|
+Airteagal 29 3. |
Airteagal 29 3.Áiritheoidh na Ballstáit na nithe seo a leanas:
(a)
ní chuirfidh rialacha náisiúnta maidir le tús, fad, fionraí nó briseadh tréimhsí teorann bac míchuí ar chaingne i leith damáistí a thionscnamh agus, i gcás ar bith, ní bheidh siad níos srianta ná na rialacha maidir le córais náisiúnta dliteanais shibhialta ghinearálta; is é cúig bliana ar a laghad a bheidh sa tréimhse teorann chun caingne i leith damáistí a thabhairt faoin Treoir seo agus, i gcás ar bith, ní giorra iad ná an tréimhse teorann a leagtar síos faoi chórais náisiúnta maidir le dliteanas sibhialta ginearálta. ní chuirfear tús le tréimhsí teorann sula mbeidh deireadh leis an sárú agus go mbeidh an méid seo a leanas ar eolas ag an éilitheoir, nó gur féidir a bheith ag súil leis go réasúnta go mbeadh sé ar an eolas:
(i)
faoin iompraíocht agus gur sárú é;
(ii)
gur bhain díobháil dóibh leis an sárú; agus
(iii)
faoi chéannacht an tsáraitheora;
(b)
ní bheidh costas na n-imeachtaí róchostasach d’éilitheoirí chun ceartas a lorg;
(c)
beidh éilitheoirí in ann bearta urghaire a lorg, lena n-áirítear trí nósanna imeachta eatramhacha. beidh na bearta urghaire sin i bhfoirm beart críochnúil nó sealadach chun sáruithe ar fhorálacha an dlí náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a scor trí ghníomhaíocht a dhéanamh nó trí iompar a scor; ▼M2 —————
(e)
i gcás ina ndéantar éileamh, agus tíolacann éilitheoir bonn cirt réasúnaithe ina bhfuil fíorais agus fianaise atá ar fáil go réasúnta agus ar leor iad chun tacú le inchreidteacht a n-éilimh ar dhamáistí agus inar léirigh siad go bhfuil fianaise bhreise faoi rialú na cuideachta, féadfaidh cúirteanna a ordú go ndéanfaidh an chuideachta an fhianaise sin a nochtadh i gcomhréir leis an dlí nós imeachta náisiúnta. cuirfidh na cúirteanna náisiúnta teorainn le nochtadh na fianaise a lorgófar don mhéid sin is gá agus atá comhréireach chun tacú le héileamh féideartha nó le héileamh ar dhamáistí agus teorannóidh siad caomhnú na fianaise don mhéid sin is gá agus atá comhréireach d’fhonn tacú le héileamh den sórt sin ar dhamáistí; agus cinneadh á dhéanamh an bhfuil ordú chun fianaise a nochtadh nó a chaomhnú comhréireach, breithneoidh cúirteanna náisiúnta a mhéid a thacaíonn fíorais agus fianaise atá ar fáil leis an éileamh nó leis an gcosaint, ar fíorais agus fianaise iad lena dtugtar bonn cirt don iarraidh fianaise a nochtadh; raon feidhme agus costas an nochta chomh maith le leasanna dlisteanacha na bpáirtithe uile lena mbaineann, lena n-áirítear aon tríú páirtithe, lena n-áirítear cuardaigh neamhshonracha ar fhaisnéis a chosc nach dócha go mbeidh siad ábhartha do na páirtithe sa nós imeachta; an bhfuil faisnéis rúnda san fhianaise a bhfuil a nochtadh á lorg, go háirithe maidir le haon tríú páirtithe, agus cé na socruithe atá i bhfeidhm chun an fhaisnéis rúnda sin a chosaint; áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil sé de chumhacht ag na cúirteanna náisiúnta nochtadh fianaise a ordú ar fianaise í a bhfuil faisnéis rúnda inti a mheasann siad a bheith ábhartha don chaingean le haghaidh damáistí; Áiritheoidh Ballstáit, agus nochtadh na faisnéise sin á ordú acu, go mbeidh bearta éifeachtacha ar fáil do chúirteanna náisiúnta chun an fhaisnéis sin a chosaint. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|