+IARSCRÍBHINN III LIOSTA DE DHRAMHAÍOLACHA ATÁ FAOI RÉIR NA gCEANGLAS GINEARÁLTA FAISNÉISE A LEAGTAR SÍOS IN AIRTEAGAL 18 (DRAMHAÍL ATÁ AR AN LIOSTA GLAS) DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 4(4)(a)

IARSCRÍBHINN III LIOSTA DE DHRAMHAÍOLACHA ATÁ FAOI RÉIR NA gCEANGLAS GINEARÁLTA FAISNÉISE A LEAGTAR SÍOS IN AIRTEAGAL 18 (DRAMHAÍL ATÁ AR AN LIOSTA GLAS) DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 4(4)(a)




IARSCRÍBHINN III

LIOSTA DE DHRAMHAÍOLACHA ATÁ FAOI RÉIR NA gCEANGLAS GINEARÁLTA FAISNÉISE A LEAGTAR SÍOS IN AIRTEAGAL 18 (DRAMHAÍL ATÁ AR AN LIOSTA GLAS) DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 4(4)(a)

Gan beann ar cé acu a áirítear dramhaíolacha ar an liosta seo nó nach n-áirítear, d’fhéadfadh sé nach mbeidís faoi réir na gceanglas ginearálta faisnéise a leagtar síos in Airteagal 18 má tá siad éillithe ag ábhair eile sa mhéid seo a leanas

(a) 

go méadaíonn sé na rioscaí a bhaineann leis na dramhaíolacha go leordhóthanach chun go mbeidís iomchuí lena gcur faoi bhráid an nós imeachta um réamhfhógra agus réamhthoiliú i scríbhinn, agus an liosta dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2008/98/CE chomh maith leis na hairíonna guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin á gcur i gcuntas nó

(b) 

go gcuirtear cosc ar na dramhaíolacha a aisghabháil ar bhealach atá neamhdhíobhálacha don chomhshaol.

Cuid I:

Dramhaíolacha a liostaítear in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Coinbhinsiún Basel ( 16 ).

Chun críocha an Rialacháin seo:

(a) 

Aon tagairt do liosta A in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Coinbhinsiún Basel, tuigfear í mar thagairt d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo;

(b) 

In iontráil Basel B1020, áirítear leis an téarma ‘foirm bhulc-chríochnaithe’ na foirmeacha neamhspréite miotalacha uile ( 17 ) den dramh-mhiotail a liostaítear inti;

(c) 

Is mar seo a leanas a bheidh iontráil Basel B1030: ‘Iarmhair ina bhfuil miotail theasfhulangacha’;

(d) 

Níl feidhm ag an gcuid d’iontráil Basel B1100 ina dtagraítear do ‘Slaigeanna ó phróiseáil copair’ etc. agus tá feidhm ag iontráil (ECFE) GB040 i gCuid II ina hionad sin;

▼M1 —————

▼B

(f) 

Níl feidhm ag iontráil Basel B2050 agus tá feidhm ag iontráil (ECFE) GG040 i gCuid II ina hionad sin.

(g) 

Maidir le dramhaíl a loingsítear laistigh den Aontas, níl feidhm ag iontráil Basel B3011 agus tá feidhm ag an iontráil seo a leanas ina hionad sin:

EU3011 ( 18 )

Dramhaíl phlaisteach (tugtar ar aire an iontráil ghaolmhar AC300 i gCuid II d’Iarscríbhinn IV, agus an iontráil ghaolmhar EU48 i gCuid I d’Iarscríbhinn IV):

Dramhaíl phlaisteach a liostaítear thíos, ar choinníoll go bhfuil sí beagnach saor ó éilliú agus ó chineálacha eile dramhaíolacha ( 19 ) agus go bhfuil sí beartaithe lena hathchúrsáil:

