+Airteagal 22 Céannacht custaiméirí agus úinéirí tairbhiúla a shainaithint agus a fhíorú
---+Airteagal 22 1
---+Airteagal 22 2
---+Airteagal 22 3
---+Airteagal 22 4
---+Airteagal 22 5
---+Airteagal 22 6
---+Airteagal 22 7
|
Airteagal 22 Céannacht custaiméirí agus úinéirí tairbhiúla a shainaithint agus a fhíorú
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 22 1
|
1. Cé is moite de na cásanna lena mbaineann riosca níos ísle a bhfuil feidhm ag bearta faoi Roinn 3 maidir leo agus gan beann ar chur i bhfeidhm beart breise i gcásanna lena mbaineann riosca níos airde faoi Roinn 4, gheobhaidh eintitis faoi oibleagáid an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad chun an custaiméir, aon duine a airbheartaíonn a bheith ag gníomhú thar ceann an chustaiméara, agus na daoine nádúrtha ar thar a gceann nó chun sochair dóibh atá idirbheart á chur i gcrích nó gníomhaíocht á cur i gcrích, a shainaithint:
|
(a)
|
i gcás duine nádúrtha:
|
(i)
|
gach ainm agus sloinne;
|
|
(ii)
|
áit agus dáta breithe iomlán;
|
|
(iii)
|
náisiúntachtaí, nó stádas mar dhuine gan stát agus teifeach nó stádas cosanta coimhdí de réir mar is infheidhme, agus an uimhir aitheantais náisiúnta, de réir mar is infheidhme;
|
|
(iv)
|
gnátháit chónaithe nó, murab ann do sheoladh cónaithe seasta lena mbaineann cónaí dlisteanach san Aontas, an seoladh poist ag ar féidir teacht ar an duine nádúrtha agus, más ann di, an uimhir aitheantais chánach;
|
|
|
(b)
|
i gcás eintiteas dlítheanach:
|
(i)
|
foirm dhlíthiúil agus ainm an eintitis dhlítheanaigh;
|
|
(ii)
|
seoladh na hoifige cláraithe nó oifigiúla, agus más éagsúil í, an phríomhláthair ghnó, agus an tír chruthaithe;
|
|
(iii)
|
ainmneacha na n-ionadaithe dlíthiúla an eintitis dhlítheanach, chomh maith le huimhir chlárúcháin, uimhir aitheantais chánach agus Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh más ann dóibh;
|
|
(iv)
|
ainmneacha na ndaoine a shealbhaíonn scaireanna nó post stiúrthóireachta i bhfoirm ainmnitheach, lena n-áirítear tagairt dá stádas mar scairshealbhóirí ainmnitheacha nó mar stiúrthóirí ainmnitheacha.
|
|
|
(c)
|
i gcás iontaobhaí iontaobhais shainráite nó duine i mbun poist choibhéisigh i socrú dlíthiúil comhchosúil:
|
(i)
|
faisnéis bhunúsach maidir leis an socrú dlíthiúil; maidir leis na sócmhainní a shealbhaítear sa socrú dlíthiúil nó a bhainistítear tríd an socrú dlíthiúil, áfach, ní shainaithneofar ach na sócmhainní atá le bainistiú i gcomhthéacs na gaolmhaireachta gnó nó an idirbhirt ócáidigh;
|
|
(ii)
|
seoladh cónaithe na n-iontaobhaithe nó na ndaoine i mbun poist choibhéisigh i socrú dlíthiúil comhchosúil agus, murab ionann é, an áit óna riartar an t-iontaobhas sainráite nó an socrú dlíthiúil comhchosúil, agus na cumhachtaí lena rialaítear agus lena gceanglaítear na socruithe dlíthiúla, chomh maith leis an uimhir aitheantais chánach agus an tAitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh más ann dóibh;
|
|
|
(d)
|
i gcás eagraíochtaí eile ag a bhfuil cáil dhlíthiúil de réir an dlí náisiúnta:
|
(i)
|
ainm, seoladh na hoifige cláraithe nó a coibhéis;
|
|
(ii)
|
ainmneacha na ndaoine atá údaraithe chun feidhmiú mar ionadaí na heagraíochta chomh maith le foirm dhlíthiúil uimhir aitheantais chánach, uimhir chlárúcháin, Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh agus gníomhais an chomhlachais nó a choibhéis, de réir mar is infheidhme.
|
|
|
|
Airteagal 22 2
|
2. Chun úinéir tairbhiúil an eintitis dhlítheanaigh nó socraithe dhlíthiúil a shainaithint, baileoidh eintitis faoi oibleagáid an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 62(1), an dara fomhír, pointe (a).
I gcás nach bhfuil duine nádúrtha ar bith sainaitheanta mar úinéir tairbhiúil, tar éis gach modh sainaitheanta a ídiú, nó i gcás ina bhfuil amhrais gurb iad na daoine atá sainaitheanta na húinéirí tairbhiúla, déanfaidh na heintitis faoi oibleagáid taifead nár sainaithníodh aon úinéir tairbhiúil agus sainaithneoidh siad na daoine nádúrtha uile i mbun na bpost mar oifigigh bhainistíochta sinsearaí san eintiteas dlítheanach, agus fíoróidh siad a gcéannacht.
