|
+Airteagal 83 Leasú ar Rialachán (AE) 2020/1056 |
Airteagal 83 Leasú ar Rialachán (AE) 2020/1056Airteagal 83 Leasú ar Rialachán (AE) 2020/1056 Leasaítear Rialachán (AE) 2020/1056 mar a leanas:’
(1)
in Airteagal 2(1)(a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iv):
‘(iv)
Airteagal 9(2), Airteagal 16(1) agus Airteagal 18(4) de Rialachán (AE) 2024/1157 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *1 ); ní dochar an Rialachán seo do rialuithe a dhéanann oifigí custam dá bhforáiltear i bhforálacha ábhartha de ghníomhartha dlí an Aontais.
(2)
in Airteagal 5, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:
‘1a.
De mhaolú ar mhír 1, glacfaidh údaráis inniúla faisnéis rialála, lena n-áirítear faisnéis bhreise, de bhun Rialachán (AE)2024/1157 amhail ón 21 Bealtaine 2026.’;
(3)
in Airteagal 5, scriostar mír 2;
(4)
in Airteagal 7, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
‘4.
De mhaolú ar mhír 3, déanfar eilimintí dá dtagraítear i mír 1 a bhaineann le ceanglais faisnéise a leagtar amach sna forálacha dá dtagraítear i bpointe (iv) d’Airteagal 2(1)(a) a ghlacadh tráth nach déanaí ná an dáta dá dtagraítear in Airteagal 27(5) de Rialachán (AE) 2024/1157.’;
(5)
in Airteagal 8, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
‘4.
De mhaolú ar mhír 3, déanfar eilimintí dá dtagraítear i mír 1 a bhaineann go sonrach le rochtain agus próiseáil faisnéise rialála ag na húdaráis i ndáil le ceanglais a leagtar amach sna forálacha dá dtagraítear i bpointe (iv) d’Airteagal 2(1)(a), lena n-áirítear an chumarsáid leis na hoibreoirí eacnamaíocha i ndáil leis an bhfaisnéis sin, a ghlacadh tráth nach déanaí ná an dáta dá dtagraítear in Airteagal 27(5) de Rialachán (AE) 2024/1157.’;
(6)
in Airteagal 9, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
‘3.
De mhaolú ar mhír 2, déanfar eilimintí dá dtagraítear i mír 1 a bhaineann go sonrach le próiseáil faisnéise rialála i ndáil le ceanglais a leagtar amach sna forálacha dá dtagraítear i bpointe (iv) d’Airteagal 2(1)(a) a ghlacadh tráth nach déanaí ná an dáta dá dtagraítear in Airteagal 27(5) de Rialachán (AE) 2024/1157.’.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|