3. Gheobhaidh institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais faisnéis chun céannacht na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha a úsáideann aon IBAN fíorúil a eisíonn siad, agus an cuntas bainc nó íocaíochta gaolmhar, a shainaithint agus a fhíorú.
Áiritheoidh an institiúid creidmheasa nó an institiúid airgeadais a dhéanann seirbhísiú ar an gcuntas bainc nó íocaíochta lena n-atreoraíonn IBAN fíorúil, arna eisiúint ag institiúid creidmheasa nó institiúid airgeadais eile, íocaíochtaí, gur féidir léi an fhaisnéis a fháil ón institiúid a eisíonn an IBAN fíorúil lena sainaithnítear agus lena bhfíoraítear céannacht an duine nádúrtha a úsáideann an IBAN fíorúil sin gan mhoill agus, i gcás ar bith, laistigh de 5 lá oibre ó d’iarr sí an fhaisnéis sin.