+Airteagal 14 Comhlíonadh a sheiceáil
---+Airteagal 14 1.
---+Airteagal 14 1a.
---+Airteagal 14 1b.
---+Airteagal 14 1c.
---+Airteagal 14 2.
---+Airteagal 14 3.
---+Airteagal 14 4.
|
Airteagal 14 Comhlíonadh a sheiceáil
Comhlíonadh a sheiceáil
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 14 1.
|
Faoin 15 Márta 2027 i gcás na tréimhse ó 2021 go 2025, agus faoin 15 Márta 2032 i gcás na tréimhse ó 2026 go 2030, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil ar chomhlíonadh, bunaithe ar thacair sonraí bhliantúla, faoi bhráid an Choimisiúin, ina mbeidh iarmhéid na n-astaíochtaí agus na n-aistrithe iomlána don tréimhse ábhartha ar gach ceann de na catagóirí cuntasaíochta talún a shonraítear in Airteagal 2(1), pointí (a) go (f), don tréimhse ó 2021 go 2025 agus in Airteagal 2(2), pointí (a) go (j), don tréimhse ó 2026 go 2030, ag úsáid na rialacha cuntasaíochta a leagtar síos sa Rialachán seo. Áireofar sa tuarascáil ar chomhlíonadh measúnú ar an méid seo a leanas:
(a)
na beartais agus na bearta maidir le comhbhabhtálacha a d’fhéadfadh a bheith ann, lena n-áirítear ar a laghad le cuspóirí agus straitéisí comhshaoil eile de chuid an Aontais, amhail iad sin a leagtar síos san 8ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
2
), i Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais go dtí 2030 agus i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Deireadh Fómhair 2018 maidir le Bithgheilleagar inbhuanaithe don Eoraip: An nasc idir an geilleagar, an tsochaí agus an comhshaol a neartú;
(b)
an chaoi ar chuir na Ballstáit an prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” san áireamh agus a mbeartais agus a mbearta á nglacadh acu chun a sprioc a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 4(3) nó a mbuiséad a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 4(4) a chomhlíonadh, a mhéid is ábhartha;
(c)
na sineirgí idir maolú agus oiriúnú aeráide, lena n-áirítear beartais agus bearta chun leochaileacht na talún i leith suaití nádúrtha agus na haeráide a laghdú;
(d)
sineirgí idir maolú aeráide agus bithéagsúlacht.
I gcás inarb iomchuí, beidh sa tuarascáil ar chomhlíonadh freisin, mionsonraí faoin rún atá ann na solúbthachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11 agus na méideanna gaolmhara a úsáid, nó faoi úsáid solúbthachtaí agus méideanna gaolmhara den sórt sin. Cuirfidh na Ballstáit na tuarascálacha ar chomhlíonadh ar fáil go poiblí i gcomhréir le hAirteagal 28 de Rialachán (AE) 2018/1999.
|
|
Airteagal 14 1a.
|
Féadfaidh sonraí fardail maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa arna dtíolacadh ag gach Ballstát agus arna mbailíochtú de bhun Airteagal 38 de Rialachán (AE) 2018/1999 a bheith faoi réir coigeartú modheolaíochta ag an gCoimisiún i gcás ina ndearnadh athrú ar an modheolaíocht arna húsáid ag na Ballstáit. Mar sin féin, agus é mar chuspóir leo measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh sprioc 2030 an Aontais, ní dhéanfaidh ceartuithe teicniúla den sórt sin difear do luach ghlanaistrithe 310 milliún tona CO2 mar shuim na nglanaistrithe gás ceaptha teasa, in kt de choibhéis CO2, in 2030 le haghaidh na mBallstát a leagtar amach i gcolún D d’Iarscríbhinn IIa ná do na spriocanna i gcolún C den Iarscríbhinn sin.
|
|
Airteagal 14 1b.
|
Tabharfaidh na Ballstáit a léiríonn go bhfuil sé ar intinn acu an tsolúbthacht dá dtagraítear in Airteagal 13b(6) a úsáid tuairisc, i ranna tiomnaithe den tuarascáil, ar na bearta arna ndéanamh chun na héifeachtaí a luaitear in Airteagal 13b(6), pointe (b), a mhaolú nó a aisiompú, chomh maith leis na héifeachtaí a breathnaíodh agus a bhfuiltear ag dréim leo ó na bearta sin.
|
|
Airteagal 14 1c.
|
Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú cuimsitheach ar na tuarascálacha ar chomhlíonadh, a sholáthraítear faoi mhír 1 den Airteagal seo chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh Airteagal 4. I gcomhthráth leis an athbhreithniú cuimsitheach sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcaoi ar cuireadh an prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” san áireamh faoi mhír 1, pointe (b). I ndáil leis sin, sula ndéanfaidh sé an chéad mheasúnú, eiseoidh an Coimisiún treoir maidir le cur i bhfeidhm an phrionsabail “gan dochar suntasach a dhéanamh” chun críoch an Rialacháin seo.
|
|
Airteagal 14 2.
|
Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú cuimsitheach ar na tuarascálacha ar chomhlíonadh, a sholáthraítear faoi mhír 1 den Airteagal seo chun críocha measúnaithe ar chomhlíonadh le hAirteagal 4.
|
|
Airteagal 14 3.
|
Ullmhóidh an Coimisiún in 2027 tuarascáil, don tréimhse ó 2021 go 2025, agus in 2032, don tréimhse ó 2026 go 2030, ar astaíochtaí iomlána agus aistrithe iomlána gás ceaptha teasa an Aontais i gcás gach ceann de na catagóirí cuntasaíochta talún dá dtagraítear in Airteagal 2 arna ríomh mar astaíochtaí agus aistrithe tuairiscithe iomlána don tréimhse lúide an luach a fhaightear trí astaíochtaí agus aistrithe tuairiscithe bliantúla an Aontais ar an meán sa tréimhse ó 2000 go 2009 a iolrú faoi chúig.
|
|
Airteagal 14 4.
|
Tabharfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil cúnamh don Choimisiún chun an creat maidir le faireachán agus comhlíonadh dá bhforáiltear san Airteagal seo a chur chun feidhme, i gcomhréir lena chlár oibre bliantúil.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|