8. I gcás ina mbeidh an t-eolas, an t-amhras nó na forais réasúnacha le hamhras a bheith ann mar thoradh ar ghníomhaíochtaí comhpháirtíochta comhroinnte faisnéise gur fáltais ó ghníomhaíocht choiriúil iad cistí, gan beann ar an méid atá i gceist, nó go mbaineann siad le maoiniú sceimhlitheoireachta, féadfaidh eintitis faoi oibleagáid a shainaithin amhras i ndáil le gníomhaíochtaí a gcustaiméirí duine a ainmniú ina measc a gcuirfear de chúram air tuarascáil a chur faoi bhráid an FIU de bhun mhír 1, pointe (a). Áireofar sa tuarascáil sin, ar a laghad, ainm agus mionsonraí teagmhála na n-eintiteas faoi oibleagáid uile a bhí rannpháirteach sna gníomhaíochtaí as ar eascair an tuarascáil.
I gcás ina bhfuil na heintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear sa chéad fhomhír bunaithe i roinnt Ballstát, tuairisceofar an fhaisnéis do gach FIU ábhartha. Chuige sin, áiritheoidh eintitis faoi oibleagáid gurb é go gcuirfidh eintiteas faoi oibleagáid isteach i gcríoch na mBallstát ina bhfuil an FIU lonnaithe a dhéanfaidh an tuairisciú.
I gcás ina gcinnfidh na heintitis faoi oibleagáid gan leas a bhaint as an bhféidearthacht tuarascáil aonair a chur faoi bhráid an FIU de bhun na chéad fhomhíre, déanfaidh siad tagairt ina dtuarascáil do na gníomhaíochtaí comhpháirtíochta comhroinnte faisnéise is cúis leis an amhras.