+IARSCRÍBHINN V LIOSTA DRAMHAÍOLA CHUN CRÍCHE AIRTEAGAL 39
|
IARSCRÍBHINN V LIOSTA DRAMHAÍOLA CHUN CRÍCHE AIRTEAGAL 39
IARSCRÍBHINN V
LIOSTA DRAMHAÍOLA CHUN CRÍCHE AIRTEAGAL 39
Nótaí réamhráiteacha
1. Tá feidhm ag an Iarscríbhinn seo gan dochar do Threoir 2008/98/CE.
2. Tá dhá chuid san Iarscríbhinn seo. Tagraítear le hAirteagal 39 don liosta dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2008/98/CE freisin. Chun críocha an Rialacháin seo agus chun cinneadh a dhéanamh i dtaobh an gcumhdaítear dramhaíl shonrach leis an toirmeasc onnmhairiúcháin in Airteagal 39 den Rialachán seo, níl feidhm ag an liosta dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2008/98/CE ach amháin nuair nach bhfuil feidhm ag Liosta A de Chuid 1 den Iarscríbhinn seo. Mura liostaítear dramhaíl i Liosta A de Chuid 1 den Iarscríbhinn seo, agus mura liostaítear mar dhramhaíl ghuaiseach í sa liosta dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2008/98/CE, is ansin amháin a chaithfear a sheiceáil an liostaítear i gCuid 2 den Iarscríbhinn seo í.
3. Dramhaíolacha a liostaítear i Liosta B de Chuid 1, nó a áirítear leis an dramhaíl neamhghuaiseach a liostaítear sa liosta dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2008/98/CE (i.e. dramhaíolacha nach marcáiltear le réiltín), cumhdaítear leis an toirmeasc onnmhairiúcháin iad má éillítear chomh mór sin le hábhair eile iad go bhfuil na nithe seo a leanas i gceist:
(a)
go méadaítear na rioscaí a bhaineann leis na dramhaíolacha go leordhóthanach chun go mbeadh sí iomchuí lena cur faoi bhráid an nós imeachta um réamhfhógra agus réamhthoiliú i scríbhinn, agus an liosta dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2008/98/CE chomh maith leis na hairíonna guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin á gcur i gcuntas; nó
(b)
go gcuirtear cosc ar aisghabháil na dramhaíola ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol.
Cuid 1 (
26
)
Liosta A (Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Coinbhinsiún Basel)
|
A1
|
Miotal agus dramhaíolacha ina bhfuil miotal
|
|
A1010
|
Dramhaíolacha miotail agus dramhaíl ina bhfuil cóimhiotail d’aon cheann díobh seo a leanas:
seachas dramhaíolacha den sórt sin a liostaítear go sonrach ar liosta B.
|
|
A1020
|
Dramhaíl ina bhfuil aon cheann díobh seo a leanas ina gcomhábhair nó ina n-éilleáin, seachas dramhaíl mhiotail i bhfoirm ollmhór:
—
Antamón; comhdhúile antamóin
—
Beirilliam; comhdhúile beirilliam
—
Caidmiam; comhdhúile caidmiam
—
Luaidhe; comhdhúile luaidhe
—
Seiléiniam; comhdhúile seiléiniam
—
Teallúiriam; comhdhúile teallúiriam
|
|
A1030
|
Dramhaíolacha ina bhfuil aon cheann díobh seo a leanas ina gcomhábhair nó ina n-éilleáin:
—
Arsanaic; comhdhúile arsanaice
—
Mearcair; comhdhúile mearcair
—
Tailliam; comhdhúile tailliam
|
|
A1040
|
Dramhaíolacha ina bhfuil aon cheann díobh seo a leanas ina gcomhábhair:
—
Comhdhúile cróimiam heicsifhiúsaigh
|
|
A1060
|
Licéir dhramhaíola ó mhiotail a phicilt
|
|
A1070
|
Iarmhair láiste ó phróiseáil since, deannach agus slodaí amhail searóisít, haemaitít, etc.
|
|
A1080
|
Iarmhair since dramhaíola nach n-áirítear le liosta B, ina bhfuil luaidhe agus caidmiam ar leor an tiúchan atá iontu chun saintréithe a liostaítear in Iarscríbhinn III a thaispeáint
|
|
A1090
|
Luaith ó shreang inslithe chopair a loscadh
|
|
A1100
|
Deannach agus iarmhair ó chórais glantacháin gáis le haghaidh bruithneoirí copair
|
|
A1110
|
Tuaslagáin leictrealaíocha spíonta ó oibríochtaí leictreascagtha agus leictreaghnóthaithe copair
|
|
A1120
|
Slodaí dramhaíola, seachas láib anóideach, ó chórais íonúcháin leictrilítí in oibríochtaí leictreascagtha agus leictreaghnóthaithe copair
|
|
A1130
|
Tuaslagáin eitseála spíonta ina bhfuil copar tuaslagtha
|
|
A1140
|
Catalaígh clóiríde copraí agus ciainíde copair dramhaíola
|
|
A1150
|
Luaith miotail lómhair ó chláir ciorcad priontáilte nach n-áirítear le liosta B a loscadh (
27
)
|
|
A1160
|
Ceallraí luaidhe-aigéadacha dramhaíola, ina n-iomláine nó brúite
|
|
A1170
|
Ceallraí dramhaíola neamhshórtáilte seachas meascáin de cheallraí nach liostaítear ach ar liosta B. Ceallraí dramhaíola nach sonraítear ar liosta B ina bhfuil an méid sin de chomhábhair a liostaítear in Iarscríbhinn I go bhfuil na ceallraí guaiseach.
