+Airteagal 38 Nósanna imeachta maidir le honnmhairiú dramhaíola atá beartaithe lena diúscairt chuig tíortha CSTE
---+Airteagal 38 1.
---+Airteagal 38 2.
---+Airteagal 38 3.
---+Airteagal 38 4.
---+Airteagal 38 5.
---+Airteagal 38 6.
|
Airteagal 38 Nósanna imeachta maidir le honnmhairiú dramhaíola atá beartaithe lena diúscairt chuig tíortha CSTE
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 38 1.
|
I gcás ina ndéantar dramhaíl a onnmhairiú ón Aontas chuig tír CSTE atá ina Páirtí i gCoinbhinsiún Basel agus i gcás ina bhfuil an dramhaíl beartaithe lena diúscairt sa tír sin, beidh feidhm ag forálacha Theideal II mutatis mutandis, chomh maith leis na hoiriúnuithe agus na forálacha breise a leagtar amach i míreanna 2 agus 3.
|
|
Airteagal 38 2.
|
Beidh feidhm ag na hoiriúnuithe seo a leanas:
(a)
i gcomhréir le hAirteagal 27, cuirfidh an fógróir an fógra agus aon fhaisnéis agus doiciméadacht bhreise a iarrtar isteach, agus an tráth céanna, soláthróidh sé an fógra agus an fhaisnéis agus an doiciméadacht bhreise sin tríd an bpost, nó más iomchuí, i bhfacs nó i ríomhphost agus síniú digiteach leo, chuig an údarás inniúil cinn scríbe agus aon údarás inniúil idirthurais lasmuigh den Aontas, ach amháin má tá na húdaráis sin nasctha leis an lárchóras dá dtagraítear in Airteagal 27(3); i gcás ina n-úsáidtear ríomhphost le síniú digiteach, cuirfear an síniú digiteach in ionad aon stampa nó síniú a cheanglaítear;
(b)
soláthróidh an fógróir, i gceangal leis an doiciméad fógartha, fianaise dhoiciméadach go ndearnadh iniúchadh dá dtagraítear in Airteagal 46(3) sa tsaoráid a bhfuil dramhaíl á honnmhairiú chuici, ach amháin má tá feidhm ag an díolúine in Airteagal 46(11);
(c)
cuirfidh an t-údarás inniúil seolta agus aon údarás inniúil idirthurais san Aontas an t-údarás inniúil cinn scríbe agus aon údarás inniúil idirthurais lasmuigh den Aontas ar an eolas faoi aon iarraidh ar fhaisnéis agus doiciméadacht óna thaobh agus faoina gcinneadh agus faoina gcoinníollacha, más ann dóibh, maidir leis an loingsiú dramhaíola beartaithe, tríd an bpost, nó más iomchuí, trí fhacs nó trí ríomhphost le síniú digiteach, mura rud é go bhfuil na húdaráis inniúla sin nasctha leis an lárchóras dá dtagraítear in Airteagal 27(3);
(d)
déanfar an fhaisnéis atá le soláthar don údarás inniúil cinn scríbe agus d’aon údarás inniúil idirthurais lasmuigh den Aontas de bhun Airteagail 7, 8, 16 agus 17 a sholáthar tríd an bpost, nó más iomchuí, trí fhacs nó trí ríomhphost le síniú digiteach, ach amháin má tá na húdaráis sin nasctha leis an lárchóras dá dtagraítear in Airteagal 27(3);
(e)
áiritheoidh an fógróir go n-áireofar an fhaisnéis atá le soláthar ag an tsaoráid de bhun Airteagal 15(3) go (5) agus Airteagal 16(5) agus (6) i gcóras dá dtagraítear in Airteagal 27, ach amháin má tá na saoráidí sin nasctha leis an lárchóras dá dtagraítear in Airteagal 27(3);
(f)
aon údarás inniúil idirthurais lasmuigh den Aontas, beidh 60 lá aige ó dháta tharchur a admhála go bhfuair sé an fógra atá comhlánaithe i gceart, chun toiliú intuigthe a sholáthar má tá cinneadh déanta ag an tír lena mbaineann nach n-éileoidh sí réamhthoiliú i scríbhinn agus gur chuir an tír na Páirtithe i gCoinbhinsiún Basel ar an eolas faoin méid sin, i gcomhréir le hAirteagal 6(4) den Choinbhinsiún sin, nó chun toiliú i scríbhinn a thabhairt le coinníollacha nó gan choinníollacha;
(g)
an t-údarás inniúil seolta san Aontas, ní dhéanfaidh sé cinneadh toiliú leis an loingsiú dá dtagraítear in Airteagal 9 ach tar éis dó toiliú i scríbhinn a fháil ón údarás inniúil cinn scríbe agus, i gcás inarb iomchuí, toiliú intuigthe nó i scríbhinn ó údarás inniúil idirthurais lasmuigh den Aontas, agus tráth nach luaithe ná 61 lá tar éis an dáta a dhéanann an t-údarás inniúil idirthurais admháil fála an fhógra atá comhlánaithe i gceart a tharchur, ach amháin má tá toiliú i scríbhinn ag údarás inniúil seolta lasmuigh den Aontas ó na húdaráis inniúla eile lena mbaineann, agus sa chás sin, féadfaidh sé an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 9 a dhéanamh roimh an teorainn ama sin.
|
|
Airteagal 38 3.
