|
+Airteagal 325n 5. |
Airteagal 325n 5.Déanfaidh na fachtóirí ►C12 riosca ◄ um raon difríochta creidmheasa a bhíonn le cur i bhfeidhm ag institiúidí ar shuíomhanna urrúsúcháin nach n-áirítear i ACTP, déanfaidh siad tagairt do raon difríochta an tráinse seachas raon difríochta na n-ionstraimí foluiteacha agus is éard a bheidh iontu an méid seo a leanas:
(a)
is éard a bheidh sna fachtóirí ►C12 riosca ◄ deilte na rátaí um raon difríochta creidmheasa arna mapáil ar na haibíochtaí seo a leanas, i gcomhréir le haibíocht an tráinse: 0,5 bliain, 1 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana.
(b)
is éard a bheidh sna fachtóirí ►C12 riosca ◄ vega a bhíonn le cur i bhfeidhm maidir le céadroghanna nach n-áirítear i ACTP mar ionstraimí foluiteacha ná luaineachtaí intuigthe um raon difríochta creidmheasa na dtráinsí, a ndéanfar a mhapáil ar na hurrúsúcháin seo a leanas i gcomhréir le haibíocht na céadrogha comhfhreagraí faoi réir an cheanglais cistí dílse: 0,5 bliain, 1 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|