+Airteagal 44 1
|
Airteagal 44 1
1. Le linn do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht institiúide le hAirteagal 325bi(1), pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ndáil le ceanglais maidir leis an dianchás de shuaitheadh amach anseo a chinneadh, fíoróidh siad cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na beartais inmheánacha dá dtagraítear sa phointe sin gach ceann de na ceanglais seo a leanas:
|
(a)
|
comhlíonann na beartais inmheánacha Airteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397 (13);
|
|
(b)
|
ceanglaítear leis na beartais inmheánacha go gcuirfear fardal cothrom le dáta ar fáil lena ndéanfar na nithe seo a leanas i gcás gach fachtóra riosca neamh-insamhaltaithe:
|
(i)
|
tugtar tuairisc ar an bhfachtóir riosca;
|
|
(ii)
|
sonraítear an tréimhse leachtachta a shanntar don fhachtóir riosca i gcomhréir le hAirteagal 325bd de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
|
|
(iii)
|
sonraítear cé acu a ríomhann an institiúid an dianchás de shuaitheadh amach anseo leis an modh díreach nó leis an modh céim ar chéim dá dtagraítear in Airteagal 2, Airteagal 3, Airteagal 5 agus Airteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397 faoi seach, nó a chinneann sí dianchás rialála de shuaitheadh amach anseo i gcomhréir le hAirteagal 14 den Rialachán Tarmligthe sin;
|
|
(iv)
|
i gcás ina n-úsáideann an institiúid an modh céim ar chéim, sonraítear cé acu a úsáidtear nó nach n-úsáidtear an modh stairiúil, modh na sigme neamhshiméadraí, nó modh an chúltaca chun na suaití anuas agus aníos a chalabrú;
|
|
(v)
|
i gcás fachtóirí riosca a gcinneann an institiúid dianchás rialála de shuaitheadh amach anseo ina leith i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397, tugtar bonn cirt leis an rogha sin;
|
|
(vi)
|
sonraítear cé acu atá nó nach bhfuil an fachtóir riosca ina chuid de bhuicéad agus, má tá, cén ceann;
|
|
|
(c)
|
sonraítear le beartais inmheánacha na critéir dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (a)(i) agus Airteagal 4, pointe (a)(i), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397, lena leagtar síos an cás ina n-úsáidtear an modh díreach nó an modh céim ar chéim dá dtagraítear in Airteagal 2, Airteagal 3, Airteagal 5 agus Airteagal 6 den Rialachán Tarmligthe sin le tagairt d’aon fhachtóir riosca neamh-insamhaltaithe nó d’aon bhuicéad caighdeánaithe neamh-insamhaltaithe;
|
|
(d)
|
sonraítear le beartais inmheánacha na critéir chun laethanta gnó agus neamhghnó a shainaithint ar bhealach atá comhsheasmhach ar fud ríomh an bhirt riosca maidir le cás struis dá dtagraítear in Airteagal 325bk de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus ríomh an bhirt riosca easnaimh ionchasaigh dá dtagraítear in Airteagal 325bb den Rialachán sin;
|
|
(e)
|
sonraítear le beartais inmheánacha na critéir chun fachtóirí riosca a shainaithint a gcinneann an institiúid an beart riosca maidir le cás struis ina leith trí dhianchás rialála de shuaitheadh amach anseo a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397;
|
|
(f)
|
ceanglaítear le beartais inmheánacha go gcoimeádfaidh an institiúid cuntas ar na teipeanna praghsála uile dá dtagraítear in Airteagal 13(3) de Rialachán Tarmligthe (AE)2024/397, ar chúis na dteipeanna praghsála, agus ar na gníomhaíochtaí feabhais a dhéantar faoin Airteagal sin;
|
|
(g)
|
sonraítear le beartais inmheánacha a mhinice a dhéantar nuashonruithe, i gcomhréir le hAirteagal 12(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397, ar an tréimhse struis a úsáidtear chun an dianchás de shuaitheadh amach anseo a chinneadh, agus na critéir fhéideartha eile a spreagann nuashonrú ar an tréimhse struis sin.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|