Ainmneoidh na húdaráis cheadúcháin seirbhísí teicniúla i ndáil le ceann amháin nó níos mó de na catagóirí seo a leanas, i gcomhréir lena réimsí inniúlachta:
|
(a)
|
catagóir A : na tástálacha dá dtagraítear sa Rialachán seo a dhéanamh i saoráidí na seirbhísí teicniúla;
|
|
(b)
|
catagóir B : na tástálacha dá dtagraítear sa Rialachán seo a mhaoirsiú, nuair a dhéantar tástálacha den sórt sin i saoráidí monaróra nó i saoráidí tríú páirtí;
|
|
(c)
|
catagóir C : nósanna imeachta an mhonaróra chun rialú a dhéanamh ar chomhréireacht an táirgthe a mheasúnú agus faireachán a dhéanamh orthu ar bhonn rialta;
|
|
(d)
|
catagóir D : tástálacha nó iniúchtaí chun a áirithiú go ndéantar comhréireacht an táirgthe a mhaoirsiú nó a dhéanamh.
|