+Airteagal 69 Amhras a thuairisciú
---+Airteagal 69 1
---+Airteagal 69 2
---+Airteagal 69 3
---+Airteagal 69 4
---+Airteagal 69 5
---+Airteagal 69 6
---+Airteagal 69 7
---+Airteagal 69 8
---+Airteagal 69 9
|
Airteagal 69 Amhras a thuairisciú
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 69 1
|
1. Oibreoidh eintitis faoi oibleagáid, agus, i gcás inarb infheidhme, a stiúrthóirí agus a bhfostaithe, i gcomhar leis an FIU go hiomlán tríd an méid seo a leanas a dhéanamh go pras:
|
(a)
|
an FIU a chur ar an eolas, ar a dtionscnamh féin, i gcás ina mbeidh a fhios ag an eintiteas faoi oibleagáid, nó ina mbeidh forais réasúnacha aige le hamhras a bheith air, gur fáltais ó ghníomhaíocht choiriúil iad cistí nó gníomhaíochtaí, is cuma an méid atá i gceist, nó go bhfuil baint acu le maoiniú sceimhlitheoireachta nó le gníomhaíocht choiriúil, agus trí iarrataí ón FIU ar fhaisnéis bhreise sna cásanna sin a fhreagairt;
|
|
(b)
|
an fhaisnéis uile is gá a sholáthar don FIU, arna iarraidh sin dó, lena n-áirítear faisnéis faoi thaifid idirbhirt, laistigh de na sprioc-amanna a fhorchuirtear;
|
Na hidirbhearta amhrasacha uile, lena n-áirítear iarrachtaí ar idirbhearta a dhéanamh agus amhras a eascraíonn as neamhábaltacht dícheall cuí do chustaiméirí a dhéanamh, tuairisceofar iad i gcomhréir leis an gcéad fhomhír.
Chun críocha na chéad fhomhíre, tabharfaidh eintitis faoi oibleagáid freagra ar iarrataí ar fhaisnéis ón FIU laistigh de 5 lá oibre. I gcásanna lena mbaineann réasúnú agus práinn, féadfaidh FIUnna an sprioc-am sin a laghdú, lena n-áirítear go níos lú ná 24 uair an chloig.
De mhaolú ar an tríú fomhír, féadfaidh an FIU síneadh a chur leis an sprioc-am le haghaidh freagartha thar an 5 lá oibre i gcás ina measann sé go bhfuil údar cuí leis agus ar choinníoll nach mbaineann an síneadh an bonn d’anailís an FIU.
|
|
Airteagal 69 2
|
2. Chun críocha mhír 1, déanfaidh eintitis faoi oibleagáid measúnú ar idirbhearta nó gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag a gcustaiméirí ar bhonn agus i gcoinne aon fhíorais agus faisnéise ábhartha atá ar eolas acu nó atá ina seilbh acu. I gcás inar gá, tabharfaidh eintitis faoi oibleagáid tosaíocht dá measúnú agus aird á tabhairt ar phráinn an idirbhirt nó na gníomhaíochta agus ar na rioscaí a dhéanann difear don Bhallstát ina bhfuil siad bunaithe.
Beidh amhras, de bhun mhír 1, pointe (a), ar shaintréithe an chustaiméara agus a chontrapháirtithe, ar mhéid agus ar chineál an idirbhirt nó na gníomhaíochta, nó ar mhodhanna agus ar phatrúin an idirbhirt nó na gníomhaíochta, ar an nasc idir roinnt idirbheart nó gníomhaíochtaí, ar thionscnamh, ceann scríbe nó úsáid na gcistí, nó ar aon imthoisc eile is eol don eintiteas faoi oibleagáid, lena n-áirítear comhsheasmhacht an idirbhirt nó na gníomhaíochta leis an bhfaisnéis a fuarthas de bhun Chaibidil III lena n-áirítear próifíl riosca an chliaint.
|
|
Airteagal 69 3
|
3. Faoin 10 Iúil 2026, forbróidh AMLA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin lena nglacadh iad. Sonrófar sna dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin an fhormáid atá le húsáid chun amhras a thuairisciú de bhun mhír 1, pointe (a), agus chun taifid idirbhirt a sholáthar de bhun mhír 1, pointe (b).
|
|
Airteagal 69 4
|
4. Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 53 de Rialachán (AE) 2024/1620.
|
|
Airteagal 69 5
|
5. Faoin 10 Iúil 2027, déanfaidh AMLA treoirlínte faoi ghníomhaíocht nó iompraíocht amhrasach a eisiúint. Déanfar na treoirlínte sin a thabhairt cothrom chun dáta go tréimhsiúil.
|
|
Airteagal 69 6
|
6. Déanfaidh an t-oifigeach um chomhlíonadh arna cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 11(2) an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a tharchur chuig FIU an Bhallstáit, a bhfuil an t-eintiteas faoi oibleagáid a dhéanann an fhaisnéis a tharchur bunaithe ar a chríoch.
|
|
Airteagal 69 7
|
7. Áiritheoidh eintitis faoi oibleagáid go ndéanfaidh an t-oifigeach um chomhlíonadh a cheapfar i gcomhréir le hAirteagal 11(2), chomh maith le haon fhostaí nó duine i bpost inchomparáide, lena n-áirítear gníomhairí agus dáileoirí, a bhfuil baint acu le cur i gcrích na gcúraimí a chumhdaítear leis an Airteagal seo, a chosaint ar fhrithbheart, ar idirdhealú agus ar aon chóir éagórach eile as na cúraimí sin a dhéanamh.
Ní dhéanfaidh an mhír seo difear don chosaint a bhféadfadh na daoine dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bheith ina teideal faoi Threoir (AE) 2019/1937.
|
|
Airteagal 69 8
|
8. I gcás ina mbeidh an t-eolas, an t-amhras nó na forais réasúnacha le hamhras a bheith ann mar thoradh ar ghníomhaíochtaí comhpháirtíochta comhroinnte faisnéise gur fáltais ó ghníomhaíocht choiriúil iad cistí, gan beann ar an méid atá i gceist, nó go mbaineann siad le maoiniú sceimhlitheoireachta, féadfaidh eintitis faoi oibleagáid a shainaithin amhras i ndáil le gníomhaíochtaí a gcustaiméirí duine a ainmniú ina measc a gcuirfear de chúram air tuarascáil a chur faoi bhráid an FIU de bhun mhír 1, pointe (a). Áireofar sa tuarascáil sin, ar a laghad, ainm agus mionsonraí teagmhála na n-eintiteas faoi oibleagáid uile a bhí rannpháirteach sna gníomhaíochtaí as ar eascair an tuarascáil.
I gcás ina bhfuil na heintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear sa chéad fhomhír bunaithe i roinnt Ballstát, tuairisceofar an fhaisnéis do gach FIU ábhartha. Chuige sin, áiritheoidh eintitis faoi oibleagáid gurb é go gcuirfidh eintiteas faoi oibleagáid isteach i gcríoch na mBallstát ina bhfuil an FIU lonnaithe a dhéanfaidh an tuairisciú.
I gcás ina gcinnfidh na heintitis faoi oibleagáid gan leas a bhaint as an bhféidearthacht tuarascáil aonair a chur faoi bhráid an FIU de bhun na chéad fhomhíre, déanfaidh siad tagairt ina dtuarascáil do na gníomhaíochtaí comhpháirtíochta comhroinnte faisnéise is cúis leis an amhras.
|
|
Airteagal 69 9
|
9. Coinneoidh na heintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo cóip d’aon tuarascálacha arna gcur isteach de bhun na míre sin i gcomhréir le hAirteagal 77.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|