+CAIBIDIL II Eilimintí breise maidir le córais, prótacail, agus uirlisí chun tionchar an riosca TFC a íoslaghdú
---+Airteagal 33 Rialú Rochtana
---+Airteagal 34 Slándáil oibríochtaí TFC
---+Airteagal 35 Slándáil gréasán, córas agus sonraí
---+Airteagal 36 Tástáil slándála TFC
------+Airteagal 36 1.
------+Airteagal 36 2.
------+Airteagal 36 3.
---+Airteagal 37 Córais TFC a éadáil, a fhorbairt agus a chothabháil
---+Airteagal 38 Bainistiú tionscadal agus athruithe TFC
------+Airteagal 38 1.
------+Airteagal 38 2.
|
CAIBIDIL II Eilimintí breise maidir le córais, prótacail, agus uirlisí chun tionchar an riosca TFC a íoslaghdú
CAIBIDIL II Eilimintí breise maidir le córais, prótacail, agus uirlisí chun tionchar an riosca TFC a íoslaghdú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 33 Rialú Rochtana
|
Airteagal 33
Déanfaidh na heintitis airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2022/2554, nósanna imeachta maidir le rialú ar rochtain loighciúil nó fhisiciúil a fhorbairt, a dhoiciméadú, agus a chur chun feidhme agus déanfaidh siad na nósanna imeachta sin a fhorfheidhmiú, déanfaidh siad faireachán orthu, agus déanfaidh siad iad a athbhreithniú go tréimhsiúil. Beidh na gnéithe seo a leanas maidir le rialú ar rochtain loighciúil agus fhisiciúil sna nósanna imeachta sin:
(a)
déantar cearta rochtana ar shócmhainní faisnéise, sócmhainní TFC, agus na feidhmeanna tacaithe a bhaineann leo, agus rochtain ar shuíomhanna criticiúla an eintitis airgeadais, a bhainistiú ar bhonn riachtanais eolais, ar bhonn riachtanais úsáide agus ar bhonn phrionsabal an údaráis is lú, lena n-áirítear cianrochtain agus rochtain éigeandála;
(b)
freagracht úsáideora, lena n-áirithítear go bhféadfaí úsáideoirí a shainaithint maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh sna córais TFC;
(c)
nósanna imeachta bainistíochta cuntais maidir le cearta rochtana a dheonú, a athrú nó a chúlghairm do chuntais úsáideoirí agus cuntais chineálacha, lena n-áirítear cuntais chineálacha riarthóra;
(d)
modhanna fíorúcháin atá ag teacht leis an aicmiú dá dtagraítear in Airteagal 30(1) agus le próifíl riosca fhoriomlán na sócmhainní TFC, agus ar a bhfuil cleachtais atá chun tosaigh bunaithe;
(e)
déantar athbhreithniú go tréimhsiúil ar chearta rochtana agus déantar iad a tharraingt siar nuair nach bhfuil gá leo a thuilleadh.
Chun críocha phointe (c), déanfaidh an t-eintiteas airgeadais rochtain pribhléide, éigeandála agus riarthóra a shannadh ar bhonn riachtanais úsáide nó ar bonn ad hoc maidir leis na córais TFC uile, agus logálfar iad i gcomhréir le hAirteagal 34 an chéad mhír, pointe (f).
Chun críocha phointe (d), bainfidh eintitis airgeadais úsáid as modhanna fíorúcháin láidre atá bunaithe ar chleachtais atá chun tosaigh maidir le cianrochtain ar ghréasán na n-eintiteas airgeadais, maidir le rochtain faoi phribhléid, agus maidir le rochtain ar shócmhainní TFC a thacaíonn le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha atá ar fáil go poiblí.
|
|
Airteagal 34 Slándáil oibríochtaí TFC
|
Airteagal 34
Déanfaidh na heintitis airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2022/2554 na nithe seo a leanas, mar chuid dá gcórais, prótacail, agus uirlisí, agus maidir leis na sócmhainní TFC uile:
(a)
faireachán agus bainistíocht a dhéanamh ar shaolré na sócmhainní TFC uile;
(b)
faireachán a dhéanamh maidir le cé acu an dtacaíonn nó nach dtacaíonn soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí eintiteas airgeadais le sócmhainní TFC, i gcás inarb infheidhme;
(c)
riachtanais inniúlachta dá sócmhainní TFC a shainaithint chomh maith le bearta chun infhaighteacht agus éifeachtúlacht na sócmhainní TFC a choinneáil ar bun agus a fheabhsú agus ganntanais maidir le hinniúlacht TFC a chosc sula dtagann siad chun cinn;
(d)
scanadh leochaileachta uathoibrithe agus measúnaithe ar shócmhainní TFC a dhéanamh a thagann lena n-aicmiú dá dtagraítear in Airteagal 30(1) agus le próifíl riosca fhoriomlán na sócmhainne TFC, paistí a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí a sainaithníodh;
(e)
rioscaí a bhainistiú a bhaineann le sócmhainní TFC atá imithe as dáta, sócmhainní nach dtacaítear leo, nó sócmhainní leagáidí;
(f)
cuntas a dhéanamh ar theagmhais a bhaineann le rialú rochtana loighciúla nó fisiciúla, oibríochtaí TFC, lena n-áirítear gníomhaíochtaí tráchta iompair agus gréasáin, agus bainistíocht athruithe TFC;
(g)
bearta a shainaithint agus a chur chun feidhme chun faireachán agus anailís a dhéanamh ar fhaisnéis maidir le gníomhaíochtaí aimhrialta agus iompraíocht aimhrialta maidir le hoibríochtaí TFC criticiúla nó tábhachtacha;
(h)
bearta a chur chun feidhme chun faireachán a dhéanamh ar fhaisnéis ábhartha agus atá cothrom le dáta maidir le cibearbhagairtí;
(i)
bearta a chur chun feidhme chun sceitheadh faisnéise, cód mailíseach agus bagairtí slándála eile a d’fhéadfaí a bheith ann a shainaithint, chomh maith le leochaileachtaí atá aitheanta go poiblí i mbogearraí agus crua-earraí a shainaithint, agus seiceáil a dhéanamh maidir le nuashonruithe slándála comhfhreagracha nua.
