+Airteagal 38 Leasuithe ar Threoir (AE) 2015/849
---+Airteagal 38 (1)
---+Airteagal 38 (2)
---+Airteagal 38 (3)
---+Airteagal 38 (4)
---+Airteagal 38 (5)
---+Airteagal 38 (6)
---+Airteagal 38 (7)
---+Airteagal 38 (8)
|
Airteagal 38 Leasuithe ar Threoir (AE) 2015/849
Leasaítear Treoir (AE) 2015/849 mar a leanas:
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 38 (1)
|
in Airteagal 2(1), pointe (3), scriostar pointí (g) agus (h);
|
|
Airteagal 38 (2)
|
leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
|
(a)
|
i bpointe (2), cuirtear an pointe seo a leanas leis:
|
“(g)
|
soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní.”;
|
|
|
(b)
|
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (8):
|
“(8)
|
ciallaíonn ‘gaolmhaireacht chomhfhreagrach’:
|
(a)
|
seirbhísí baincéireachta a bheith á soláthar ag banc amháin mar an comhfhreagraí do bhanc eile mar an freagróir, lena n-áirítear cuntas dliteanais reatha nó eile agus seirbhísí gaolmhara a sholáthar, amhail bainistíocht airgid thirim, aistrithe cistí idirnáisiúnta, imréiteach seiceanna, cuntais ‘iníoctha tríd’ agus seirbhísí malairte eachtraí;
|
|
(b)
|
an ghaolmhaireacht idir agus i measc institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais, lena n-áirítear i gcás ina soláthraíonn institiúid chomhfhreagrach seirbhísí comhchosúla d’institiúid is freagróir, agus lena n-áirítear an ghaolmhaireacht arna bunú le haghaidh idirbhearta urrús nó aistrithe cistí nó an ghaolmhaireacht arna bunú le haghaidh idirbhearta cripteashócmhainní nó aistrithe cripteashócmhainní;”;
|
|
|
|
(c)
|
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 18 agus 19:
|
“(18)
|
ciallaíonn ‘cripteashócmhainn’ cripteashócmhainn mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (5), de Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) ach amháin i gcás ina dtagann sí faoi na catagóirí a liostaítear in Airteagal 2(2), (3) agus (4) den Rialachán sin nó i gcás ina gcáilíonn sí mar chistí ar chaoi eile;
|
|
(19)
|
ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní’ soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (15), de Rialachán (AE) 2023/1114 i gcás ina bhfuil seirbhís cripteashócmhainne amháin nó níos mó á soláthar aige mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (16), den Rialachán sin, cé is moite de chomhairle a sholáthar maidir le cripteashócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (16)(h), den Rialachán sin;
|
(*1) Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí cripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 40.).”;"
|
|
(d)
|
cuirtear an pointe seo a leanas leis:
|
“(20)
|
ciallaíonn ‘seoladh féinóstáilte’ seoladh féinóstáilte mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (20), de Rialachán (AE) 2023/1113 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2).
|
(*2) Rialachán (AE) 2023/1113 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus le cripteashócmhainní áirithe agus lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 1).”;"
|
|
|
Airteagal 38 (3)
|
in Airteagal 18, cuirtear na míreanna seo a leanas leis:
“5. Faoin.30 Nollaig 2024, déanfaidh ÚBE treoirlínte a eisiúint maidir le hathróga riosca agus fachtóirí riosca a bheidh le cur san áireamh ag soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní agus iad ag dul i mbun gaolmhaireacht ghnó nó ag déanamh idirbhearta i gcripteashócmhainní.
6. Soiléireoidh ÚBE, go háirithe, conas a chuirfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní na fachtóirí riosca a liostaítear in Iarscríbhinn III san áireamh, lena n-áirítear nuair a bheidh idirbhearta á ndéanamh acu le daoine agus le heintitis nach gcumhdaítear leis an Treoir seo. Chuige sin, tabharfaidh ÚBE aird ar leith ar tháirgí, idirbhearta agus teicneolaíochtaí a d’fhéadfadh anaithnideacht a éascú, amhail tiachóga príobháideachais, meascthóirí nó rothlóirí.
I gcás ina sainaithnítear cásanna lena ngabhann riosca níos airde, áireofar sna treoirlínte dá dtagraítear i mír 5 na bearta díchill chuí feabhsaithe a bhféachfaidh eintitis faoi oibleagáid an bhféadfaí iad a chur i bhfeidhm chun na rioscaí sin a mhaolú, lena n-áirítear nósanna imeachta iomchuí a ghlacadh chun tionscnamh nó ceann scríbe cripteashócmhainní a bhrath.”
