+Airteagal 7 Measúnú ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann deasca trádála Airteagal 104b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
---+Airteagal 7 (a)
---+Airteagal 7 (b)
---+Airteagal 7 (c)
---+Airteagal 7 (d)
---+Airteagal 7 (e)
---+Airteagal 7 (f)
---+Airteagal 7 (g)
---+Airteagal 7 (h)
---+Airteagal 7 2
---+Airteagal 7 3
|
Airteagal 7 Measúnú ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann deasca trádála Airteagal 104b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann deasca trádála Airteagal 104b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas:
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 7 (a)
|
athbhreithniú ar an straitéis ghnó dá dtagraítear in Airteagal 104b den Rialachán sin mar a dhoiciméadaítear i mbeartais inmheánacha na hinstitiúide faoi Airteagal 325bi(1), pointe (e), den Rialachán, agus a fhíorú cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:
|
(i)
|
tugann beartais inmheánacha tuairisc shoiléir ar réasúnaíocht eacnamaíoch na straitéise gnó, lena n-áirítear a príomhghníomhaíochtaí, trádáil agus straitéisí fálúcháin;
|
|
(ii)
|
tugann beartais inmheánacha tuairisc ar na gnéithe de na hionstraimí airgeadais agus na tráchtearraí a thrádálann an deasc thrádála, agus tá liosta cuimsitheach de na hionstraimí airgeadais agus na tráchtearraí sin iontu a thugtar cothrom le dáta go tráthrialta;
|
|
(iii)
|
cuireann an institiúid i dtábhacht ina beartais inmheánacha cé na hionstraimí is minice a thrádáiltear agus is mó a rannchuidíonn leis an leibhéal riosca is inghlactha don deasc thrádála;
|
|
(iv)
|
tugann beartais inmheánacha tuairisc ar na cineálacha fachtóirí riosca ar cuid dhílis iad de na hionstraimí airgeadais agus na tráchtearraí dá dtagraítear i bpointe (ii);
|
|
(v)
|
tugann beartais inmheánacha tuairisc shoiléir ar conas a fhálaítear na hionstraimí agus na tráchtearraí dá dtagraítear i bpointe (ii), cad iad na sciorrthaí agus na neamhréireanna fáluithe a bhfuil coinne leo, agus cad í an tréimhse shealbhaíochta a bhfuil coinne léi i gcás na suíomhanna sa deasc thrádála;
|
|
(vi)
|
tá straitéisí gnó na ndeasc trádála sainiúil, mar a cheanglaítear le hAirteagal 104b(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(1)
|
príomh-shaintréithe na ndeasc trádála i dtéarmaí straitéise gnó, lena n-áirítear príomhghníomhaíochtaí, trádáil agus straitéisí fálúcháin, a shainaithint;
|
|
(2)
|
a fhíorú go bhfuil difríocht thábhachtach ó dheasc thrádála go chéile idir na príomh-shaintréithe dá dtagraítear i bpointe (1);
|
|
|
|
Airteagal 7 (b)
|
a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil idirbhearta idir deasca trádála comhsheasmhach le straitéisí gnó na ndeasc trádála sin agus nach ndéantar na hidirbhearta sin chun:
|
(i)
|
na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a laghdú;
|
|
(ii)
|
na ceanglais sannta brabúis agus caillteanais a chomhlíonadh;
|
|
(iii)
|
na ceanglais chúltástála a chomhlíonadh;
|
|
|
Airteagal 7 (c)
|
athbhreithniú a dhéanamh ar an struchtúr eagraíochtúil dá dtagraítear in Airteagal 104b(2), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus sa phlean gnó bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 104b(2), pointe (e), den Rialachán sin, mar a dhoiciméadaítear i mbeartais inmheánacha na hinstitiúide faoi Airteagal 325bi(1), pointe (e), den Rialachán sin;
|
|
Airteagal 7 (d)
|
a fhíorú, maidir le gach deasc thrádála, cibé acu príomhdhéileálaí amháin nó beirt phríomhdhéileálaithe atá sainaitheanta ag an institiúid, agus i gcás inar ceapadh beirt phríomhdhéileálaithe, go bhfuil róil, freagrachtaí agus údaráis acu atá deighilte go soiléir ó chéile, nó go bhfuil formhaoirseacht deiridh ag ceann amháin ar an gceann eile;
|
|
Airteagal 7 (e)
|
athbhreithniú a dhéanamh ar na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 104b(2), pointí (d) agus (f), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus a fhíorú cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na gnéithe uile dá dtagraítear sna pointí sin;
|
|
Airteagal 7 (f)
|
a fhíorú cé acu a dhéanann nó nach ndéanann an institiúid doiciméadú cuí ar chásanna ina sanntar déileálaí do níos mó ná deasc thrádála amháin, agus cé acu a thugann nó nach dtugann sí údar cuí leis na cásanna sin, dá dtagraítear in Airteagal 104b(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus, chun na críche sin:
|
(i)
|
athbhreithniú a dhéanamh ar fhreagracht an déileálaí sin i gcomhthéacs na ndeasc trádála dar sannadh é;
|
|
(ii)
|
a fhíorú an amhlaidh nach dtagann na cúraimí a dhéanann an déileálaí i ndeasc thrádála amháin de réir straitéis ghnó na deisce trádála sin salach ar na cúraimí a dhéanann an déileálaí le haghaidh na ndeasc trádála eile, nó cé acu a chruthaíonn nó nach gcruthaíonn na chéad chúraimí sin coinbhleacht leis na cúraimí deireanacha;
|
|
|
Airteagal 7 (g)
|
a fhíorú cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an réasúnaíocht maidir le cuimsiú na ndeasc trádála i raon feidhme chur chuige malartach na samhlacha inmheánacha gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
|
(i)
|
déantar doiciméadú ar an réasúnaíocht sna beartais inmheánacha mar a cheanglaítear le hAirteagal 325bi(1), pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
|
|
(ii)
|
áirithíonn an réasúnaíocht comhsheasmhacht sa chur chuige a úsáidtear chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a ríomh i measc deasca trádála a dhéanann bainistíocht ar shuíomhanna comhchosúla;
|
|
(iii)
|
tá an réasúnaíocht comhsheasmhach le straitéis ghnó na ndeasc trádála dá dtagraítear in Airteagal 104b(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
|
|
|
Airteagal 7 (h)
|
a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil i gceist leis an straitéis ghnó go ndéantar 10 % ar a laghad de na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a ríomh i gcomhréir le cur chuige na samhlacha inmheánacha.
|
|
Airteagal 7 2
|
Chun críocha phointe (a)(i), fíoróidh na húdaráis inniúla an sonraíonn an straitéis ghnó an méid gníomhaíochtaí trádála atá faoi thionchar custaiméirí, agus cibé acu tionscnamh agus struchtúrú trádála, nó feidhmiú seirbhísí, nó an dá rud, atá i gceist leis an straitéis ghnó.
|
|
Airteagal 7 3
|
Chun críocha phointe (b), féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal ar an institiúid, i gcás inarb iomchuí, sampla a sholáthar d’idirbhearta idir deasca trádála, lena n-áirítear idir deasca trádála a ríomhann an institiúid na ceanglais cistí dílse ina leith trí chur chuige na samhlacha inmheánacha agus deasca trádála a n-úsáideann an institiúid an cur chuige caighdeánaithe ina leith.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|