3. Coinneofar an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 ar feadh tréimhse 5 bliana dar tosach dáta foirceanta na gaolmhaireachta gnó nó ar dháta déanta an idirbhirt ócáidigh, nó ar an dáta a ndiúltaítear gaolmhaireacht gnó nó idirbheart ócáideach a dhéanamh. Gan dochar do thréimhsí coinneála sonraí a bhailítear chun críocha gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais nó den dlí náisiúnta a chomhlíonann Rialachán (AE) 2016/679, scriosfaidh eintitis faoi oibleagáid sonraí pearsanta ar dhul in éag don tréimhse 5 bliana.
Féadfaidh údaráis inniúla tréimhse choinneála is faide a cheangal maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar bhonn cás ar chás, ar choinníoll go bhfuil gá le coinneáil den sórt sin chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh. Ní rachaidh an tréimhse choinneála bhreise sin thar 5 bliana.