|
+Stádas na dTreoirlínte comhpháirteacha seo |
Stádas na dTreoirlínte comhpháirteacha seoSa doiciméad seo tá Treoirlínte comhpháirteacha atá le heisiúint de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach); de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde); agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (dá ngairtear le chéile na ‘Rialacháin Bhunaidh’). Tá glacadh na dTreoirlínte le déanamh i gcomhréir le hAirteagal 56, an dara fomhír, de na Rialacháin Bhunaidh. I gcomhréir le hAirteagal 16(3) de na Rialacháin Bunaidh, ní mór do na húdaráis inniúla gach iarracht a dhéanamh chun na Treoirlínte a chomhlíonadh. Is é is aidhm do na Treoirlínte comhpháirteacha cleachtais mhaoirseachta atá comhsheasmhach, éifeachtúil agus éifeachtach a bhunú laistigh den Chóras Eorpach um Maoirseacht Airgeadais (CEMA), agus cur i bhfeidhm coiteann, aonfhoirmeach agus comhsheasmhach dhlí an Aontais a áirithiú maidir le húsáid an chórais arna bhunú ag ÚMEnna chun faisnéis atá ábhartha don mheasúnú ar oiriúnacht agus cuibheas sealbhóirí sealúchas cáilitheach, stiúrthóirí agus sealbhóirí príomhfheidhme institiúidí airgeadais agus rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a mhalartú ag údaráis inniúla i gcomhréir leis na gníomhartha dlí dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de na Rialacháin Bhunaidh. Ba cheart d’údaráis inniúla lena mbaineann na Treoirlínte comhpháirteacha a chomhlíonadh trí na treoirlínte a ionchorprú ina gcleachtais mhaoirseachta nó ina gcreat rialála de réir mar is iomchuí (e.g. trína gcreat dlíthiúil nó a bpróisis mhaoirseachta a leasú). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|