4. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi liosta de chineálacha socruithe dlíthiúla atá comhchosúil le hiontaobhais shainráite a rialaítear faoina ndlí don Choimisiún faoin 10 Deireadh Fómhair 2027.
Beidh cur síos ar na nithe seo a leanas ag gabháil leis an bhfógra:
|
(a)
|
foirm agus gnéithe bunúsacha na socruithe dlíthiúla sin;
|
|
(b)
|
an próiseas trínar féidir na socruithe dlíthiúla sin a chur ar bun;
|
|
(c)
|
an próiseas chun rochtain a fháil ar fhaisnéis bhunúsach agus ar fhaisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil maidir leis na socruithe dlíthiúla sin;
|
|
(d)
|
na suíomhanna gréasáin ar ar féidir na cláir lárnacha a cheadú ina bhfuil faisnéis faoi úinéirí tairbhiúla na socruithe dlíthiúla sin agus mionsonraí teagmhála na n-eintiteas atá i gceannas ar na cláir sin a cheadú.
|
Beidh réasúnú ag gabháil leis an bhfógra freisin ina sonrófar na cúiseanna a measann an Ballstát go bhfuil na socruithe dlíthiúla ar tugadh fógra ina leith cosúil le hiontaobhais shainráite agus an fáth ar tháinig sé ar an gconclúid nach bhfuil socruithe dlíthiúla eile a rialaítear faoina dhlí cosúil le hiontaobhais shainráite.