+Ábhar agus raon feidhme
---+5. Sonraítear sna treoirlínte seo socruithe láidre rialachais nach mór d’institiúidí a bheith i …
---+6. Sna treoirlínte seo, tugtar aghaidh ar phróisis bhainistithe riosca ESG na n-institiúidí mar …
---+7. Ba cheart d’údaráis inniúla agus d’institiúidí na treoirlínte seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir …
|
Ábhar agus raon feidhme
Ábhar agus raon feidhme
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
5. Sonraítear sna treoirlínte seo socruithe láidre rialachais nach mór d’institiúidí a bheith i …
|
Sonraítear sna treoirlínte seo socruithe láidre rialachais nach mór d’institiúidí a bheith i bhfeidhm acu i gcomhréir le hAirteagal 87a(1) agus le hAirteagal 74 de Threoir 2013/36/AE2 , agus cumhdaítear leo: - (a) íoschaighdeáin agus modheolaíochtaí tagartha chun rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais (ESG) a shainaithint, a thomhas, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh orthu, i gcomhréir le hAirteagal 87a(5)a) den Treoir sin;
- (b) critéir cháilíochtúla agus chainníochtúla chun measúnú a dhéanamh ar thionchar rioscaí ESG ar an bpróifíl riosca agus ar shócmhainneacht d’institiúidí sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, i gcomhréir le hAirteagal 87a(5)c) den Treoir sin;
- (c) ábhar na bpleananna atá le hullmhú ag an gcomhlacht bainistíochta i gcomhréir le hAirteagal 76(2) den Treoir sin, lena n-áireofar amlínte sonracha chomh maith le spriocanna agus garspriocanna idirmheánacha inchainníochtaithe, chun faireachán a dhéanamh ar na rioscaí airgeadais a eascraíonn as tosca ESG agus aghaidh a thabhairt orthu, lena n-áirítear iad siúd a eascraíonn as an bpróiseas coigeartaithe agus as na treochtaí aistrithe chun cuspóirí rialála na mBallstát ábhartha agus an Aontais a bhaint amach i ndáil le tosca ESG, go háirithe an cuspóir maidir le neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050 mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119, mar aon le cuspóirí dlí agus rialála de thríú tíortha, i gcás inarb ábhartha d’institiúidí gníomhacha idirnáisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 87a(5)b) den Treoir sin.
2 Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuama ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena naisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
|
|
6. Sna treoirlínte seo, tugtar aghaidh ar phróisis bhainistithe riosca ESG na n-institiúidí mar …
|
Sna treoirlínte seo, tugtar aghaidh ar phróisis bhainistithe riosca ESG na n-institiúidí mar chuid dá gcreat bainistithe riosca níos leithne. Tá feidhm acu maidir leis na straitéisí, na beartais, na próisis agus na córais stóinsithe chun rioscaí ESG a shainaithint, a thomhas, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh orthu sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma a bheidh ag institiúidí atá faoi réir Threoir 2013/36/AE mar chuid dá socruithe láidre rialachais lena n-áirítear an creat bainistithe riosca a cheanglaítear faoi Airteagal 74(1) de Threoir 2013/36/AE. Comhlánaítear leis na treoirlínte seo freisin na Treoirlínte ÚBE maidir le rialachas inmheánach3 agus na Treoirlínte ÚBE maidir le tionscnamh iasachta agus faireachán4 i ndáil le rioscaí ESG a bhainistiú agus tugtar sonraí breise i ndáil leis sin chomh maith.
3 Treoirlínte ÚBE maidir le rialachas inmheánach faoi Threoir 2013/36/AE, (EBA/GL/2021/05) 4 Treoirlínte ÚBE maidir le tionscnaimh iasachta agus faireachán (EBA/GL/2020/06)
|
|
7. Ba cheart d’údaráis inniúla agus d’institiúidí na treoirlínte seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla agus d’institiúidí na treoirlínte seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an leibhéal cur i bhfeidhm atá leagtha amach in Airteagal 109 de Threoir 2013/36/AE.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|