|
▼M1
|
A1181
|
Dramhaíl leictreach agus leictreonach (tugtar ar aire an iontráil ghaolmhar Y49 ar Liosta A de Chuid 2 in Iarscríbhinn V):
—
Dramhthrealamh leictreach agus leictreonach
—
ina bhfuil caidmiam, luaidhe, mearcair, comhdhúile orgánahalaigine nó comhábhair eile a liostaítear in Iarscríbhinn I, nó a éillítear leis na comhábhair sin, a mhéid sin go bhfuil ceann de na saintréithe a liostaítear Iarscríbhinn III ag an dramhthrealamh, nó
—
ina bhfuil comhpháirt a bhfuil comhábhair a liostaítear in Iarscríbhinn I inti nó a éillítear leis na comhábhair sin, a mhéid sin go bhfuil ceann de na saintréithe a liostaítear Iarscríbhinn III ag an gcomhpháirt, lena n-áirítear aon cheann de na comhpháirteanna seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh:
—
gloine ó fheadáin gha-chatóideacha a chuimsítear ar liosta A
—
ceallra a chuimsítear ar liosta A
—
lasc, lampa, feadán fluaraiseach nó cúlsolas gairis taispeána ina bhfuil mearcair
—
toilleoir ina bhfuil PCBanna
—
comhpháirt ina bhfuil aispeist
—
comhpháirteanna plaisteacha áirithe ina bhfuil lasairmhoillitheach bróimínithe
—
Comhpháirteanna dramhaíola trealaimh leictrigh agus leictreonaigh ina bhfuil comhábhair a liostaítear in Iarscríbhinn I, nó a éillítear leis na comhábhair sin, a mhéid sin go bhfuil ceann de na saintréithe a liostaítear in Iarscríbhinn III ag na comhpháirteanna dramhaíola, mura gcumhdaítear iad le hiontráil eile ar liosta A
—
Dramhaíl a eascraíonn as próiseáil dramhthrealaimh leictrigh agus leictreonaigh nó as próiseáil comhpháirteanna dramhaíola trealaimh leictrigh agus leictreonaigh, agus ina bhfuil comhábhair a liostaítear in Iarscríbhinn I nó a éillítear leis na comhábhair sin, a mhéid sin go bhfuil ceann de na saintréithe a liostaítear in Iarscríbhinn III ag an dramhaíl (e.g. codáin a eascraíonn as mionghearradh nó díchóimeáil), mura gcumhdaítear í le hiontráil eile ar liosta A
|
▼B
|
A1190
|
Cáblaí miotail dramhaíola a bhrataítear nó a inslítear le plaistigh ina bhfuil tarra guail, PCB
4
(
28
), luaidhe, caidmiam, comhdhúile orgánahalaigine eile nó comhábhair eile a liostaítear in Iarscríbhinn I nó le plaistigh atá éillithe leis na nithe sin, a mhéid sin go bhfuil saintréithe a liostaítear in Iarscríbhinn III acu
|
|
A2
|
Dramhaíolacha ina bhfuil comhábhair neamhorgánacha go príomha, a bhféadfadh miotail agus ábhair orgánacha a bheith iontu
|
|
A2010
|
Dramhaíl ghloine ó fheadáin gha-chatóideacha agus gloiní gníomhachtaithe eile
|
|
A2020
|
Comhdhúile neamhorgánacha fluairín dramhaíola i bhfoirm leachtanna nó slodaí seachas dramhaíolacha den sórt sin a shonraítear ar liosta B
|
|
A2030
|
Catalaígh dhramhaíola seachas dramhaíolacha den sórt sin a shonraítear ar liosta B
|
|
A2040
|
Gipseam dramhaíola a eascraíonn as próisis i dtionscal na gceimiceán, nuair atá an méid sin de chomhábhair a liostaítear in Iarscríbhinn I ann go bhfuil saintréithe guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn III aige (tugtar ar aire an iontráil ábhartha ar liosta B, B2080)
|
|
A2050
|
Aispeist dramhaíola (deannach agus snáithíní)
|
|
A2060
|
Luaith mhionaithe ó ghléasra cumhachta gualbhreoslaithe ina bhfuil substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn I ar leor an tiúchan atá iontu chun saintréithe a liostaítear in Iarscríbhinn III a thaispeáint (tugtar ar aire an iontráil ábhartha ar liosta B, B2050)
|
|
A3
|
Dramhaíolacha ina bhfuil comhábhair orgánacha go príomha, a bhféadfadh miotail agus ábhair neamhorgánacha a bheith iontu
|
|
A3010
|
Dramhaíl ó chóc peitriliam agus biotúman a tháirgeadh nó a phróiseáil
|
|
A3020
|
Olaí mianracha dramhaíola nach bhfuil oiriúnach don úsáid dár beartaíodh ar dtús iad
|
|
A3030
|
Dramhaíolacha ina bhfuil slodaí cumaisc luaidhe frithchnagacha nó atá comhdhéanta díobh nó éillithe leo
|
|
A3040
|
Sreabháin theirmeacha (traschur teasa) dramhaíola
|
|
A3050
|
Dramhaíolacha ó roisíní, laitéis, plaisteacháin agus gliúnna/greamacháin a tháirgeadh, a fhoirmliú agus a úsáid seachas dramhaíolacha den sórt sin a shonraítear ar liosta B (tugtar ar aire an iontráil ábhartha ar liosta B, B4020)
|
|
A3060
|
Nítriceallalós dramhaíola
|
|
A3070
|
Feanóil dramhaíola agus comhábhair feanóil lena n-áirítear clóraifeanól i bhfoirm leachtanna nó slodaí
|
|
A3080
|
Éitir dhramhaíola, seachas na cinn a shonraítear ar liosta B
|
|
A3090
|
Deannach, luaith, slodaí agus plúir leathair dramhaíola i gcás ina bhfuil comhdhúile cróimiam heicsifhiúsaigh nó bithicídí iontu (tugtar ar aire an iontráil ábhartha ar liosta B, B3100)
|
|
A3100
|
Dramh bearrtha agus dramhaíl eile leathair nó leathair chomhdhéanta nach bhfuil oiriúnach chun earraí leathair a mhonarú agus ina bhfuil comhdhúile cróimiam heicsifhiúsaigh nó bithicídí (tugtar ar aire an iontráil ábhartha ar liosta B, B3090)
|
|
A3110
|
Dramhaíolacha mangaireachta seithí ina bhfuil comhdhúile cróimiam heicsifhiúsaigh nó bithicídí nó substaintí ionfhabhtaíocha (tugtar ar aire an iontráil ábhartha ar liosta B, B3110)
|
|
A3120
|
Bruth – meilteach éadrom ó stialladh
|
|
A3130
|
Comhdhúile orgánacha fosfair dramhaíola
|
|
A3140
|
Tuaslagóirí orgánacha neamh-halaiginithe dramhaíola seachas dramhaíolacha den sórt sin a shonraítear ar liosta B
|
|
A3150
|
Tuaslagóirí orgánacha halaiginithe dramhaíola
|
|
A3160
|
Iarmhair neamhuiscí halaiginithe nó neamh-halaiginithe driogtha dramhaíola a eascraíonn as oibríochtaí aisghabhála tuaslagóirí orgánacha
|
|
A3170
|
Dramhaíolacha a eascraíonn as hidreacarbóin halaiginithe alafatacha (amhail clóraimeatán, déchlóireatáin, clóiríde vinile, clóiríde vinilidéine, clóiríde aillile agus eipeaclóirihidríne) a tháirgeadh
