2. I dteannta na n-imthosca dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais, cé is moite de sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, bearta díchill chuí do chustaiméirí i bhfeidhm agus idirbheart ócáideach, ar aistriú cistí mar a shainítear in Airteagal 3, pointe (9), de Rialachán (AE) 2023/1113 é á thionscnamh nó á chur i gcrích, dar luach nach lú ná EUR 1 000, nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta, bíodh sé in oibríocht amháin nó trí idirbhearta nasctha a chuirtear i gcrích an t-idirbheart sin.