|
+Airteagal 8 2. |
Airteagal 8 2.Agus an mhodheolaíocht mhaoirseachta á forbairt, déanfaidh an tÚdarás idirdhealú idir eintitis faoi oibleagáid, lena n-áirítear ar bhonn a ngníomhaíochtaí agus shaghas agus chineál na rioscaí ML/TF a bhfuil siad neamhchosanta orthu. Beidh ar a laghad na heilimintí seo a leanas sa mhodheolaíocht mhaoirseachta agus beidh sí rioscabhunaithe:
(a)
tagarmharcanna agus modheolaíocht chun eintitis faoi oibleagáid a aicmiú ina gcatagóirí riosca ar bhonn a bpróifíle riosca iarmharaigh, ar leithligh le haghaidh gach catagóire eintiteas faoi oibleagáid;
(b)
cineálacha cur chuige i leith athbhreithniú maoirseachta ar fhéinmheasúnuithe eintiteas faoi oibleagáid i dtaobh riosca ML/TF;
(c)
cineálacha cur chuige i leith athbhreithniú maoirseachta ar bheartais agus nósanna imeachta inmheánacha eintiteas faoi oibleagáid, lena n-áirítear a mbeartais agus a nósanna imeachta díchill chuí do chustaiméirí, i gcomhréir le cur chuige rioscabhunaithe maidir le ML/TF a chosc;
(d)
cineálacha cur chuige i leith meastóireacht mhaoirseachta ar thosca riosca a bhaineann go bunúsach le custaiméirí, gaolmhaireachtaí gnó, idirbhearta agus bealaí seachadta eintiteas faoi oibleagáid, chomh maith le tosca riosca geografacha, nó i ndáil leo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|