|
+Airteagal 46 7. |
Airteagal 46 7.Fógróir nó duine a shocraíonn an loingsiú tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoi iniúchtaí arna gcoimisiúnú acu i gcomhréir le míreanna 3 agus 5, agus a léirigh go gcomhlíonann saoráid na critéir a leagtar síos i gCuid B d’Iarscríbhinn X. Beidh an fhaisnéis seo a leanas san iarraidh:
(a)
ainm agus sonraí teagmhála na saoráide a bhí faoi réir an iniúchta;
(b)
ainm agus sonraí teagmhála an fhógróra nó an duine a shocraíonn an loingsiú agus a choimisiúnaigh an t-iniúchadh;
(c)
ainm agus sonraí teagmhála an tríú páirtí a rinne an t-iniúchadh;
(d)
dáta an iniúchta;
(e)
na cineálacha dramhaíola, mar a liostaítear in Iarscríbhinn III, IIIA, IIIB nó IV nó sa liosta dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2008/98/CE;
(f)
na hoibríochtaí aisghabhála (R-chóid), dá dtagraítear in Iarscríbhinn II de Threoir 2008/98/CE. Féadfaidh fógróir nó duine a shocraíonn an loingsiú fógra a thabhairt don Choimisiún maidir le hiniúchadh arna choimisiúnú ag an tsaoráid iniúchta féin, ar choinníoll go bhfuil sé fíoraithe ag an bhfógróir nó ag an duine a shocraíonn an loingsiú go ndearnadh an t-iniúchadh i gcomhréir le míreanna 3 agus 4 agus gur léirigh sé go gcomhlíonann an tsaoráid na critéir a leagtar síos i gCuid B d’Iarscríbhinn X. Beidh faisnéis i bhfógra den sórt sin i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, pointí (a) agus (c) go (f). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|