I gcás ina bhféadfaidh seoladh an fhíoraithe céannachta dá dtagraítear sa dara fomhír custaiméir a chur ar an eolas go bhfuil amhras ar an eintiteas faoi oibleagáid maidir le húinéireacht thairbhiúil an eintitis dhlítheanaigh, staonfaidh an t-eintiteas faoi oibleagáid ó chéannacht na n-oifigeach bainistíochta sinsearaí a fhíorú, agus ina ionad sin déanfaidh sé taifead ar na bearta a rinneadh chun céannacht na n-úinéirí tairbhiúla agus na n-oifigeach bainistíochta sinsearaí a fhionnadh. Coimeádfaidh eintitis faoi oibleagáid taifid ar na gníomhaíochtaí a glacadh chomh maith leis na deacrachtaí ar thángthas orthu le linn an phróisis sainaitheanta, a d’fhág gur sainaithníodh oifigeach bainistíochta sinsearaí.
|
|
Airteagal 22 3
|
3. Gheobhaidh institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais faisnéis chun céannacht na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha a úsáideann aon IBAN fíorúil a eisíonn siad, agus an cuntas bainc nó íocaíochta gaolmhar, a shainaithint agus a fhíorú.
Áiritheoidh an institiúid creidmheasa nó an institiúid airgeadais a dhéanann seirbhísiú ar an gcuntas bainc nó íocaíochta lena n-atreoraíonn IBAN fíorúil, arna eisiúint ag institiúid creidmheasa nó institiúid airgeadais eile, íocaíochtaí, gur féidir léi an fhaisnéis a fháil ón institiúid a eisíonn an IBAN fíorúil lena sainaithnítear agus lena bhfíoraítear céannacht an duine nádúrtha a úsáideann an IBAN fíorúil sin gan mhoill agus, i gcás ar bith, laistigh de 5 lá oibre ó d’iarr sí an fhaisnéis sin.
|
|
Airteagal 22 4
|
4. I gcás tairbhithe iontaobhas nó eintitis dhlítheanacha nó socruithe dlíthiúla comhchosúla atá ainmnithe ag tréithe nó aicme ar leith, gheobhaidh eintiteas faoi oibleagáid faisnéis leordhóthanach maidir leis an tairbhí ionas go mbeidh sé ábalta céannacht an tairbhí a shuí tráth na híocaíochta nó nuair a fheidhmeoidh an tairbhí a chearta dílsithe.
|
|
Airteagal 22 5
|
5. I gcás iontaobhais lánroghnacha, gheobhaidh eintiteas faoi oibleagáid faisnéis leordhóthanach a bhaineann le hábhair chumhachta agus faighteoirí i gcás mainneachtana ionas go gcuirfear ar a chumas dó céannacht an tairbhí a shuí tráth a bhfeidhmíonn na hiontaobhaithe a gcumhacht lánroghnach, nó tráth a dtiocfaidh na faighteoirí i gcás mainneachtana chun bheith ina dtairbhithe mar gheall ar mhainneachtain na n-iontaobhaithe a gcumhacht lánroghnach a fheidhmiú.
|
|
Airteagal 22 6
|
6. Gheobhaidh eintitis faoi oibleagáid an fhaisnéis, na doiciméid agus na sonraí is gá chun céannacht an chustaiméara agus aon duine a airbheartaíonn a bheith ag gníomhú thar a cheann a fhíorú trí cheachtar de na modhanna seo a leanas:
|
(a)
|
doiciméad aitheantais, pas nó a gcoibhéis a chur isteach, agus, i gcás inarb ábhartha, sealbhú na faisnéise ó fhoinsí iontaofa agus neamhspleácha, má rinneadh rochtain dhíreach orthu nó má sholáthair an custaiméir iad;
|
|
(b)
|
modhanna ríomh-shainaitheantais a úsáid a chomhlíonann ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 maidir leis na leibhéil dearbhaithe ‘substaintiúil’ nó ‘ard’ agus seirbhísí iontaoibhe cáilithe ábhartha mar a leagtar amach sa Rialachán sin.
|
|
|
Airteagal 22 7
|
7. Fíoróidh eintitis faoi oibleagáid céannacht an úinéara thairbhiúil agus, i gcás inarb ábhartha, na daoine a bhfuil idirbheart nó gníomhaíocht á dhéanamh nó á déanamh thar a gceann nó chun a leasa ar cheachtar de na bealaí seo a leanas:
|
(a)
|
i gcomhréir le mír 6;
|
|
(b)
|
trí bhearta réasúnacha a dhéanamh chun an fhaisnéis, na doiciméid agus na sonraí is gá a fháil ón gcustaiméir nó ó fhoinsí iontaofa eile, lena n-áirítear cláir phoiblí seachas na cláir lárnacha.
|
Cinnfidh eintitis faoi oibleagáid méid na faisnéise a cheadófar, ag féachaint do na rioscaí a bhaineann leis an idirbheart ócáideach nó leis an ngaolmhaireacht gnó agus leis an úinéir tairbhiúil, lena n-áireofar rioscaí a bhaineann leis an struchtúr úinéireachta.
Sa bhreis ar na modhanna fíoraithe a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo, fíoróidh eintitis faoi oibleagáid an fhaisnéis faoin úinéir tairbhiúil nó na húinéirí tairbhiúla trí dhul i gcomhairle leis na cláir lárnacha.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|