agus EMTanna na sonraí arna gcur isteach i gcomhréir leis na Treoirlínte seo a chomhcheangal leis an bhfaisnéis a liostaítear agus a shonraítear faoi mhír 8 d’Iarscríbhinn II.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/