— 
Dramhaíl phlaisteach atá beagnach comhdhéanta go heisiach ( 20 ) de polaiméir neamh-halaiginithe amháin, lena n-áirítear na polaiméirí seo a leanas ach gan a bheith teoranta dóibh:
— 
Poileitiléin (PE)
— 
Polapróipiléin (PP)
— 
Polaistiréin (PS)
— 
Stiréin bhútaidhé-éine aicrilinítríle (ABS)
— 
Teireataláit phoileitléine (TPE)
— 
Polacarbónáití (PC)
— 
Poiléitir
— 
Dramhaíl phlaisteach atá beagnach comhdhéanta go heisiach ( 21 ) de roisín leasaithe nó táirge comhdhlúthúcháin amháin, lena n-áirítear na roisíní seo a leanas ach gan a bheith teoranta dóibh:
— 
Roisíní úiré-formaildéid
— 
Roisíní feanól-formaildéid
— 
Roisíní formaildéid mealaimín
— 
Roisíní eapocsacha
— 
Roisíní ailcíde
— 
Dramhaíl atá beagnach comhdhéanta go heisiach (21)  de cheann amháin de na polaiméirí fluairínithe seo a leanas ( 22 ):
— 
Sárfhluaireitiléin/próipiléin (FEP)
— 
Alcáin shárfhluaracsacha:
— 
Teitreafluaireitiléin/éitear vinile shárfhluairailcile (PFA)
— 
Teitreafluaireitiléin/éitear vinile shárfhluaraimeitil (MFA)
— 
Polaiviniolfluairíd (PVF)
— 
Polaivinilídéinefluairíd (PVDF)
— 
Polaiteitreafluaireitiléin (PTFE)
— 
Clóiríd pholaivinile (PVC).

Cuid II:

Dramhaíolacha ina bhfuil miotal a eascraíonn as leá, bruithniú agus mínghlanadh miotal



GB040

7112

2620 30

2620 91

Slaigeanna ó phróiseáil miotal lómhar agus copair chun iad a mhínghlanadh tuilleadh

Dramhaíolacha eile ina bhfuil miotail



GC010

 

Cóimeálacha leictreacha nach bhfuil iontu ach miotail nó cóimhiotail ()

GC020

 

Fuíoll leictreonach (e.g. cláir ciorcad priontáilte, comhpháirteanna leictreonacha, sreang, etc.) agus comhpháirteanna leictreonacha athshlánaithe atá oiriúnach d’aisghabháil táirmhiotail agus miotail lómhair ()

GC030

ex 8908 00

Soithí agus déanmhais shnámhacha eile atá le briseadh, óna bhfolmhaítear i gceart aon lastas agus ábhair eile a eascraíonn as oibriú an tsoithigh a d’fhéadfaí a aicmiú mar shubstaint nó dramhaíl chontúirteach ()

GC050

 

Catalaígh Leachtscoilte Chatalaíoch (FCC) Spíonta (e.g.: ocsaíd alúmanaim, seoilítí)

(1)   

Tuigtear ón téarma ‘óna bhfolmhaítear i gceart’ go gcomhlíontar go hiomlán rialacha agus treoracha idirnáisiúnta maidir le hathchúrsáil long.

►M1  (2)   

Ní bheidh feidhm ag iontráil GC010 ach amháin maidir le dramhaíl a loingsítear laistigh den Aontas, agus ní bheidh feidhm aici ach go dtí an 31 Nollaig 2026.

 ◄
►M1  (3)   

Ní bheidh feidhm ag iontráil GC020 ach amháin maidir le dramhaíl a loingsítear laistigh den Aontas, agus ní bheidh feidhm aici ach go dtí an 31 Nollaig 2026.

 ◄

Dramhaíl ghloine i bhfoirm neamhspréite



GE020

ex 7001

ex 7019 39

Dramhaíl Snáithín Gloine

Dramhaíolacha ceirmeacha i bhfoirm neamhspréite



GF010

 

Dramhaíolacha ceirmeacha a bácáladh tar éis a múnlaithe, lena n-áirítear soithí ceirmeacha (sula n-úsáidtear iad agus/nó ina dhiaidh sin)

Dramhaíolacha eile a bhfuil comhábhair neamhorgánacha iontu go príomha, a bhféadfadh miotail agus ábhair orgánacha a bheith iontu



GG030

ex 2621

Bunluaith agus tapa slaige ó ghléasraí cumhachta gualbhreoslaithe

GG040

ex 2621

Luaith mhionaithe ó ghléasraí cumhachta gualbhreoslaithe

Dramhaíolacha a eascraíonn as oibríochtaí súdaireachta agus mangaireachta seithí agus as úsáid leathair



GN010

ex 0502 00

Dramhaíl guairí agus fionnaidh muc, borraí nó torc nó dramhaíl fionnaidh broc agus fionnaidh eile a úsáidtear chun scuaba a dhéanamh

GN020

ex 0503 00

Dramhaíl róin, bíodh sí i bhfoirm sraitheanna nó ná bíodh, le hábhar tacaíochta nó dá uireasa

GN030

ex 0505 90

Dramhaíl craicne agus codanna eile d’éin, agus a gcleití nó a gclúmh orthu, dramhaíl cleití agus codanna de chleití (bídís bearrtha nó ná bíodh) agus dramhaíl chlúimh, gan aon obair bhreise a bheith déanta orthu seachas glanadh, dífhabhtú nó cóiriú lena gcaomhnú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas