+Airteagal 19 Bearta díchill chuí do chustaiméirí a chur i bhfeidhm
---+Airteagal 19 1
---+Airteagal 19 2
---+Airteagal 19 3
---+Airteagal 19 4
---+Airteagal 19 5
---+Airteagal 19 6
---+Airteagal 19 7
---+Airteagal 19 8
---+Airteagal 19 9
---+Airteagal 19 10
|
Airteagal 19 Bearta díchill chuí do chustaiméirí a chur i bhfeidhm
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 19 1
|
1. Cuirfidh eintitis faoi oibleagáid bearta díchill chuí do chustaiméirí i bhfeidhm in aon cheann de na himthosca seo a leanas:
|
(a)
|
nuair a bheidh gaolmhaireacht gnó á bunú;
|
|
(b)
|
agus idirbheart ócáideach á chur i gcrích dar luach EUR 10 000 ar a laghad, nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta, bíodh sé in oibríocht amháin nó trí idirbhearta nasctha a chuirtear i gcrích an t-idirbheart sin, nó dar luach níos lú arna leagan síos de bhun mhír 9;
|
|
(c)
|
agus eintiteas dlítheanach á chruthú, socrú dlíthiúil á chur ar bun nó, i gcás na n-eintiteas faoi oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 3, pointí (3)(a), (b) nó (c), agus úinéireacht eintitis dhlítheanaigh á haistriú, gan beann ar luach an idirbhirt;
|
|
(d)
|
nuair a bheidh amhras ann faoi sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta, gan beann ar aon mhaolú, díolúine nó tairseach;
|
|
(e)
|
nuair a bheidh amhras ann faoi fhírinneacht nó leordhóthanacht shonraí céannachta na gcustaiméirí a bheidh faighte roimhe;
|
|
(f)
|
nuair a bheidh amhras ann i dtaobh an é nó í an custaiméir nó an duine atá údaraithe chun gníomhú thar ceann an chustaiméara an duine a idirghníomhaíonn siad leis nó léi.
|
|
|
Airteagal 19 2
|
2. I dteannta na n-imthosca dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais, cé is moite de sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, bearta díchill chuí do chustaiméirí i bhfeidhm agus idirbheart ócáideach, ar aistriú cistí mar a shainítear in Airteagal 3, pointe (9), de Rialachán (AE) 2023/1113 é á thionscnamh nó á chur i gcrích, dar luach nach lú ná EUR 1 000, nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta, bíodh sé in oibríocht amháin nó trí idirbhearta nasctha a chuirtear i gcrích an t-idirbheart sin.
|
|
Airteagal 19 3
|
3. De mhaolú ar mhír 1, pointe (b), déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní an méid seo a leanas:
|
(a)
|
bearta díchill chuí do chustaiméirí a chur i bhfeidhm agus idirbheart ócáideach á chur i gcrích dar luach nach lú ná EUR 1 000, nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta, bíodh sé in oibríocht amháin nó trí idirbhearta nasctha a chuirtear i gcrích an t-idirbheart sin;
|
|
(b)
|
bearta díchill chuí do chustaiméirí dá dtagraítear in Airteagal 20(1), pointe (a), a chur i bhfeidhm, ar a laghad, agus idirbheart ócáideach á chur i gcrích i gcás ina bhfuil an luach faoi bhun EUR 1 000, nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta, bíodh sé in oibríocht amháin nó trí idirbhearta nasctha a chuirtear i gcrích an t-idirbheart sin.
|
|
|
Airteagal 19 4
|
4. De mhaolú ar mhír 1, pointe (b), cuirfidh eintitis faoi oibleagáid bearta díchill chuí do chustaiméirí dá dtagraítear in Airteagal 20(1), pointe (a), i bhfeidhm ar a laghad agus idirbheart ócáideach á chur i gcrích acu in airgead tirim arb é EUR 3 000 ar a laghad a luach, nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta, bíodh sé in oibríocht amháin nó trí idirbhearta nasctha a chuirtear i gcrích an t-idirbheart sin.
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo i gcás ina bhfuil teorainn EUR 3 000 nó níos lú, nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta, i bhfeidhm ag na Ballstáit, de bhun Airteagal 80(2) agus (3), le haghaidh íocaíochtaí móra in airgead tirim, ach amháin sna cásanna a chumhdaítear le mír 4, pointe (b), den Airteagal sin.
|
|
Airteagal 19 5
|
5. Sa bhreis ar na himthosca dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh soláthraithe seirbhísí cearrbhachais bearta díchill chuí do chustaiméirí i bhfeidhm nuair a bhaileofar airgead buaite, nuair a chuirfear geall, nó an dá rud, nuair a dhéantar idirbhearta arb ionann iad agus EUR 2 000 ar a laghad nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta, bíodh an t-idirbheart á chur i gcrích in oibríocht amháin nó trí idirbhearta nasctha.
|
|
Airteagal 19 6
|
6. Chun críocha na Caibidle seo, measfaidh eintitis faoi oibleagáid gur custaiméirí iad na daoine seo a leanas:
|
(a)
|
i gcás eintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 3, pointí (3) (e), (f) agus (i) agus daoine a thrádálann in earraí ardluacha dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (3) (j), i dteannta a gcustaiméara dhírigh, an soláthróir earraí;
|
|
(b)
|
i gcás nótairí, dlíodóirí, agus gairmithe dlí neamhspleácha eile a dhéanann idirghabháil ar idirbheart agus sa mhéid gurb iad an t-aon nótaire nó dlíodóir nó gairmí dlí neamhspleách eile iad a dhéanann idirghabháil maidir leis an idirbheart sin, an dá pháirtí san idirbheart;
|
|
(c)
|
i gcás gníomhairí réadmhaoine, an dá pháirtí san idirbheart;
|
|
(d)
|
i ndáil le seirbhísí tionscanta íocaíochta arna ndéanamh ag soláthraithe seirbhísí tionscanta íocaíochta, an ceannaí;
|
|
(e)
|
i ndáil le soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin agus idirghabhálaithe sluachistiúcháin, an duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil an cistiú á lorg agus á sholáthar aige tríd an ardán sluachistiúcháin.
|
|
|
Airteagal 19 7
|
7. Féadfaidh maoirseoirí, go díreach nó i gcomhar le húdaráis eile sa Bhallstát sin, eintitis faoi oibleagáid a dhíolmhú ó na bearta díchill chuí do chustaiméirí dá dtagraítear in Airteagal 20(1), pointí (a), (b) agus (c), a chur i bhfeidhm, go hiomlán nó i bpáirt, i ndáil le ríomh-airgead ar bhonn an riosca ísil chruthaithe a bhaineann le cineál an táirge, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas maidir le maolú riosca:
|
(a)
|
ní féidir an ionstraim íocaíochta a athluchtú, agus ní mó ná EUR 150 nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta an méid a stóráiltear go leictreonach;
|
|
(b)
|
úsáidtear an ionstraim íocaíochta go heisiach chun earraí nó seirbhísí, arna soláthar ag an eisitheoir nó laistigh de líonra soláthraithe seirbhíse, a cheannach;
|
|
(c)
|
níl an ionstraim íocaíochta nasctha le cuntas íocaíochta ná ní cheadaítear leis aon mhéid stóráilte a mhalartú ar airgead tirim ná ar chripteashócmhainní;
|
|
(d)
|
déanann an t-eisitheoir faireachán leordhóthanach ar na hidirbhearta agus ar an ngaolmhaireacht gnó chun go bhféadfar idirbhearta neamhghnácha nó amhrasacha a bhrath.
|
|
|
Airteagal 19 8
|
8. Féadfaidh soláthraithe seirbhísí cearrbhachais a n-oibleagáid bearta díchill chuí do chustaiméirí dá dtagraítear in Airteagal 20(1), pointe (a), a chur i bhfeidhm a chomhlíonadh tríd an gcustaiméir a shainaithint agus céannacht an chustaiméara a fhíorú ar theacht isteach sa chasaíne nó in áitreabh fisiciúil cearrbhachais eile, ar choinníoll go bhfuil córais i bhfeidhm acu lena gcuirtear ar a gcumas idirbhearta a fhágáil ar chustaiméirí sonracha.
|
|
Airteagal 19 9
|
9. Faoin 10 Iúil 2026, forbróidh AMLA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin lena nglacadh iad. Sonrófar sna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin:
|
(a)
|
na heintitis faoi oibleagáid, earnálacha nó idirbhearta lena mbaineann riosca níos airde don sciúradh airgid agus don mhaoiniú sceimhlitheoireachta, agus lena mbaineann luach níos ísle ná na cinn a leagtar amach i mír 1, pointe (b);
|
|
(b)
|
na luachanna gaolmhara maidir le hidirbheart ócáideach;
|
|
(c)
|
na critéir atá le cur san áireamh chun idirbhearta ócáideacha agus gaolmhaireachtaí gnó a shainaithint;
|
|
(d)
|
na critéir chun idirbhearta nasctha a shainaithint.
|
Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír á bhforbairt, tabharfaidh AMLA aird chuí ar leibhéil bhunúsacha rioscaí shamhlacha gnó na gcineálacha éagsúla eintiteas faoi oibleagáid agus ar an measúnú riosca ar leibhéal an Aontais arna dhéanamh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 7 de Threoir (AE) 2024/1640.
|
|
Airteagal 19 10
|
10. Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 9 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 49 go 52 de Rialachán (AE) 2024/1620.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|