+Airteagal 58 Úinéirí tairbhiúla iontaobhas sainráite agus socruithe dlíthiúla comhchosúla a shainaithint
---+Airteagal 58 1
---+Airteagal 58 2
---+Airteagal 58 3
---+Airteagal 58 4
---+Airteagal 58 5

Airteagal 58 Úinéirí tairbhiúla iontaobhas sainráite agus socruithe dlíthiúla comhchosúla a shainaithint

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 58 1

1.   Is iad na daoine nádúrtha ar fad seo a leanas a bheidh sna húinéirí tairbhiúla iontaobhas sainráite:

(a)

na socraitheoirí;

(b)

na hiontaobhaithe;

(c)

na cosantóirí, más ann;

(d)

na tairbhithe, mura bhfuil feidhm ag Airteagal 59 nó 60;

(e)

aon daoine nádúrtha eile a fheidhmíonn rialú deiridh ar an iontaobhas sainráite trí úinéireacht dhíreach nó indíreach nó trí mhodhanna eile, lena n-áirítear trí shlabhra rialaithe nó úinéireachta.

Airteagal 58 2

2.   I gcás socruithe dlíthiúla eile atá comhchosúil le hiontaobhais shainráite, is iad na daoine nádúrtha ag a bhfuil post coibhéiseach nó comhchosúil leis na daoine sin dá dtagraítear i mír 1 a bheidh sna húinéirí tairbhiúla.

Airteagal 58 3

3.   I gcás inar le struchtúir rialaithe ilsrathacha socruithe dlíthiúla agus i gcás ina bhfuil aon cheann de na poist a liostaítear i mír 1 ag eintiteas dlítheanach, is iad úinéirí tairbhiúla na socruithe dlíthiúla:

(a)

na daoine nádúrtha a liostaítear i mír 1, agus

(b)

úinéirí tairbhiúla na n-eintiteas dlítheanach ag a bhfuil aon cheann de na poist a liostaítear i mír 1.

Airteagal 58 4

4.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi liosta de chineálacha socruithe dlíthiúla atá comhchosúil le hiontaobhais shainráite a rialaítear faoina ndlí don Choimisiún faoin 10 Deireadh Fómhair 2027.

Beidh cur síos ar na nithe seo a leanas ag gabháil leis an bhfógra:

(a)

foirm agus gnéithe bunúsacha na socruithe dlíthiúla sin;

(b)

an próiseas trínar féidir na socruithe dlíthiúla sin a chur ar bun;

(c)

an próiseas chun rochtain a fháil ar fhaisnéis bhunúsach agus ar fhaisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil maidir leis na socruithe dlíthiúla sin;

(d)

na suíomhanna gréasáin ar ar féidir na cláir lárnacha a cheadú ina bhfuil faisnéis faoi úinéirí tairbhiúla na socruithe dlíthiúla sin agus mionsonraí teagmhála na n-eintiteas atá i gceannas ar na cláir sin a cheadú.

Beidh réasúnú ag gabháil leis an bhfógra freisin ina sonrófar na cúiseanna a measann an Ballstát go bhfuil na socruithe dlíthiúla ar tugadh fógra ina leith cosúil le hiontaobhais shainráite agus an fáth ar tháinig sé ar an gconclúid nach bhfuil socruithe dlíthiúla eile a rialaítear faoina dhlí cosúil le hiontaobhais shainráite.

Airteagal 58 5

5.   Féadfaidh an Coimisiúin liosta de cineálacha socruithe dlíthiúla a ghlacadh, trí ghníomh cur chun feidhme, atá á rialú faoi dhlíthe na mBallstát agus ar cheart iad a bheith faoi réir na gceanglas céanna trédhearcachta maidir le húinéireacht thairbhiúil agus atá iontaobhais shainráite, agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4, an dara fomhír, den Airteagal seo a bheith ag gabháil leis. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 86(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas