|
+Airteagal 38 (3) |
Airteagal 38 (3)in Airteagal 18, cuirtear na míreanna seo a leanas leis: “5. Faoin.30 Nollaig 2024, déanfaidh ÚBE treoirlínte a eisiúint maidir le hathróga riosca agus fachtóirí riosca a bheidh le cur san áireamh ag soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní agus iad ag dul i mbun gaolmhaireacht ghnó nó ag déanamh idirbhearta i gcripteashócmhainní. 6. Soiléireoidh ÚBE, go háirithe, conas a chuirfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní na fachtóirí riosca a liostaítear in Iarscríbhinn III san áireamh, lena n-áirítear nuair a bheidh idirbhearta á ndéanamh acu le daoine agus le heintitis nach gcumhdaítear leis an Treoir seo. Chuige sin, tabharfaidh ÚBE aird ar leith ar tháirgí, idirbhearta agus teicneolaíochtaí a d’fhéadfadh anaithnideacht a éascú, amhail tiachóga príobháideachais, meascthóirí nó rothlóirí. I gcás ina sainaithnítear cásanna lena ngabhann riosca níos airde, áireofar sna treoirlínte dá dtagraítear i mír 5 na bearta díchill chuí feabhsaithe a bhféachfaidh eintitis faoi oibleagáid an bhféadfaí iad a chur i bhfeidhm chun na rioscaí sin a mhaolú, lena n-áirítear nósanna imeachta iomchuí a ghlacadh chun tionscnamh nó ceann scríbe cripteashócmhainní a bhrath.” 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|