Chun críocha phointe (f), déanfaidh eintitis airgeadais leibhéal mhionsonra na logaí a ailíniú le cuspóir agus úsáid na sócmhainní TFC a chruthaíonn na logaí sin.
|
|
Airteagal 35 Slándáil gréasán, córas agus sonraí
|
Airteagal 35
Slándáil gréasán, córas agus sonraí
Déanfaidh na heintitis airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2022/2554, mar chuid dá gcórais, prótacail, agus uirlisí, coimircí a fhorbairt agus a chur chun feidhme a áirithíonn slándáil gréasán in aghaidh ionraí agus mí-úsáid sonraí agus a chaomhnaíonn infhaighteacht, barántúlacht, sláine agus rúndacht sonraí. Go sonrach, bunóidh eintitis airgeadais, agus an t-aicmiú dá dtagraítear in Airteagal 30(1) den Rialachán seo á gcur san áireamh, na nithe seo a leanas uile:
(a)
bearta a shainaithint agus a chur chun feidhme chun cosaint a thabhairt do shonraí atá á úsáid, faoi bhealach agus á stóráil;
(b)
bearta slándála a shainaithint agus a chur chun feidhme maidir le bogearraí, meáin stórála sonraí, a úsáid, córais agus gairis chríochphointe a úsáid a dhéanann sonraí an eintitis airgeadais a aistriú agus a stóráil;
(c)
bearta a shainaithint agus a chur chun feidhme chun naisc neamhúdaraithe ar ghréasán an eintitis airgeadais a chosc agus a bhrath, agus chun trácht an ghréasáin a chosaint idir gréasáin inmheánacha an eintitis airgeadais agus an t-idirlíon agus naisc sheachtracha eile;
(d)
bearta a shainaithint agus a chur chun feidhme a áirithíonn infhaighteacht, barántúlacht, sláine, agus rúndacht na sonraí le linn tarchur gréasán;
(e)
próiseas chun sonraí a scriosadh go slán atá ar áitreabh, nó atá á stóráil go seachtrach, nach bhfuil gá leo don eintiteas airgeadais a thuilleadh chun iad a bhailiú nó a stóráil;
(f)
próiseas chun díchoimisiúnú nó fáil réidh go slán le gairis stórála sonraí atá ar áitreabh, nó gairis stórála sonraí atá á stóráil, a bhfuil faisnéis rúnda iontu;
(g)
bearta a shainaithint agus a chur chun feidhme chun a áirithiú nach mbeadh tionchar díobhálach ag teilea-obair ná úsáid de ghairis chríochphointe phríobháideacha ar chumas an eintitis airgeadais a ghníomhaíochtaí criticiúla a dhéanamh ar bhealach oiriúnach, tráthúil, agus slán.
|
|
Airteagal 36 Tástáil slándála TFC
|
|
|
Airteagal 37 Córais TFC a éadáil, a fhorbairt agus a chothabháil
|
Airteagal 37
Córais TFC a éadáil, a fhorbairt agus a chothabháil
Dearfaidh agus cuirfidh na heintitis airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2022/2554, i gcás inarb iomchuí, nós imeachta lena rialaítear éadáil, forbairt agus cothabháil córas TFC i gcomhréir le cur chuige rioscabhunaithe. Déanfaidh an nós imeachta sin na nithe seo a leanas:
(a)
a áirithiú, sula ndéantar aon éadáil nó forbairt ar chórais TFC, lena n-áirítear ceanglais slándála faisnéise, go bhfuil na ceanglais fheidhmiúla agus neamhfheidhmiúla sonraithe agus formheasta go soiléir ag an bhfeidhm ghnó lena mbaineann;
(b)
faomhadh agus tástáil na gcóras TFC a áirithiú sula mbainfear úsáid astu den chéad uair agus sula dtabharfar isteach athruithe ar an timpeallacht táirgeachta;
(c)
bearta a shainaithint chun na rioscaí maidir le hathrú neamhbheartaithe nó ionramháil bheartaithe ar na córais TFC a mhaolú le linn forbartha agus cur chun feidhme sa timpeallacht táirgeachta.
|
|
Airteagal 38 Bainistiú tionscadal agus athruithe TFC
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|