|
+Airteagal 38 3. |
Airteagal 38 3.Beidh feidhm ag na forálacha breise seo a leanas:
(a)
soláthróidh aon údarás inniúil idirthurais san Aontas admháil chuig an bhfógróir go bhfuair sé fógra atá comhlánaithe i gceart agus seolfaidh sé cóipeanna chuig na húdaráis inniúla eile lena mbaineann i gcás nach bhfuil aon rochtain acu ar an gcóras dá dtagraítear in Airteagal 27;
(b)
cuirfidh an t-údarás inniúil seolta agus, aon údarás inniúil idirthurais san Aontas oifig custam onnmhairithe agus an oifig custam imeachta ar an eolas faoina gcinntí maidir le toiliú leis an loingsiú;
(c)
soláthróidh an t-iompróir cóip den doiciméad gluaiseachta don oifig custam onnmhairithe agus don oifig custam imeachta tríd an bpost nó, más iomchuí, trí fhacs nó i ríomhphost agus síniú digiteach leis, nó, i gcás ina bhfuil rochtain ag an oifig custam onnmhairithe agus an oifig custam imeachta air, tríd an lárchóras dá dtagraítear in Airteagal 27(3);
(d)
a luaithe a fhágfaidh an dramhaíl an tAontas, cuirfidh an oifig custam imeachta an t-údarás inniúil seolta san Aontas ar an eolas gur fhág an dramhaíl an tAontas;
(e)
i gcás nach bhfuil aon fhaisnéis faighte ón tsaoráid ag an údarás inniúil seolta san Aontas faoi fháil na dramhaíola 42 lá tar éis don dramhaíl an tAontas a fhágáil, cuirfidh sé an t-údarás inniúil cinn scríbe ar an eolas faoin méid sin gan mhoill trí chóras dá dtagraítear in Airteagal 27 nó i gcomhréir le hAirteagal 72;
(f)
beidh na téarmaí agus coinníollacha seo a leanas sa chonradh dá dtagraítear in Airteagal 6:
(i)
i gcás ina n-eisíonn saoráid deimhniú diúscartha mícheart, agus ina scaoiltear an ráthaíocht airgeadais dá dheasca sin, is é an coinsíní a sheasfaidh na costais arna n-eascairt as an dualgas chun an dramhaíl a chur ar ais chuig limistéar dlínse an údaráis inniúil seolta agus as a haisghabháil nó a diúscairt ar bhealach malartach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol;
(ii)
laistigh de 3 lá ó fháil na dramhaíola lena diúscairt, seolfaidh an tsaoráid cóipeanna sínithe den doiciméad gluaiseachta comhlánaithe, cé is moite den deimhniú diúscartha dá dtagraítear i bpointe (iii), chuig an bhfógróir agus chuig na húdaráis inniúla lena mbaineann;
(iii)
deimhneoidh an tsaoráid, a luaithe is féidir ach tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis chur i gcrích na diúscartha agus in aon chás, tráth nach déanaí ná 1 bhliain tar éis an dramhaíl faoina cúraim a fháil, gur cuireadh an diúscairt i gcrích agus seolfaidh sí cóipeanna sínithe den doiciméad gluaiseachta ina bhfuil an deimhniú chuig an bhfógróir agus chuig na húdaráis inniúla lena mbaineann;
(g)
laistigh de 3 lá oibre tar éis na cóipeanna dá dtagraítear i bpointí (f)(ii) agus (f)(iii) a fháil, cuirfidh an fógróir an fhaisnéis sna cóipeanna sin ar fáil go leictreonach i gcomhréir le hAirteagal 27. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|