|
|
A3180
|
Dramhaíolacha, substaintí agus earraí ina bhfuil défheinil pholaclóirínithe (PCB), teirfeinil pholaclóirínithe (PCT), naftailéin pholaclóirínithe (PCN) nó défheinil pholabróimínithe (PBB), nó aon analóg pholabróimínithe eile de na comhdhúile sin, dramhaíl, substaintí agus earraí arb éard atá iontu na comhdhúile sin, nó dramhaíl, substaintí agus earraí atá éillithe leis na comhdhúile sin, ar leibhéal tiúchana 50 mg/kg nó níos mó (
29
)
|
|
A3190
|
Iarmhair tharracha dhramhaíola (seachas stroighin asfailt) a eascraíonn as scagadh, driogadh, nó cóireáil phirealaíteach ábhar orgánach
|
|
A3200
|
Ábhar biotúmanach (dramhaíl asfailt) ó bhóithre a thógáil nó a chothabháil, ina bhfuil tarra (tugtar ar aire an iontráil ábhartha ar liosta B, B2130)
|
|
A3210
|
Dramhaíl phlaisteach, lena n-áirítear meascáin den dramhaíl sin, ina bhfuil comhábhair a liostaítear in Iarscríbhinn I nó atá éillithe leis na comhábhair sin, a mhéid sin go bhfuil ceann de na saintréithe a liostaítear in Iarscríbhinn III aici (tugtar ar aire an iontráil ábhartha B3011 i liosta B den Chuid seo agus iontráil Y48 i liosta A de Chuid 2)
|
|
A4
|
Dramhaíolacha a bhféadfadh comhábhair orgánacha nó neamhorgánacha a bheith iontu
|
|
A4010
|
Dramhaíolacha ó tháirgí cógaisíochta a tháirgeadh, a ullmhú agus a úsáid seachas dramhaíolacha den sórt sin a shonraítear ar liosta B
|
|
A4020
|
Dramhaíolacha cliniciúla agus gaolmhara; is é sin dramhaíolacha a eascraíonn as cleachtais leighis, altranais, fiaclóireachta nó tréidliachta, nó as cleachtais chomhchosúla, agus dramhaíolacha a ghintear in ospidéil nó i saoráidí eile le linn othair a imscrúdú nó a chóireáil, nó le linn tionscadail taighde
|
|
A4030
|
Dramhaíolacha ó bhithicídí agus ó tháirgí fíteacógaisíochta a tháirgeadh, a fhoirmliú agus a úsáid, lena n-áirítear lotnaidicídí agus luibhicídí dramhaíola nach gcomhlíonann sonraíochtaí, atá as dáta (
30
), nó nach bhfuil oiriúnach don úsáid dár beartaíodh ar dtús iad
|
|
A4040
|
Dramhaíolacha ó cheimiceáin leasaithe adhmaid a mhonarú, a fhoirmliú agus a úsáid (
31
)
|
|
A4050
|
Dramhaíolacha ina bhfuil na nithe seo a leanas, dramhaíolacha atá comhdhéanta de na nithe seo a leanas nó dramhaíolacha atá éillithe leis na nithe seo a leanas:
—
Ciainídí neamhorgánacha, seachas iarmhair ina bhfuil miotal lómhar arb iarmhair i bhfoirm sholadach agus ina bhfuil rianta de chiainídí neamhorgánacha iad
|
|
A4060
|
Meascáin nó eibleachtaí d’olaí/uisce nó hidreacarbóin/uisce dramhaíola
|
|
A4070
|
Dramhaíolacha ó dhúigh, ruaimeanna, líocha, péinteanna, laicir agus vearnais a tháirgeadh, a fhoirmliú agus a úsáid, seachas dramhaíl den sórt sin a shonraítear ar liosta B (tugtar ar aire an iontráil ábhartha ar liosta B, B4010)
|
|
A4080
|
Dramhaíolacha de chineál pléascach (seachas dramhaíolacha den sórt sin a shonraítear ar liosta B)
|
|
A4090
|
Tuaslagáin aigéadacha nó bhunata dramhaíola, seachas na cinn sin a shonraítear san iontráil chomhfhreagrach ar liosta B (tugtar ar aire an iontráil ábhartha ar liosta B, B2120)
|
|
A4100
|
Dramhaíolacha ó fheistí rialaithe truaillithe thionsclaíoch a úsáidtear chun easgháis thionsclaíocha a ghlanadh, seachas dramhaíolacha den sórt sin a shonraítear ar liosta B
|
|
A4110
|
Dramhaíolacha ina bhfuil na nithe seo a leanas, dramhaíolacha atá comhdhéanta de na nithe seo a leanas nó dramhaíolacha atá éillithe le haon cheann de na nithe seo a leanas:
—
aon chomhaicmeach de dhébheinseafúrán polaclóirínithe
—
aon chomhaicmeach de dhébheinsi-dé-ocsain pholaclóirínithe
|
|
A4120
|
Dramhaíolacha ina bhfuil sárocsaídí nó atá comhdhéanta díobh nó éillithe leo
|
|
A4130
|
Pacáistí agus coimeádáin dramhaíola ina bhfuil substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn I ar leor an tiúchan atá iontu chun saintréithe guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn III a thaispeáint
|
|
A4140
|
Dramhaíl atá comhdhéanta de cheimiceáin nach gcomhlíonann sonraíochtaí nó atá as dáta (
32
) nó dramhaíl ina bhfuil na ceimiceáin sin, ar dramhaíl í a chomhfhreagraíonn do na catagóirí a liostaítear in Iarscríbhinn I agus a bhfuil saintréithe guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn III aici
|
|
A4150
|
Substaintí ceimiceacha dramhaíola a eascraíonn as gníomhaíochtaí taighde agus forbartha nó múinteoireachta nach bhfuil sainaitheanta agus/nó atá nua agus nach eol a n-éifeachtaí ar shláinte an duine agus/nó ar an gcomhshaol
|
|
A4160
|
Carbón gníomhachtaithe spíonta nach n-áirítear ar liosta B (tugtar ar aire an iontráil ábhartha ar liosta B, B2060)
|
Liosta B (Iarscríbhinn IX a ghabhann le Coinbhinsiún Basel)
|
B1
|
Miotal agus dramhaíolacha ina bhfuil miotal
|
|
B1010
|
Dramhaíolacha miotail agus cóimhiotail i bhfoirm neamhspréite mhiotalach:
—
Miotail lómhara (ór, airgead, miotail den ghrúpa platanaim, seachas mearcair)
—
Fuíoll iarainn agus cruach
—
Fuíoll Haifniam, Indiam, Niaibiam, Réiniam agus Gailliam
|
|
B1020
|
Fuíoll miotail ghlain neamhéillithe lena n-áirítear cóimhiotail i bhfoirm bhulc-chríochaithe (leathán, pláta, bíomaí, slata, etc.):
—
Fuíoll luaidhe (seachas ceallraí luaidhe-aigéadacha)
|
|
B1030
|
Miotail theasfhulangacha ina bhfuil iarmhair
|
|
B1031
|
Dramhaíolacha miotail agus cóimhiotail ó mholaibdéineam, tungstan, tíotáiniam, tantalam, niaibiam agus réiniam atá i bhfoirm spréite mhiotalach (púdar miotail), seachas dramhaíolacha den sórt sin a shonraítear i liosta A faoi iontráil A1050, Slodaí galbhánacha.
|
|
B1040
|
Cóimeálacha fuíll ó chumhacht leictreach a ghiniúint nach bhfuil éillithe chomh mór sin le hola bhealaithe, PCB nó PCT go bhfuil siad guaiseach
|
|
B1050
|
Miotal neamhfheiriúil measctha, fuíoll codáin throm, nach leor an tiúchan d’ábhair a liostaítear in Iarscríbhinn I atá iontu chun saintréithe a liostaítear in Iarscríbhinn III a thaispeáint (
33
)
|
|
B1060
|
Seiléiniam agus teallúiriam dramhaíola i bhfoirm eiliminteach mhiotalach, lena n-áirítear púdar
|
|
B1070
|
Dramhaíl chopair agus cóimhiotal copair i bhfoirm spréite, ach amháin má tá comhábhair a liostaítear in Iarscríbhinn I iontu a mhéid sin go bhfuil saintréithe a liostaítear in Iarscríbhinn III acu
|
|
B1080
|
Luaith agus iarmhair shince lena n-áirítear iarmhair cóimhiotail since i bhfoirm spréite ach amháin má tá comhábhair a liostaítear in Iarscríbhinn I iontu ar tiúchan a fhágann go bhfuil saintréithe a liostaítear in Iarscríbhinn III nó saintréith ghuaiseach H4.3 acu (
34
)
|
|
B1090
|
Ceallraí dramhaíola atá i gcomhréir le sonraíocht, seachas na cinn a dhéantar le luaidhe, caidmiam nó mearcair
|
|
B1100
|
Dramhaíolacha ina bhfuil miotal a eascraíonn as leá, bruithniú agus mínghlanadh miotal
—
Draiseanna ina bhfuil sinc:
—
Dras since uachtair i bhfoirm leice ó ghalbhánú (> 90 % Zn)
—
Dras since íochtair i bhfoirm leice ó ghalbhánú (> 92 % Zn)
—
Dras since ó theilgean dísle (> 85 % Zn)
—
Dras since leice ó ghalbhánú teothumtha (baisc) (> 92 % Zn)
—
Bearrthaí alúmanaim (nó bearrthaí) seachas slaig shalainn
—
Slaigeanna ó phróiseáil copair a ndéanfar próiseáil nó mínghlanadh thairis sin orthu agus nach bhfuil arsanaic, luaidhe nó caidmiam iontu a mhéid sin go bhfuil saintréithe guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn III acu
—
Dramhaíolacha líneálacha teasfhulangacha, lena n-áirítear breogáin, de thionscnamh bruithnithe copair
—
Slaigeanna ó phróiseáil miotal lómhar chun mínghlanadh thairis sin a dhéanamh orthu
—
Slaigeanna stáin ina bhfuil tantalam agus ina bhfuil cion níos lú ná 0,5 % de stán
|
▼M1 —————
▼B
|
B1115
|
Cáblaí miotail dramhaíola a bhrataítear nó a inslítear le plaistigh, nach n-áirítear in iontráil A1190, seachas na cinn sin atá beartaithe do na hoibríochtaí a luaitear in Iarscríbhinn IVA nó aon oibríocht diúscartha eile lena mbaineann, ag aon chéim, próisis neamhrialaithe theirmeacha, amhail dó oscailte
|
|
B1120
|
Catalaígh spíonta seachas leachtanna a úsáidtear mar chatalaígh, ina bhfuil aon cheann díobh seo a leanas:
|
—
|
Miotail thrasdultacha, seachas catalaígh dhramhaíola (catalaígh spíonta, catalaígh leachtacha úsáidte nó catalaígh eile) ar liosta A
|
Scaindiam
Vanaidiam
Mangainéis
Cóbalt
Copar
Itriam
Niaibiam
Haifniam
Tungstan
|
Tíotáiniam
Cróimiam
Iarann
Nicil
Sinc
Siorcóiniam
Molaibdéineam
Tantalam
Réiniam
|
|
—
|
Lantanóidigh (miotail tearcithreach):
|
Lantanam
Praiséidimiam
Samairiam
Gadailiniam
Diospróisiam
Eirbiam
Itéirbiam
|
Ceiriam
Neoidimiam
Eoraipiam
Teirbiam
Hoilmiam
Túiliam
Lúitéitiam
|
|
|
B1130
|
Catalaígh ghlanta spíonta ina bhfuil miotal lómhar
|
|
B1140
|
Iarmhair ina bhfuil miotal lómhar i bhfoirm sholadach, agus ina bhfuil rianta de chiainídí neamhorgánacha
|
|
B1150
|
Dramhaíolacha miotal lómhar agus cóimhiotal (ór, airgead, miotail de chuid an ghrúpa platanaim, seachas mearcair) i bhfoirm spréite neamhleachtach ar a ndéantar pacáistiú agus lipéadú cuí
|
|
B1160
|
Luaith ina bhfuil miotal lómhar ó chláir ciorcad priontáilte a loscadh (tugtar ar aire an iontráil ábhartha ar liosta A, A1150)
|
|
B1170
|
Luaith ina bhfuil miotal lómhar ó scannán fótagrafach a loscadh
|
|
B1180
|
Scannán fótagrafach dramhaíola ina bhfuil hailídí airgid agus airgead miotalach
|
|
B1190
|
Páipéar fótagrafach dramhaíola ina bhfuil hailídí airgid agus airgead miotalach
|
|
B1200
|
Slaig ghránaithe a eascraíonn as monarú iarainn nó cruach
|
|
B1210
|
Slaig a eascraíonn as monarú iarainn nó cruach, lena n-áirítear slaigeanna mar fhoinse TiO2 agus vanaidiam
|
|
B1220
|
Slaig ó tháirgeadh since, atá cobhsaithe go ceimiceach, ina bhfuil cion ard iarainn (os cionn 20 %) agus a phróiseáiltear de réir sonraíochtaí tionsclaíocha (e.g. DIN 4301) le haghaidh earnáil na tógála go príomha
|
|
B1230
|
Scamhachán muilinn a eascraíonn as monarú iarainn agus cruach
|
|
B1240
|
Scamhachán muilinn ocsaíde copair
|
|
B1250
|
Mótarfheithiclí dramhaíola a bhfuil a ré caite agus nach bhfuil leachtanna ná comhpháirteanna guaiseacha eile iontu
|
|
B2
|
Dramhaíolacha ina bhfuil comhábhair neamhorgánacha go príomha, a bhféadfadh miotail agus ábhair orgánacha a bheith iontu
|
|
B2010
|
Dramhaíolacha ó oibríochtaí mianadóireachta i bhfoirm neamhspréite:
—
Dramhaíl graifíte nádúrtha
—
Dramhaíl slinne, bíodh sí bearrtha go garbh nó díreach gearrtha nó ná bíodh, trína sábhadh nó eile
—
Dramhaíl leoicíte, neifilín agus siainíte neifilín
—
Dramhaíolacha silice i bhfoirm sholadach, seachas dramhaíolacha den sórt sin a úsáidtear in oibríochtaí teilgcheárta
|
|
B2020
|
Dramhaíl ghloine i bhfoirm neamhspréite:
—
Cuilléid agus dramhaíl agus fuíoll eile gloine, seachas gloine as feadáin gha-chatóideacha agus gloiní gníomhachtaithe eile
|
|
B2030
|
Dramhaíolacha ceirmeacha i bhfoirm neamhspréite:
—
Dramhaíolacha agus fuíoll ceirméid (comhchodanna ceirmeacha miotalacha)
—
Snáithíní ceirmeachbhunaithe nach sonraítear nó nach n-áirítear in aon áit eile
|
|
B2040
|
Dramhaíolacha eile ina bhfuil comhábhair neamhorgánacha go príomha:
—
Sulfáit chailciaim atá mínghlanta go páirteach agus a tháirgtear ó dhíshulfarú gáis múcháin (FGD)
—
Ballachlár nó plástarchlár gipsim dramhaíola a eascraíonn as scartáil foirgneamh
—
Slaig ó tháirgeadh copair, atá cobhsaithe go ceimiceach, ina bhfuil cion ard iarainn (os cionn 20 %) agus a phróiseáiltear de réir sonraíochtaí tionsclaíocha (e.g. DIN 4301 agus DIN 8201) le haghaidh earnála na tógála agus feidhmeanna scrábaigh go príomha
—
Sulfar i bhfoirm sholadach
—
Aolchloch ó tháirgeadh ciainimíde cailciam (ag a bhfuil pH níos lú ná 9)
—
Sóidiam, potaisiam, clóirídí cailciam
—
Carbaram (cairbíd sileacain)
—
Litiam-tantalam agus litiam-niaibiam ina bhfuil fuíll ghloine
|
|
B2050
|
Luaith mhionaithe ó ghléasra cumhachta gualbhreoslaithe, nach n-áirítear ar liosta A (tugtar ar aire an iontráil ábhartha ar liosta A, A2060)
|
|
B2060
|
Carbón gníomhachtaithe spíonta nach bhfuil aon chomhábhar in Iarscríbhinn I ann a mhéid sin go léiríonn siad saintréithe a liostaítear in Iarscríbhinn III, mar shampla, carbón a eascraíonn as uisce óil a chóireáil agus as próisis a bhaineann le tionscal an bhia agus táirgeadh vitimíní (tugtar ar aire an iontráil ábhartha ar liosta A, A4160)
|
|
B2070
|
Sloda fluairíde cailciam
|
|
B2080
|
Gipseam dramhaíola a eascraíonn as próisis i dtionscal na gceimiceán nach n-áirítear ar liosta A (tugtar ar aire an iontráil ábhartha ar liosta A, A2040)
|
|
B2090
|
Bunanna anóide dramhaíola ó chruach nó alúmanam a tháirgeadh, atá déanta as cóc peitriliam nó biotúman agus a ghlantar go gnáthshonraíochtaí tionscail (seachas bunanna anóide ó leictrealú clór-alcaile agus ón tionscal miotaleolaíochta)
|
|
B2100
|
Hiodráití alúmanaim dramhaíola agus alúmana dramhaíola agus iarmhair ó alúmana a tháirgeadh, seachas ábhair den sórt sin a úsáidtear le haghaidh próisis chun gás a ghlanadh, a fhlocasú nó a scagadh
|
|
B2110
|
Iarmhar báicsíte (‘sloda ruaimneach’) (a measraítear a pH go níos lú ná 11,5 )
|
|
B2120
|
Tuaslagáin aigéadacha nó bhunata dramhaíola ag a bhfuil pH níos mó ná 2 agus níos lú ná 11,5 , nach bhfuil creimneach ná guaiseach ar aon bhealach eile (tugtar ar aire an iontráil ábhartha ar liosta A, A4090)
|
|
B2130
|
Ábhar biotúmanach (dramhaíl asfailt) ó bhóithre a thógáil nó a chothabháil, nach bhfuil tarra ann (
35
) (tugtar ar aire an iontráil ábhartha ar liosta A, A3200)
|
|
B3
|
Dramhaíolacha ina bhfuil comhábhair orgánacha go príomha, a bhféadfadh miotail agus ábhair neamhorgánacha a bheith iontu
|
|
B3011 (
36
)
|
Dramhaíl phlaisteach (tugtar ar aire an iontráil ábhartha A3210, i liosta A den Chuid seo, agus iontráil Y48, i liosta A de Chuid 2)
—
Dramhaíl phlaisteach a liostaítear thíos, ar choinníoll go bhfuil sí beartaithe lena hathchúrsáil (
37
) ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus go bhfuil sí beagnach saor ó éilliú agus ó chineálacha eile dramhaíolacha (
38
):
—
Dramhaíl phlaisteach atá beagnach comhdhéanta go heisiach (
39
) de pholaiméir neamh-halaiginithe amháin, lena n-áirítear na polaiméirí seo a leanas ach gan a bheith teoranta dóibh:
—
Stiréin bhútaidhé-éine aicrilinítríle (ABS)
—
Teireataláit phoileitléine (TPE)
—
Dramhaíl phlaisteach atá beagnach comhdhéanta go heisiach (
40
) de roisín cruaite nó táirge comhdhlúthúcháin amháin, lena n-áirítear na roisíní seo a leanas ach gan a bheith teoranta dóibh:
—
Roisíní feanól-formaildéid
—
Roisíní formaildéid mealaimín
—
Dramhaíl phlaisteach atá beagnach comhdhéanta go heisiach
19
(40) de cheann amháin de na polaiméirí fluairínithe seo a leanas (
41
):
—
Sárfhluaireitiléin/próipiléin (FEP)
—
Alcáin shárfhluaracsacha:
—
Teitreafluaireitiléin/éitear vinile shárfhluairailcile (PFA)
—
Teitreafluaireitiléin/éitear vinile shárfhluaraimeitil (MFA)
—
Polaiviniolfluairíd (PVF)
—
Polaivinilídéinefluairíd (PVDF)
—
Meascáin de dhramhaíl phlaisteach, atá comhdhéanta de phoileitiléin (PE), polapróipiléin (PP) agus/nó teireataláit phoileitléine (TPE), ar choinníoll go bhfuiltear chun athchúrsáil ar leithligh (
42
) a dhéanamh ar gach comhábhar ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus go bhfuil siad beagnach saor ó chineálacha eile dramhaíolacha (
43
).
|
|
B3020
|
Páipéar, cairtchlár agus dramhaíolacha táirgí páipéir
Na hábhair seo a leanas, ar choinníoll nach measctar le cineálacha eile dramhaíolacha guaiseacha iad:
Dramhaíl agus fuíoll páipéir nó cairtchláir de na cineálacha seo a leanas:
—
páipéar nó cairtchlár neamhthuartha nó páipéar nó cairtchlár rocach
—
páipéar nó cairtchlár eile atá déanta as laíon ceimiceach tuartha go príomha, gan bheith daite sa mhais
—
páipéar nó cairtchlár atá déanta as laíon meicniúil go príomha (mar shampla, nuachtáin, irisí agus ábhar eile clóite den chineál sin)
—
eile, lena-áirítear na nithe seo a leanas ach gan bheith teoranta dóibh
|
|
B3026
|
An dramhaíl seo a leanas ón réamhchóireáil a dhéantar ar phacáistíocht ilchodach le haghaidh leachtanna, nach bhfuil tiúchan leordhóthanach de chomhábhair a liostaítear in Iarscríbhinn I inti chun saintréithe a liostaítear in Iarscríbhinn III a thaispeáint:
—
Codán plaisteach nach bhfuil indeighilte
—
Codán plaisteach-alúmanaim nach bhfuil indeighilte
|
|
B3027
|
Dramhaíl lannáin ó lipéid fhéinghreamhaitheacha ina bhfuil amhábhair a úsáidtear chun ábhar lipéid a tháirgeadh
|
|
B3030
|
Dramhaíolacha teicstíle
Na hábhair seo a leanas, ar choinníoll nach measctar le cineálacha eile dramhaíolacha iad agus go n-ullmhaítear de réir sonraíochta iad:
—
Dramhaíl síoda (lena n-áirítear cocúin nach bhfuil oiriúnach lena dtochras, dramhaíl snátha agus stoc gairnéadaithe)
—
nach bhfuil cardáilte nó cíortha
—
Dramhaíl olla nó fionnaidh ainmhíoch mhín nó ghairbh, lena n-áirítear dramhaíl snátha ach seachas stoc gairnéadaithe
—
scothanna olla nó scothanna fionnaidh ainmhíoch mhín
—
dramhaíl eile olla nó fionnaidh ainmhíoch mhín
—
dramhaíl fionnaidh ainmhíoch ghairbh
—
Dramhaíl chadáis (lena n-áirítear dramhaíl snátha agus stoc gairnéadaithe)
—
dramhaíl snátha (lena n-áirítear dramhaíl snáithe)
—
Barrach lín agus dramhaíl
—
Barrach agus dramhaíl (lena n-áirítear dramhaíl snátha agus stoc gairnéadaithe) fíorchnáibe (Cannabis sativa L.)
—
Barrach agus dramhaíl (lena n-áirítear dramhaíl snátha agus stoc gairnéadaithe) siúite agus snáithíní cáiteoige teicstíle eile (seachas líon, fíorchnáib agus raimí)
—
Barrach agus dramhaíl (lena n-áirítear dramhaíl snátha agus stoc gairnéadaithe) sisil agus snáithíní teicstíle eile den ghéineas Agáibhe
—
Barrach, scothanna agus dramhaíl (lena n-áirítear dramhaíl snátha agus stoc gairnéadaithe) cnó cócó
—
Barrach, scothanna agus dramhaíl (lena n-áirítear dramhaíl snátha agus stoc gairnéadaithe) abacá (cnáib mhainileach nó Musa textilis Nee)
—
Barrach, scothanna agus dramhaíl (lena n-áirítear dramhaíl snátha agus stoc gairnéadaithe) raimí agus snáithíní teicstíle plandúla eile nach sonraítear ná nach n-áirítear in aon áit eile
—
Dramhaíl (lena n-áirítear scothanna, dramhaíl snátha agus stoc gairnéadaithe) ó shnáithíní de dhéantús an duine
—
ó shnáithíní sintéiseacha
—
Éadaí seanchaite agus earraí teicstíle seanchaite eile
—
Ceirteacha, fuíoll sreangáin, téadra, téad agus cáblaí úsáidte agus earraí seanchaite sreangáin, téadra, téide nó cáblaí teicstíle
|
|
B3035
|
Dramhaíl ó chlúdaigh teicstíle urláir, cairpéid
|
|
B3040
|
Dramhaíolacha rubair
Na hábhair seo a leanas, ar choinníoll nach measctar le cineálacha eile dramhaíolacha iad:
—
Dramhaíl agus fuíoll rubair chrua (e.g. éabainnít)
—
Dramhaíolacha eile rubair (seachas dramhaíolacha den sórt sin a shonraítear in áit éigin eile)
|
|
B3050
|
Dramhaíl coirc agus adhmaid neamhchóireáilte:
—
Dramhaíl agus fuíoll adhmaid, bíodh sé ceirtleánaithe i bhfoirm spreotaí, brícíní, millíní nó foirmeacha comhchosúla nó ná bíodh
—
Dramhaíl choirc: corc brúite, gránaithe nó meilte
|
|
B3060
|
Dramhaíolacha a eascraíonn as tionscail earraí bia ó tháirgí talmhaíochta, ar choinníoll nach bhfuil siad ionfhabhtaíoch:
—
Dramhaíl, iarmhair agus seachtháirgí plandúla atá triomaithe agus steirilithe, bídís i bhfoirm millíní nó ná bíodh, nó cineál a úsáidtear i mbeathú ainmhithe, nach sonraítear ná nach n-áirítear in aon áit eile
—
Déigreás; iarmhair a thagann ó shubstaintí sailleacha nó céaracha ainmhíocha nó plandúla a chóireáil
—
Dramhaíl as cnámha agus adharc-chroíthe, iad neamhoibrithe, díshaillte, ullmhaithe go simplí (ach gan bheith gearrtha de réir crutha), cóireáilte le haigéad nó dígheilitínithe;
—
Blaoscanna, mogaill agus craicne cócó agus fuíoll eile cócó
—
Dramhaíolacha eile ón tionscal earraí bia ó tháirgí talmhaíochta, seachas seachtháirgí a chomhlíonann ceanglais agus caighdeáin náisiúnta agus idirnáisiúnta maidir lena gcaitheamh ag an duine nó ag ainmhithe
|
|
B3065
|
Saillte agus ola inite dramhaíola de thionscnamh ainmhíoch nó plandúil (e.g. olaí friochta), ar choinníoll nach bhfuil saintréith a liostaítear in Iarscríbhinn III acu
|
|
B3070
|
Na dramhaíolacha seo a leanas:
—
Dramhaíl ó ghruaig dhaonna
—
Mícéiliam fungais dhíghníomhachtaithe ó tháirgeadh peinicilline atá le húsáid mar bheatha ainmhithe
|
|
B3080
|
Bearrthaí dramhaíola agus fuíoll rubair
|
|
B3090
|
Bearradh agus dramhaíolacha eile leathair nó leathair chomhdhéanta nach bhfuil oiriúnach chun earraí leathair a mhonarú, seachas slodaí leathair, nach bhfuil comhdhúile cróimiam heicsifhiúsaigh ná bithicídí iontu (tugtar ar aire an iontráil ábhartha ar liosta A, A3100)
|
|
B3100
|
Deannach, luaith, slodaí agus plúir leathair nach bhfuil comhdhúile cróimiam heicsifhiúsaigh nó bithicídí iontu (tugtar ar aire an iontráil ábhartha ar liosta A, A3090)
|
|
B3110
|
Dramhaíolacha mangaireachta seithí nach bhfuil comhdhúile cróimiam heicsifhiúsaigh nó bithicídí nó substaintí ionfhabhtaíocha iontu (tugtar ar aire an iontráil ábhartha ar liosta A, A3110)
|
|
B3120
|
Dramhaíolacha ina bhfuil ruaimeanna bia
|
|
B3130
|
Éitir polaiméirí dramhaíola agus éitir monaiméirí neamhghuaiseacha dramhaíola nach féidir sárocsaídí a dhéanamh
|
|
B3140
|
Aerbhoinn dramhaíola, seachas na boinn sin atá beartaithe do na hoibríochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IVA
|
|
B4
|
Dramhaíolacha a bhféadfadh comhábhair orgánacha nó neamhorgánacha a bheith iontu
|
|
B4010
|
Dramhaíolacha atá comhdhéanta go príomha de phéinteanna uiscebhunacha/laitéise, dúigh agus vearnaisí cruaite agus nach bhfuil tuaslagóirí, miotail throma nó bithicídí iontu a mhéid sin go bhfuil siad guaiseach (tugtar ar aire an iontráil ábhartha ar liosta A, A4070)
|
|
B4020
|
Dramhaíolacha ó roisíní, laitéis, plaisteacháin agus gliúnna/greamacháin nach liostaítear ar liosta A a tháirgeadh, a fhoirmliú agus a úsáid, atá saor ó thuaslagóirí agus ó éilleáin eile a mhéid sin nach bhfuil saintréithe a liostaítear in Iarscríbhinn III acu e.g. uiscebhunach, nó gliúnna atá bunaithe ar stáirse cáiséine, deistrin, éitir cheallalósacha, alcóil pholaivinile (tugtar ar aire an iontráil ábhartha ar liosta A, A3050)
|
▼M1 —————
▼B
Cuid 2
Liosta A (Iarscríbhinn II a ghabhann le Coinbhinsiún Basel)
|
Y46
|
Dramhaíl a bhailítear ó thithe (
44
)
|
|
Y47
|
Iarmhair a eascraíonn as dramhaíolacha tí a loscadh
|
|
Y48
|
Dramhaíl phlaisteach, lena n-áirítear meascáin den dramhaíl sin, seachas na nithe seo a leanas:
—
Dramhaíl phlaisteach ar dramhaíl ghuaiseach í (féach iontráil A3210 i liosta A de Chuid 1 in Iarscríbhinn V)
—
Dramhaíl phlaisteach a liostaítear thíos, ar choinníoll go bhfuil sí beartaithe lena hathchúrsáil (
45
) ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus go bhfuil sí beagnach saor ó éilliú agus ó chineálacha eile dramhaíolacha (
46
):
—
Dramhaíl phlaisteach atá beagnach comhdhéanta go heisiach (
47
) de pholaiméir neamh-halaiginithe amháin, lena n-áirítear na polaiméirí seo a leanas ach gan a bheith teoranta dóibh:
—
Stiréin bhútaidhé-éine aicrilinítríle (ABS)
—
Teireataláit phoileitléine (TPE)
—
Dramhaíl phlaisteach atá beagnach comhdhéanta go heisiach (
48
) de roisín cruaite nó táirge comhdhlúthúcháin amháin, lena n-áirítear na roisíní seo a leanas ach gan a bheith teoranta dóibh:
—
Roisíní feanól-formaildéid
—
Roisíní formaildéid mealaimín
—
Dramhaíl phlaisteach atá beagnach comhdhéanta go heisiach
27
(48) de cheann amháin de na polaiméirí fluairínithe seo a leanas (
49
):
—
Sárfhluaireitiléin/próipiléin (FEP)
—
Alcáin shárfhluaracsacha:
—
Teitreafluaireitiléin/éitear vinile shárfhluairailcile (PFA)
—
Teitreafluaireitiléin/éitear vinile shárfhluaraimeitil (MFA)
—
Polaiviniolfluairíd (PVF)
—
Polaivinilídéinefluairíd (PVDF)
—
Meascáin de dhramhaíl phlaisteach, ina bhfuil poileitiléin (PE), polapróipiléin (PP) agus/nó teireataláit phoileitléine (TPE), ar choinníoll go bhfuiltear chun athchúrsáil ar leithligh (
50
) a dhéanamh ar gach ábhar ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus go bhfuil siad beagnach saor ó chineálacha eile dramhaíolacha (
51
).
|
▼M1
|
Y49
|
Dramhaíl leictreach agus leictreonach:
—
Dramhthrealamh leictreach agus leictreonach
—
nach bhfuil comhábhair a liostaítear in Iarscríbhinn I ann agus nach n-éillítear leis na comhábhair sin, a mhéid sin go bhfuil ceann de na saintréithe a liostaítear in Iarscríbhinn III ag an dramhaíl, agus
—
nach bhfuil comhábhair a liostaítear in Iarscríbhinn I in aon cheann de na comhpháirteanna (e.g. cláir ciorcaid áirithe, gairis taispeána áirithe) nó nach n-éillítear leis na comhábhair sin iad, a mhéid sin go bhfuil ceann de na saintréithe a liostaítear in Iarscríbhinn III ag an gcomhpháirt
—
Comhpháirteanna dramhaíola trealaimh leictrigh agus leictreonaigh (e.g. cláir ciorcaid áirithe, gairis taispeána áirithe) nach bhfuil comhábhair a liostaítear in Iarscríbhinn I iontu agus nach n-éillítear leis na comhábhair sin iad, a mhéid sin go bhfuil ceann de na saintréithe a liostaítear in Iarscríbhinn III ag na comhpháirteanna dramhaíola, mura gcumhdaítear iad le hiontráil eile in Iarscríbhinn II nó le hiontráil in Iarscríbhinn IX
—
Dramhaíl a eascraíonn as próiseáil dramhthrealaimh leictrigh agus leictreonaigh nó as comhpháirteanna dramhaíola trealaimh leictrigh agus leictreonaigh (e.g. codáin a eascraíonn as mionghearradh nó díchóimeáil), agus nach bhfuil comhábhair a liostaítear in Iarscríbhinn I iontu agus nach n-éillítear leis na comhábhair sin iad, a mhéid sin go bhfuil ceann de na saintréithe a liostaítear in Iarscríbhinn III ag an dramhaíl, mura gcumhdaítear í le hiontráil eile in Iarscríbhinn II nó le hiontráil in Iarscríbhinn IX.
|
▼B
Liosta B (Dramhaíl ó Fhoscríbhinn 4, Cuid II de Chinneadh ECFE) (
52
)
Dramhaíolacha ina bhfuil miotal
|
AA010
|
2619 00
|
Dras, scamhacháin agus dramhaíolacha eile ó mhonarú iarainn agus cruach ()
|
|
AA060
|
2620 50
|
Luaithe agus iarmhair vanaidiam
|
|
AA190
|
8104 20
ex 8104 30
|
Dramhaíl agus fuíoll maignéisiam atá inadhainte, pireafórach nó a astaíonn gáis inadhainte i gcainníochtaí contúirteacha nuair a thagann sé i dteagmháil le huisce
|
(1)
Áirítear leis an liostú seo dramhaíolacha i bhfoirm luatha, iarmhair, slaige, drais, bearrtha, scamhacháin, deannaigh, púdair, sloda agus stoilp, ach amháin má liostaítear ábhar go sainráite áit éigin eile.
|
Dramhaíolacha ina bhfuil comhábhair neamhorgánacha go príomha, a bhféadfadh miotail agus ábhair orgánacha a bheith iontu
|
AB030
|
|
Dramhaíolacha ó chórais nach bhfuil bunaithe ar chiainíd agus a eascraíonn as cóireáil dromchla miotal
|
|
AB070
|
|
Gainimh a úsáidtear in oibríochtaí teilgcheárta
|
|
AB120
|
ex 2812 90
|
Comhdhúile neamhorgánacha hailíde, nach sonraítear ná nach n-áirítear aon áit eile
|
|
|
ex 3824
|
|
|
AB150
|
ex 3824 90
|
Suilfít chailciam agus sulfáit chailciam gan mhínghlanadh ó sciúradh dé-ocsaíde sulfair (FGD)
|
Dramhaíolacha ina bhfuil comhábhair orgánacha go príomha, a bhféadfadh miotail agus ábhair neamhorgánacha a bheith iontu
|
AC060
|
ex 3819 00
|
Sreabháin hiodrálacha
|
|
AC070
|
ex 3819 00
|
Sreabháin coscán
|
|
AC080
|
ex 3820 00
|
Sreabháin frithreo
|
|
AC150
|
|
Clórafluaracarbóin
|
|
AC160
|
|
Halóin
|
|
AC170
|
ex 4403 10
|
Dramhaíolacha coirc agus adhmaid chóireáilte
|
Dramhaíolacha a bhféadfadh comhábhair orgánacha nó neamhorgánacha a bheith iontu
|
AD090
|
ex 3824 90
|
Dramhaíolacha ó tháirgeadh, foirmliú agus úsáid ceimiceán agus ábhar athghrafach agus fótagrafach nach sonraítear nó nach n-áirítear aon áit eile
|
|
AD100
|
|
Dramhaíolacha ó chórais nach bhfuil bunaithe ar chiainíd agus a eascraíonn as cóireáil dromchla plaisteach
|
|
AD120
|
ex 3914 00
|
Roisíní ianmhalartaithe
|
|
|
ex 3915
|
|
|
AD150
|
|
Ábhar orgánach nádúrtha a úsáidtear mar mheán scagtha (amhail bithscagairí)
|
Dramhaíolacha ina bhfuil comhábhair neamhorgánacha go príomha, a bhféadfadh miotail agus ábhair orgánacha a bheith iontu
|
RB020
|
ex 6815
|
Snáithíní ceirmeacha lena mbaineann saintréithe fisiciceimiceacha atá comhchosúil le saintréithe aispeiste
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|