+Airteagal 9 11

Airteagal 9 11

11.   Maidir le gach timthriall faireacháin, stórálfaidh na Ballstáit fothacar ionadaíoch de shamplaí ithreach ar feadh dhá thimthriall faireacháin ar a laghad, i gcartlanna tiomnaithe ithreach. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan samplaí ithreach óna réigiúin is forimeallaí a stóráil.

I gcás ina stórálann na Ballstáit samplaí ithreach ina gcartlanna tiomnaithe ithreach, cinnfidh siad na coinníollacha maidir le rochtain ar na samplaí ithreach sin agus maidir lena n-úsáid.

I gcás ina gcinneann Ballstáit fothacar ionadaíoch dá samplaí ithreach a aistriú chuig cartlann thiomnaithe ithreach an Choimisiúin, déanfaidh an Coimisiún foráil maidir leis an aistriú sin. Bunóidh na Ballstáit agus an Coimisiún na socruithe praiticiúla maidir le seoladh na samplaí ithreach sin agus na coinníollacha maidir lena rochtain agus lena n-úsáid. Déanfaidh an Coimisiún aon torthaí a thagann as seiceálacha breise ar pharaiméadair ábhartha nó as anailís a dhéanfar amach anseo ar pharaiméadair nua atá ag teacht chun cinn a tharchur chuig na Ballstáit. Stórálfaidh an Coimisiún na samplaí ithreach i gcomhréir lena phrótacal maidir le cartlannú.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas