+Airteagal 32 2.

Airteagal 32 2.

I gcás, agus measúnú á dhéanamh ar chomhlíonadh táirge thábhachtaigh ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a thagann faoi aicme I mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III agus ar chomhlíonadh na bpróiseas arna gcur i bhfeidhm ag monaróir an táirge leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, nach bhfuil caighdeáin chomhchuibhithe, sonraíochtaí coiteanna ná scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála atá ar leibhéal dearbhúcháin ‘substainteach’ ar a laghad dá dtagraítear in Airteagal 27, curtha i bhfeidhm ag an monaróir, nó nach bhfuil siad curtha i bhfeidhm ach i bpáirt aige, nó i gcás nach ann do na caighdeáin chomhchuibhithe, na sonraíochtaí coiteanna ná na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála sin, déanfar an táirge lena mbaineann ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus na próisis arna gcur i bhfeidhm ag an monaróir a mhéid a bhaineann leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha sin, a chur faoi bhráid ceachtar de na nósanna imeachta seo a leanas:

(a) 

an nós imeachta um chineálscrúdú AE (bunaithe ar mhodúl B) a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII, agus ina dhiaidh sin, comhréireacht le cineál AE bunaithe ar rialú inmheánach táirgthe (bunaithe ar mhodúl C) a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII; nó

(b) 

measúnú comhréireachta bunaithe ar dhearbhú cáilíochta iomlán (bunaithe ar mhodúl H) a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas