+Airteagal 32 Measúnú ar insamhaltaitheacht na bhfachtóirí riosca
---+Airteagal 32 1
---+Airteagal 32 2
---+Airteagal 32 3
---+Airteagal 32 4
---+Airteagal 32 5
---+Airteagal 32 6
---+Airteagal 32 7
|
Airteagal 32 Measúnú ar insamhaltaitheacht na bhfachtóirí riosca
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 32 1
|
1. Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar chomhlíontacht institiúide le hAirteagal 325bi(1), pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ndáil le ceanglais maidir le hinsamhaltaitheacht na bhfachtóirí riosca, fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann beartais inmheánacha na hinstitiúide dá dtagraítear sa phointe sin gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
|
(a)
|
cumhdaítear leis na beartais inmheánacha na gnéithe dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060 le haghaidh na doiciméadachta uile;
|
|
(b)
|
ceanglaítear leis na beartais inmheánacha go dtabharfar fardal cothrom le dáta ar aird lena sonraítear na nithe seo a leanas i gcás gach fachtóra riosca:
|
(i)
|
tuairisc ar an bhfachtóir riosca;
|
|
(ii)
|
cé acu atá nó nach bhfuil an fachtóir riosca insamhaltaithe de réir an mheasúnaithe insamhaltaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 325be de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus cé acu ar athraíodh nó nár athraíodh stádas insamhaltaitheachta an fhachtóra riosca aon tráth sa bhliain roimhe sin;
|
|
(iii)
|
an tréimhse 12 mhí a úsáidtear le haghaidh an mheasúnaithe insamhaltaitheachta;
|
|
(iv)
|
cé acu fachtóir riosca creidmheasa córasach nó fachtóir riosca cothromais é an fachtóir riosca, dá dtagraítear in Airteagal 3(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060;
|
|
(v)
|
cé acu pointe cuair, dromchla nó ciúib é an fachtóir riosca, dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060, an buicéad a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar insamhaltaitheacht an fhachtóra riosca sin, agus torthaí mheasúnú insamhaltaitheachta an bhuicéid sin;
|
|
(vi)
|
cé acu atá nó nach bhfuil an fachtóir riosca ina pharaiméadar feidhme a úsáidtear chun cuar, dromchla nó ciúb a léiriú, dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060, agus:
|
(1)
|
an tacar pointí ar an gcuar, ar an dromchla nó ar an gciúb ar baineadh úsáid astu chun an fheidhm pharaiméadrach dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060 a chalabrú;
|
|
(2)
|
an tacar buicéad, agus a n-insamhaltaitheacht, mar a leanann as cur i bhfeidhm na gcéimeanna dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointí (b) agus (c), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060;
|
|
(3)
|
an tacar pointí ar an gcuar, ar an dromchla nó ar an gciúb ar baineadh úsáid astu chun an paraiméadar feidhme dá dtagraítear in Airteagal 6(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060 a chalabrú;
|
|
|
(vii)
|
an líon praghsanna infhíoraithe atá ionadaíoch ar an bhfachtóir riosca i gcaitheamh na tréimhse faoi bhreathnú le haghaidh an mheasúnaithe insamhaltaitheachta;
|
|
(viii)
|
cé acu is ann nó nach ann do thréimhsí 90 lá ina bhfuil níos lú ná ceithre phraghas infhíoraithe ionadaíocha;
|
|
|
(c)
|
leagtar amach leis na beartais inmheánacha:
|
(i)
|
critéir chun fachtóirí riosca a shainaithint a gcuireann an institiúid an tréimhse aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus Airteagal 4(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060 i bhfeidhm ina leith;
|
|
(ii)
|
critéir chun a shuí cé acu atá nó nach bhfuil fachtóirí riosca le breithniú a bheith den chineál céanna, dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (a), den Rialachán sin;
|
|
|
(d)
|
leagtar amach leis na beartais inmheánacha critéir chun a chinneadh an ndéantar an measúnú insamhaltaitheachta ar chuar, dromchla nó ciúb trí úsáid a bhaint as buicéid chaighdeánacha réamhshainithe dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060, nó trí úsáid a bhaint as na buicéid a bhunaíonn an institiúid féin dá dtagraítear in Airteagal 5(4) den Rialachán Tarmligthe sin;
|
|
(e)
|
leagtar amach leis na beartais inmheánacha réasúnaíocht na rogha, i gcás ina ndéanfar na buicéid chaighdeánacha réamhshainithe dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060 a fhoroinnt ina mbuicéid níos lú i gcomhréir le hAirteagal 5(3) den Rialachán sin.
|
Chun críocha phointí (b)(vii) agus (viii), i gcás ina ndéanfaidh an institiúid an measúnú insamhaltaitheachta ar fhachtóir riosca trí mheasúnú a dhéanamh ar insamhaltaitheacht tacar buicéad ar dtús, fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu a dhéantar nó nach ndéantar an líon praghsanna infhíoraithe ionadaíocha a shonrú ar leibhéal gach ceann de na buicéid sin.
|
|
Airteagal 32 2
|
2. Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear samhail tomhais riosca inmheánach na hinstitiúide chun feidhme ina hiomláine mar a cheanglaítear le hAirteagal 325bi(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ndáil leis an measúnú insamhaltaitheachta ar fhachtóirí riosca a mheasúnaítear a bheith insamhaltaithe i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060, déanfaidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas:
|
(a)
|
a fhíorú, i ndáil le torthaí an mheasúnaithe insamhaltaitheachta:
|
(i)
|
trí úsáid a bhaint as an bhfardal dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), go gcomhlíonann na fachtóirí riosca aon cheann den dá chritéar dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) agus (b) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060;
|
|
(ii)
|
i gcás inarb infheidhme, trí úsáid a bhaint as an bhfardal dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), go gcomhlíonann an tréimhse a úsáidtear le haghaidh an mheasúnaithe insamhaltaitheachta Airteagal 1(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060;
|
|
|
(b)
|
i ndáil leis na ceanglais maidir le praghas a bhreithniú a bheith infhíoraithe dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060:
|
(i)
|
a fhíorú cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:
|
(1)
|
áirithítear le córais agus beartais inmheánacha na hinstitiúide, agus lena comhaontuithe conarthacha le díoltóirí tríú páirtí, go gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060;
|
|
(2)
|
cé acu atá aon phraghas ann a chomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060 a bhreithnítear a bheith infhíoraithe;
|
|
|
(ii)
|
trí athbhreithniú a dhéanamh ar na tuarascálacha iniúchóireachta, a fhíorú an bhfuil an t-iniúchadh neamhspleách dá dtagraítear in Airteagal 2(6) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060 stóinseach agus an gcumhdaítear leis gach gné dá dtagraítear sa mhír sin;
|
|
(iii)
|
i gcás inarb infheidhme, athbhreithniú a dhéanamh ar na socruithe conarthacha dá dtagraítear in Airteagal 2(7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060;
|
|
|
(c)
|
i ndáil leis na ceanglais chun praghas infhíoraithe a bhreithniú a bheith ionadaíoch ar fhachtóir riosca dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060, a fhíorú cé acu is fónta nó nach fónta an próiseas mapála agus na critéir a úsáidtear chun ionadaíochas praghais ar fhachtóir riosca dá dtagraítear in Airteagal 7(1), pointe (d), den Rialachán sin a chinneadh.
|
Chun críocha phointe (a)(ii), fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu is fónta nó nach fónta na critéir dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), chun a shainaithint an bhfuil fachtóirí riosca den chineál céanna agus, trí úsáid a bhaint as an bhfardal dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), chun a fhíorú cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear na critéir sin i bhfeidhm i gceart.
Chun críocha phointe (b)(i), cuirfidh na húdaráis inniúla an modh measúnúcháin dá dtagraítear i mír 5 i bhfeidhm.
Chun críocha phointe (c), cuirfidh na húdaráis inniúla an modh measúnúcháin dá dtagraítear i mír 6 i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 32 3
|
3. Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear samhail inmheánach institiúide chun feidhme ina hiomláine mar a cheanglaítear le hAirteagal 325bi(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ndáil leis an measúnú insamhaltaitheachta ar fhachtóirí riosca a bhaineann le cuar, dromchla nó ciúb agus a mheasúnaítear a bheith insamhaltaithe i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060, déanfaidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas:
|
(a)
|
i ndáil le torthaí an mheasúnaithe insamhaltaitheachta:
|
(i)
|
trí úsáid a bhaint as an bhfardal dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), a fhíorú cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann buicéadú cuar, dromchlaí agus ciúbanna na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 5(2) nó Airteagal 5(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060, agus go gcuireann an institiúid na critéir dá dtagraítear i mír 1, pointe (d), den Airteagal sin i bhfeidhm i gceart chun an cur chuige buicéadaithe a roghnú;
|
|
(ii)
|
i gcás ina n-úsáidfidh an institiúid an tacar buicéad caighdeánach réamhshainithe dá dtagraítear in Airteagal 5(2), pointe (d), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060, a fhíorú cé acu is iomchuí nó nach iomchuí aon bhuicéad a thiontú ina choinbhinsiún eile atá de réir chaighdeán an mhargaidh;
|
|
(iii)
|
trí úsáid a bhaint as an bhfardal dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), a fhíorú cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na buicéid a mheasúnaítear a bheith insamhaltaithe aon cheann den dá choinníoll dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointí (a) agus (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060;
|
|
(iv)
|
trí úsáid a bhaint as an bhfardal dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), a fhíorú cé acu is ionann nó nach ionann an tréimhse a úsáidtear le haghaidh an mheasúnaithe insamhaltaitheachta i gcás gach buicéid de chuar, dromchla nó ciúb ar leith;
|
|
|
(b)
|
i ndáil leis na ceanglais maidir le praghas a bhreithniú a bheith infhíoraithe dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060:
|
(i)
|
trí athbhreithniú a dhéanamh ar chórais agus beartais inmheánacha na hinstitiúide, agus ar a comhaontuithe conarthacha le díoltóirí tríú páirtí, an méid seo a leanas a áirithiú:
|
(1)
|
go gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060;
|
|
(2)
|
aon phraghas a chomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 2(2) den Rialachán Tarmligthe sin, nach mbreithnítear é a bheith infhíoraithe;
|
|
|
(ii)
|
trí athbhreithniú a dhéanamh ar na tuarascálacha iniúchóireachta, a fhíorú an bhfuil an t-iniúchadh neamhspleách a gcuirtear díoltóirí tríú páirtí faoina réir stóinseach agus an gcumhdaítear leis gach gné dá dtagraítear in Airteagal 2(6) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060;
|
|
(iii)
|
i gcás inarb infheidhme, athbhreithniú a dhéanamh ar na socruithe conarthacha idir an institiúid agus na díoltóirí tríú páirtí dá dtagraítear in Airteagal 2(7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060;
|
|
|
(c)
|
i ndáil leis na ceanglais chun praghas infhíoraithe a leithdháileadh ar bhuicéad dá dtagraítear in Airteagal 4(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060, a fhíorú cé acu is fónta nó nach fónta an próiseas mapála agus na critéir dá dtagraítear in Airteagal 7(1), pointe (d), den Rialachán sin a úsáidtear chun a chinneadh go bhfuil praghas ionadaíoch ar phointe sa bhuicéad;
|
|
(d)
|
i ndáil leis an bhféidearthacht go ndéanfaí praghas infhíoraithe buicéid a ath-leithdháileadh ar bhuicéad atá cóngarach dó i gcomhréir le hAirteagal 5(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060, a fhíorú:
|
(i)
|
cé acu is iomchuí nó nach iomchuí an cur chuige a dhoiciméadaítear i gcomhréir le hAirteagal 7(1), pointe (f), den Rialachán sin a úsáideann an institiúid chun an t-ath-leithdháileadh sin a dhéanamh;
|
|
(ii)
|
conas a áirithíonn an institiúid go gcomhlíontar na coinníollacha faoin gceadaítear ath-leithdháileadh i gcomhréir le hAirteagal 5(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060.
|
|
Chun críocha phointe (b)(i), cuirfidh na húdaráis inniúla an modh measúnúcháin dá dtagraítear i mír 5 i bhfeidhm.
