3. Éileoidh na beartais, nósanna imeachta agus rialuithe i ndáil le faisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chomhroinnt ar na heintitis faoi oibleagáid laistigh den ghrúpa faisnéis a mhalartú nuair atá an chomhroinnt sin ábhartha chun críoch díchill chuí do chustaiméirí agus bainistiú riosca a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta. Cumhdófar go sonrach le faisnéis a chomhroinnt laistigh den ghrúpa sainaithint agus céannacht an chustaiméara, a úinéirí tairbhiúla nó an duine a ngníomhaíonn an custaiméir thar a c(h)eann, cineál agus cuspóir na gaolmhaireachta gnó agus na n-idirbheart tráthrialta agus na hamhrais, agus na hanailísí bunúsacha a ghabhann leo, gur fáltais ón ngníomhaíocht choiriúil atá sna cistí nó go mbaineann siad le maoiniú na sceimhlitheoireachta a tuairiscíodh chuig FIU de bhun Airteagal 69, mura dtugann an FIU treoir éigin eile ina leith.
Ní chuirfidh na beartais, nósanna imeachta agus rialuithe uileghrúpa cosc ar na heintitis laistigh de ghrúpa nach eintitis faoi oibleagáid iad chun faisnéis a thabhairt do na heintitis faoi oibleagáid laistigh den ghrúpa céanna i gcás ina bhfuil an chomhroinnt sin ábhartha chun go gcomhlíonfaidh na heintitis faoi oibleagáid na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo.
Cuirfidh na máthairghnóthais beartais, nósanna imeachta agus rialuithe uileghrúpa ar bun chun a áirithiú go gcuirtear an fhaisnéis a mhalartaítear de bhun na chéad fhomhíre agus an dara fomhír faoi réir ráthaíochtaí leordhóthanacha i dtéarmaí rúndachta, cosanta sonraí agus úsáid na faisnéise, lena n-áirítear lena nochtadh a chosc.