4. I gcás ina sainaithníonn AMLA gur bagairt shonrach agus thromchúiseach ar chóras airgeadais an Aontais í tríú tír seachas iad sin a shainaithnítear de bhun Airteagail 29 agus 30, féadfaidh sé tuairim a thabhairt don Choimisiún ina leagfar amach an bhagairt atá sainaitheanta aige agus an fáth a gcreideann sé gur cheart don Choimisiún an tríú tír a shainaithint de bhun mhír 1.
I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún gan an tríú tír dá dtagraítear sa chéad fhomhír a shainaithint, tabharfaidh sé údar cuí leis sin do AMLA.