+Airteagal 24 Measúnú ar fhachtóirí riosca i dtaca le rátaí úis ginearálta
---+Airteagal 24 1
---+Airteagal 24 2
|
Airteagal 24 Measúnú ar fhachtóirí riosca i dtaca le rátaí úis ginearálta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 24 1
|
1. Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar chomhlíontacht institiúide leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 325bh(1), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ndáil le samhaltú riosca an ráta úis, déanfaidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas:
|
(a)
|
a cheangal ar an institiúid liosta de na hairgeadraí uile a bhfuil punann na hinstitiúide íogair ina leith a sholáthar agus, i gcás gach ceann de na hairgeadraí sin, na cuair thoraidh uile a bhfuil punann na hinstitiúide íogair ina leith a sholáthar;
|
|
(b)
|
a cheangal ar an institiúid, i gcás gach ceann de na cuair thoraidh dá dtagraítear i bpointe (a), a shonrú an samhaltaítear cuar ina iomláine go díreach nó mar shuim bhun-chuair agus cuair boinn;
|
|
(c)
|
a cheangal ar an institiúid anailís ar íogaireacht a punainne i leith gach ceann de na cuair thoraidh dá dtagraítear i bpointe (a) a sholáthar;
|
|
(d)
|
a fhíorú, tríd an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) a úsáid, go ndéantar an riosca boinn idir aon dá chuar toraidh ar leith a ghabháil go hintuigthe de bharr go samhaltaítear dhá chuar toraidh go díreach, nó de bharr go n-áirítear sa tsamhail tomhais riosca inmheánach cuar toraidh boinn a léiríonn an difríocht idir an dá chuar toraidh sin;
|
|
(e)
|
measúnú breise a dhéanamh, i ndáil le cuair thoraidh inar pointí feadh an chuair iad fachtóirí riosca, i gcomhréir le hAirteagal 29 den Rialachán seo agus, i gcás ina mbunaíonn an institiúid buicéid i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060 ón gCoimisiún (11), a fhíorú cé acu a úsáideann nó nach n-úsáideann an institiúid sé fhachtóir riosca ar a laghad i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas araon:
|
(i)
|
tá an neamhchosaint ar an gcuar toraidh ábhartha;
|
|
(ii)
|
tá an neamhchosaint in airgeadra is leachtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2058 ón gCoimisiún (12);
|
|
|
(f)
|
measúnú breise a dhéanamh, i ndáil le cuair arna samhaltú trí bhíthin paraiméadair feidhme dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060, ar chomhlíontacht i gcomhréir le hAirteagal 29 den Rialachán seo;
|
|
(g)
|
measúnú a dhéanamh ar cé acu a dhéantar nó nach ndéantar riosca vega i ndáil le riosca an ráta úis a ghabháil go cuí mar a cheanglaítear le hAirteagal 30 den Rialachán seo.
|
|
|
Airteagal 24 2
|
2. De mhaolú ar mhír 1, pointí (a) agus (b), féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal ar institiúid an fhaisnéis dá dtagraítear sna pointí sin a sholáthar maidir leis na hairgeadraí agus na cuair thoraidh is ábhartha agus maidir leosan amháin, agus an measúnú a leagtar amach i mír 1 sin a dhéanamh ar na sonraí sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|