|
Beidh feidhm ag na forálacha breise seo a leanas:
(a)
soláthróidh aon údarás inniúil idirthurais san Aontas admháil chuig an bhfógróir go bhfuair sé fógra atá comhlánaithe i gceart agus seolfaidh sé cóipeanna chuig na húdaráis inniúla eile lena mbaineann i gcás nach bhfuil aon rochtain acu ar an gcóras dá dtagraítear in Airteagal 27;
(b)
cuirfidh an t-údarás inniúil seolta agus, aon údarás inniúil idirthurais san Aontas oifig custam onnmhairithe agus an oifig custam imeachta ar an eolas faoina gcinntí maidir le toiliú leis an loingsiú;
(c)
soláthróidh an t-iompróir cóip den doiciméad gluaiseachta don oifig custam onnmhairithe agus don oifig custam imeachta tríd an bpost nó, más iomchuí, trí fhacs nó i ríomhphost agus síniú digiteach leis, nó, i gcás ina bhfuil rochtain ag an oifig custam onnmhairithe agus an oifig custam imeachta air, tríd an lárchóras dá dtagraítear in Airteagal 27(3);
(d)
a luaithe a fhágfaidh an dramhaíl an tAontas, cuirfidh an oifig custam imeachta an t-údarás inniúil seolta san Aontas ar an eolas gur fhág an dramhaíl an tAontas;
(e)
i gcás nach bhfuil aon fhaisnéis faighte ón tsaoráid ag an údarás inniúil seolta san Aontas faoi fháil na dramhaíola 42 lá tar éis don dramhaíl an tAontas a fhágáil, cuirfidh sé an t-údarás inniúil cinn scríbe ar an eolas faoin méid sin gan mhoill trí chóras dá dtagraítear in Airteagal 27 nó i gcomhréir le hAirteagal 72;
(f)
beidh na téarmaí agus coinníollacha seo a leanas sa chonradh dá dtagraítear in Airteagal 6:
(i)
i gcás ina n-eisíonn saoráid deimhniú diúscartha mícheart, agus ina scaoiltear an ráthaíocht airgeadais dá dheasca sin, is é an coinsíní a sheasfaidh na costais arna n-eascairt as an dualgas chun an dramhaíl a chur ar ais chuig limistéar dlínse an údaráis inniúil seolta agus as a haisghabháil nó a diúscairt ar bhealach malartach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol;
(ii)
laistigh de 3 lá ó fháil na dramhaíola lena diúscairt, seolfaidh an tsaoráid cóipeanna sínithe den doiciméad gluaiseachta comhlánaithe, cé is moite den deimhniú diúscartha dá dtagraítear i bpointe (iii), chuig an bhfógróir agus chuig na húdaráis inniúla lena mbaineann;
(iii)
deimhneoidh an tsaoráid, a luaithe is féidir ach tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis chur i gcrích na diúscartha agus in aon chás, tráth nach déanaí ná 1 bhliain tar éis an dramhaíl faoina cúraim a fháil, gur cuireadh an diúscairt i gcrích agus seolfaidh sí cóipeanna sínithe den doiciméad gluaiseachta ina bhfuil an deimhniú chuig an bhfógróir agus chuig na húdaráis inniúla lena mbaineann;
(g)
laistigh de 3 lá oibre tar éis na cóipeanna dá dtagraítear i bpointí (f)(ii) agus (f)(iii) a fháil, cuirfidh an fógróir an fhaisnéis sna cóipeanna sin ar fáil go leictreonach i gcomhréir le hAirteagal 27.
|
|
Airteagal 38 4.
|
Ní féidir an loingsiú a dhéanamh ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)
tá toiliú i scríbhinn faighte ag an bhfógróir ó na húdaráis inniúla seolta, cinn scríbe agus, i gcás inarb infheidhme, idirthurais lasmuigh den Aontas agus comhlíonadh na coinníollacha arna leagan síos sna toillithe sin nó sna hiarscríbhinní a ghabhann leo;
(b)
áirithítear go bhfuil an dramhaíl á bainistiú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol dá dtagraítear in Airteagal 59.
|
|
Airteagal 38 5.
|
I gcás ina ndéantar dramhaíl a onnmhairiú, beidh sí beartaithe le haghaidh oibríochtaí diúscartha laistigh de shaoráid atá ag oibriú nó a bhfuil údarú aici oibriú sa tír cinn scríbe, faoin dlí náisiúnta is infheidhme.
|
|
Airteagal 38 6.
|
I gcás ina dtagann oifig custam onnmhairithe nó oifig custam imeachta ar loingsiú neamhdhleathach, cuirfidh sí an t-údarás inniúil sa tír ina bhfuil an oifig custam ar an eolas faoi sin gan mhoill. Déanfaidh an t-údarás inniúil sin an méid seo a leanas:
(a)
cuirfidh sé an t-údarás inniúil seolta san Aontas ar an eolas gan mhoill faoin loingsiú neamhdhleathach;
(b)
áiritheoidh sé go gcoinneofar an dramhaíl go dtí go ndéanfaidh an t-údarás inniúil seolta a mhalairt de chinneadh agus go dtí go gcuirfidh sé an cinneadh sin in iúl i scríbhinn don údarás inniúil i dtír na hoifige custam ina bhfuil an dramhaíl á coinneáil; agus
(c)
cinneadh an údaráis inniúil seolta dá dtagraítear i bpointe (b) a chur in iúl gan mhoill don oifig custam onnmhairiúcháin nó don oifig custam imeachta a d’aimsigh an loingsiú neamhdhleathach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|