Chun críocha phointe (c), cuirfidh na húdaráis inniúla an modh measúnúcháin dá dtagraítear i mír 7 i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 32 4
|
4. Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear samhail inmheánach institiúide chun feidhme ina hiomláine mar a cheanglaítear le hAirteagal 325bi(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ndáil leis an measúnú insamhaltaitheachta ar fhachtóirí riosca a mheasúnaítear a bheith insamhaltaithe i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060, déanfaidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas:
|
(a)
|
i ndáil le torthaí an mheasúnaithe insamhaltaitheachta:
|
(i)
|
trí úsáid a bhaint as an bhfardal dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), maidir le buicéid an chuair, an dromchla nó an chiúib arna shamhaltú trí fheidhm pharaiméadrach a mheasúnaítear a bheith insamhaltaithe, cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann siad aon cheann den dá choinníoll dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointí (a) agus (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060;
|
|
(ii)
|
trí úsáid a bhaint as an bhfardal dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), a fhíorú cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:
|
(1)
|
úsáideann an institiúid an cur chuige buicéadaithe a leagtar amach in Airteagal 5(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060;
|
|
(2)
|
aon bhuicéad arna thiontú ina choinbhinsiún caighdeánach margaidh difriúil i gcomhréir le hAirteagal 5(2), pointe (d), den Rialachán sin, is iomchuí an tiontú sin;
|
|
|
(iii)
|
trí úsáid a bhaint as an bhfardal dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), a fhíorú cé acu a mheasann nó nach measann an institiúid an paraiméadar feidhme a bheith insamhaltaithe sa chás ina bhfuil na pointí uile ar an gcuar, ar an dromchla nó ar an gciúb a úsáidtear chun an paraiméadar feidhme sin a chalabrú bainteach le buicéid atá insamhaltaithe agus sa chás sin amháin;
|
|
|
(b)
|
i ndáil leis na ceanglais maidir le praghas a bhreithniú a bheith infhíoraithe dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060:
|
(i)
|
a fhíorú cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:
|
(1)
|
áirithítear le córais agus beartais inmheánacha na hinstitiúide, agus lena socruithe conarthacha le díoltóirí tríú páirtí, go gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060;
|
|
(2)
|
níl aon phraghas ann a chomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060 a bhreithnítear a bheith infhíoraithe;
|
|
|
(ii)
|
trí athbhreithniú a dhéanamh ar na tuarascálacha iniúchóireachta, a fhíorú an bhfuil an t-iniúchadh neamhspleách a gcuirtear díoltóirí tríú páirtí faoina réir stóinseach agus an gcumhdaítear leis gach gné dá dtagraítear in Airteagal 2(6) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060;
|
|
(iii)
|
i gcás inarb infheidhme, athbhreithniú a dhéanamh ar na socruithe conarthacha idir an institiúid agus na díoltóirí tríú páirtí dá dtagraítear in Airteagal 2(7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060;
|
|
|
(c)
|
i ndáil leis na ceanglais chun praghas infhíoraithe a leithdháileadh ar bhuicéad dá dtagraítear in Airteagal 4(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060, a fhíorú cé acu is fónta nó nach fónta an próiseas mapála agus na critéir dá dtagraítear in Airteagal 7(1), pointe (d), den Rialachán sin a úsáidtear chun a chinneadh go bhfuil praghas ionadaíoch ar phointe sa bhuicéad;
|
|
(d)
|
i ndáil leis an bhféidearthacht go ndéanfaí praghas infhíoraithe buicéid a ath-leithdháileadh ar bhuicéad atá cóngarach dó i gcomhréir le hAirteagal 5(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060, a fhíorú:
|
(i)
|
cé acu is iomchuí nó nach iomchuí an cur chuige a dhoiciméadaítear i gcomhréir le hAirteagal 7(1), pointe (f), den Rialachán sin a úsáideann an institiúid chun an t-ath-leithdháileadh sin a dhéanamh;
|
|
(ii)
|
conas a áirithíonn an institiúid go gcomhlíontar na coinníollacha faoin gceadaítear ath-leithdháileadh i gcomhréir le hAirteagal 5(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060.
|
|
Chun críocha phointe (b)(i), cuirfidh na húdaráis inniúla an modh measúnúcháin dá dtagraítear i mír 5 i bhfeidhm.
Chun críocha phointe (c), cuirfidh na húdaráis inniúla an modh measúnúcháin dá dtagraítear i mír 7 i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 32 5
|
5. Chun críocha mhír 2, pointe (b)(i), mhír 3, pointe (b)(i) agus mhír 4, pointe (b)(i), cuirfidh na húdaráis inniúla an modh measúnúcháin seo a leanas i bhfeidhm:
|
(a)
|
a cheangal ar an institiúid sampla d’fhachtóirí riosca agus buicéid a sholáthar, in éineacht leis na praghsanna infhíoraithe agus ionadaíocha a chomhfhreagraíonn dóibh, lena n-áirítear:
|
(i)
|
fachtóirí riosca agus buicéid a chomhlíon, ar éigean, na coinníollacha maidir lena measúnú a bheith insamhaltaithe;
|
|
(ii)
|
fachtóirí riosca agus buicéid ar athraíodh a stádas insamhaltaitheachta i gcaitheamh na bliana roimhe sin;
|
|
(iii)
|
i gcás inarb infheidhme, fachtóirí riosca agus buicéid nach bhfaigheann ach an institiúid praghsanna infhíoraithe ina leith, nach bhfaigheann ach díoltóirí tríú páirtí praghsanna infhíoraithe ina leith, agus a bhfaigheann an institiúid agus díoltóirí tríú páirtí araon praghsanna infhíoraithe ina leith;
|
|
|
(b)
|
a cheangal ar an institiúid údar a thabhairt, i gcás na bpraghsanna dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, le cé acu de na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2022/2060 a chomhlíontar, agus an méid seo a leanas a fhíorú:
|
(i)
|
i gcás ina gcomhlíontar an coinníoll dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060, conas a rinne an institiúid measúnú go ndearnadh an t-idirbheart ar neamhthuilleamaí;
|
|
(ii)
|
i gcás ina gcomhlíontar an coinníoll dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060, conas a rinne an institiúid nó an díoltóir tríú páirtí measúnú go ndearnadh an t-idirbheart ar neamhthuilleamaí;
|
|
(iii)
|
i gcás ina gcomhlíontar an coinníoll dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (c), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060, conas a rinne an institiúid nó an díoltóir tríú páirtí luachaintí tairisceana agus ofrála araon a shainaithint;
|
|
|
(c)
|
i gcás na bpraghsanna infhíoraithe dá dtagraítear i bpointe (a), fíoróidh na húdaráis inniúla:
|
(i)
|
an amhlaidh nach idirbheart ná luachan tairisceana agus ofrála idir dhá eintiteas de chuid an ghrúpa chéanna é an praghas dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060, agus an fónta an cur chuige a d’úsáid an institiúid nó an díoltóir tríú páirtí chun teacht ar an gconclúid nach leis an ngrúpa céanna an dá eintiteas;
|
|
(ii)
|
conas a tháinig an institiúid nó an díoltóir tríú páirtí ar an gconclúid go bhfuil méid an idirbhirt nó an luachan a bhfuil gealltanas tugtha ina taobh atá bainteach leis an bpraghas infhíoraithe neamhdhiomaibhseach dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060, agus cé acu is fónta nó nach fónta na méadrachtaí a úsáidtear chun meastóireacht a dhéanamh ar an diomaibhseacht;
|
|
(iii)
|
i gcás ina mbainfidh an praghas infhíoraithe le luachaintí a bhfuil gealltanas tugtha ina dtaobh dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (c), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060:
|
(1)
|
conas a tháinig an institiúid nó an díoltóir tríú páirtí ar an gconclúid nach n-imíonn an raon difríochta idir tairiscint agus ofráil go mór ó na dálaí reatha margaidh is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointe (c), den Rialachán sin;
|
|
(2)
|
cé acu is fónta nó nach fónta na méadrachtaí a úsáidtear chun meastóireacht a dhéanamh ar an diall féideartha sin;
|
|
|
(iv)
|
i measc na bpraghsanna sin, cé acu a bhféadfaí nó nach bhféadfaí a bhreithniú go gcomhlíonann roinnt díobh na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointe (b) nó Airteagal 2(2), pointe (c), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060 toisc go bhfuil a méid níos ísle ná mar is gnách nó a raon difríochta idir tairiscint agus ofráil níos mó ná mar is gnách;
|
|
(v)
|
cé acu ar shainaithin nó nár shainaithin an institiúid nó an díoltóir tríú páirtí crios ama a úsáidtear go comhsheasmhach ar fud na bhfoinsí sonraí uile chun dáta breathnóireachta an phraghais infhíoraithe a shainaithint mar a cheanglaítear le hAirteagal 2(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060.
|
|
Chun críocha an phointe seo, ceanglóidh na húdaráis inniúla ar institiúidí nó ar dhíoltóirí tríú páirtí de réir mar is infheidhme an fhaisnéis uile a bhfuil gá léi chun an measúnú sin a dhéanamh go cuimsitheach a sholáthar dóibh, i gcomhréir le hAirteagal 2(5), pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060.
|
|
Airteagal 32 6
|
6. Chun críocha mhír 2, pointe (c), déanfaidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas:
|
(a)
|
a cheangal ar institiúid sampla d’fhachtóirí riosca a sholáthar, agus na praghsanna infhíoraithe agus ionadaíocha a chomhfhreagraíonn dóibh a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 1 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060;
|
|
(b)
|
a fhíorú, i gcás inar ann do phraghsanna infhíoraithe iomadúla ar dháta breathnóireachta ar leith le haghaidh an fhachtóra riosca, an amhlaidh nach mbreithnítear ach ceann amháin díobh nuair a bhíonn measúnú á dhéanamh ar cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 1 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060;
|
|
(c)
|
i gcás na bhfachtóirí riosca sin sa sampla dá dtagraítear i bpointe (a) nach fachtóirí riosca creidmheasa córasacha nó fachtóirí riosca cothromais iad lena ngabhtar gluaiseachtaí ar fud an mhargaidh dá dtagraítear in Airteagal 3(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060, a fhíorú cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:
|
(i)
|
tá an fachtóir riosca ina spreagadh láidir don phraghas a bhreithnítear a bheith ionadaíoch
|
|
(ii)
|
cé acu is fónta nó nach fónta an modh a úsáideann an institiúid chun teacht ar an gconclúid go bhfuil ghaolmhaireacht dhlúth idir an fachtóir riosca agus an praghas sin;
|
|
(iii)
|
is fónta an mhodheolaíocht a úsáideann an institiúid chun luach an fhachtóra riosca a bhaint as an bpraghas sin;
|
|
|
(d)
|
i gcás na bhfachtóirí riosca sin sa sampla dá dtagraítear i bpointe (a) ar fachtóirí riosca creidmheasa córasacha nó fachtóirí riosca cothromais iad lena ngabhtar gluaiseachtaí ar fud an mhargaidh dá dtagraítear in Airteagal 3(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060, a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil na praghsanna infhíoraithe a úsáidtear ionadaíoch ar thréithe na bhfachtóirí riosca córasacha.
|
Chun críocha phointe (a), áireofar sa sampla fachtóirí riosca, i measc nithe eile, fachtóirí riosca a chomhlíon, ar éigean, na coinníollacha maidir lena measúnú a bheith insamhaltaithe agus fachtóirí riosca ar athraíodh a stádas insamhaltaitheachta i gcaitheamh na bliana roimhe sin. I gcás inarb infheidhme, sa sampla sin beidh fachtóirí riosca nach bhfaigheann ach an institiúid praghsanna infhíoraithe ina leith, nach bhfaigheann ach díoltóirí tríú páirtí praghsanna infhíoraithe ina leith, agus a bhfaigheann an institiúid agus díoltóirí tríú páirtí araon praghsanna infhíoraithe ina leith.
|
|
Airteagal 32 7
|
7. Chun críocha mhír 3, pointe (c), agus mhír 4, pointe (c), déanfaidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas:
|
(a)
|
a cheangal ar an institiúid sampla de bhuicéid a bhaineann le tacar cuar, dromchlaí nó ciúbanna, agus na praghsanna infhíoraithe agus ionadaíocha a chomhfhreagraíonn dóibh, a sholáthar;
|
|
(b)
|
i gcás na bpraghsanna infhíoraithe dá dtagraítear i bpointe (a), a fhíorú, i gcás inar ann do phraghsanna infhíoraithe iomadúla ar dháta breathnóireachta ar leith le haghaidh na mbuicéad, an amhlaidh nach mbreithnítear ach praghas infhíoraithe amháin nuair a bhíonn measúnú á dhéanamh ar cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 1 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060;
|
|
(c)
|
i gcás na bpraghsanna infhíoraithe dá dtagraítear i bpointe (a), measúnú a dhéanamh gur iomchuí an mhodheolaíocht a úsáideann an institiúid chun praghas infhíoraithe a mhapáil chuig buicéad ar leith.
|
Chun críocha phointe (a), áireofar sa sampla buicéad, i measc nithe eile, buicéid a chomhlíon, ar éigean, na coinníollacha maidir lena measúnú a bheith insamhaltaithe agus buicéid ar athraíodh a stádas insamhaltaitheachta i gcaitheamh na bliana roimhe sin. I gcás inarb infheidhme, sa sampla sin beidh buicéid nach bhfaigheann ach an institiúid praghsanna infhíoraithe ina leith, nach bhfaigheann ach díoltóirí tríú páirtí praghsanna infhíoraithe ina leith, agus a bhfaigheann an institiúid agus díoltóirí tríú páirtí araon praghsanna infhíoraithe ina leith.
Chun críocha phointe (c), fíoróidh an t-údarás inniúil cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:
|
(a)
|
tá na pointí i mbuicéad ina spreagadh láidir don phraghas a bhreithnítear a bheith ionadaíoch,
|
|
(b)
|
is fónta an modh a úsáideann an institiúid chun teacht ar an gconclúid go bhfuil ghaolmhaireacht dhlúth idir aon phointe sa bhuicéad agus an praghas sin,
|
|
(c)
|
is fónta an mhodheolaíocht a úsáideann an institiúid chun luach an phointe sin sa bhuicéad a bhaint as an bpraghas sin.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|