|
|
Airteagal 38 (4)
|
cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach:
“Airteagal 19a
1. Ceanglóidh na Ballstáit ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní an riosca sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a shainaithint agus a mheasúnú i ndáil le haistrithe cripteashócmhainní atá dírithe ar sheoladh féinóstáilte nó ar de thionscnamh seolta fhéinóstáilte iad. Chuige sin, beidh beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní. Ceanglóidh na Ballstáit ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní bearta maolaitheacha a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na rioscaí sainaitheanta. Ar na bearta maolaitheacha sin, áireofar ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:
|
(a)
|
bearta rioscabhunaithe a dhéanamh chun tionscnóir nó tairbhí an aistrithe arna dhéanamh chuig seoladh féinóstáilte nó ó sheoladh féinóstáilte nó úinéir tairbhiúil an tionscnóra nó an tairbhí sin a shainaithint agus a fhíorú, lena n-áirítear trí spleáchas ar thríú páirtithe;
|
|
(b)
|
faisnéis bhreise a éileamh maidir le tionscnamh agus ceann scríbe na gcripteashócmhainní arna n-aistriú;
|
|
(c)
|
faireachán leanúnach feabhsaithe a dhéanamh ar na hidirbhearta sin;
|
|
(d)
|
aon bheart eile chun na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a mhaolú agus a bhainistiú chomh maith leis an riosca nach gcuirfear smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe chun feidhme agus go seachnófar iad agus smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a bhaineann le maoiniú leata.
|
2. Faoin 30 Nollaig 2024, déanfaidh ÚBE treoirlínte a eisiúint chun na bearta dá dtagraítear san Airteagal seo a shonrú, lena n-áirítear na critéir agus na modhanna chun céannacht thionscnóir nó thairbhí an aistrithe arna dhéanamh chuig seoladh féinóstáilte nó ó sheoladh féinóstáilte a shainaithint agus a fhíorú, go háirithe trí spleáchas ar thríú páirtithe, agus na forbairtí teicneolaíochta is déanaí á gcur san áireamh.
Airteagal 19b
1. De mhaolú ar Airteagal 19, i ndáil le gaolmhaireacht chomhfhreagrach trasteorann lena mbaineann forghníomhú seirbhísí cripteashócmhainní mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (16), de Rialachán (AE) 2023/1114, cé is moite de phointe (h) den phointe sin, le heintiteas is freagróir nach bhfuil bunaithe san Aontas agus a sholáthraíonn seirbhísí comhchosúla, lena n-áirítear aistrithe cripteashócmhainní, ceanglóidh na Ballstáit, sa bhreis ar na bearta díchill chuí do chustaiméirí a leagtar síos in Airteagal 13 den Treoir seo, ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, agus iad ag dul i mbun gaolmhaireacht ghnó le heintiteas den sórt sin, an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a)
|
a chinneadh an bhfuil an t-eintiteas is freagróir ceadúnaithe nó cláraithe;
|
|
(b)
|
faisnéis leordhóthanach a bhailiú faoin eintiteas is freagróir chun cineál gnó an fhreagróra a thuiscint go hiomlán agus chun cáil an eintitis agus cáilíocht na maoirseachta a chinneadh ó fhaisnéis atá ar fáil go poiblí;
|
|
(c)
|
measúnú a dhéanamh ar rialuithe AML/CFT an eintitis is freagróir;
|
|
(d)
|
formheas a fháil ón mbainistíocht shinsearach sula mbunófar gaolmhaireacht chomhfhreagrach nua;
|
|
(e)
|
freagrachtaí faoi seach gach páirtí sa ghaolmhaireacht chomhfhreagrach a dhoiciméadú;
|
|
(f)
|
maidir le cuntais cripteashócmhainní ‘iníoctha tríd’, a bheith sásta gur fhíoraigh an t-eintiteas is freagróir céannacht na gcustaiméirí agus go ndearnadh dícheall cuí leanúnach ar na custaiméirí a bhfuil rochtain dhíreach acu ar chuntais an eintitis comhfhreagraigh, agus go bhfuil sé ábalta sonraí ábhartha díchill chuí do chustaiméirí a sholáthar don eintiteas is freagróir, arna iarraidh sin.
|
I gcás ina gcinnfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní gaolmhaireacht chomhfhreagrach a fhoirceannadh ar chúiseanna a bhaineann le beartas in aghaidh sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, déanfaidh siad a gcinneadh a dhoiciméadú agus a thaifeadadh.
Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní an fhaisnéis díchill chuí don ghaolmhaireacht chomhfhreagrach a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn tráthrialta nó nuair a thagann rioscaí nua chun cinn i ndáil leis an eintiteas is freagróir.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 san áireamh chun na bearta iomchuí a chinneadh, ar bhonn riosca-íogair, atá le déanamh chun na rioscaí a bhaineann leis an eintiteas is freagróir a mhaolú.
3. Faoin 30 Meitheamh 2024, déanfaidh ÚBE treoirlínte a eisiúint chun na critéir agus na heilimintí a shonrú a chuirfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní san áireamh agus an measúnú dá dtagraítear i mír 1 agus na bearta maolaithe riosca dá dtagraítear i mír 2 á ndéanamh, lena n-áirítear an ghníomhaíocht íosta atá le déanamh ag soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní i gcás nach bhfuil an t-eintiteas is freagróir cláraithe ná ceadúnaithe.”
|
|
Airteagal 38 (5)
|
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:
“Airteagal 24a
Faoin 1 Eanáir 2024, déanfaidh ÚBE treoirlínte a eisiúint ina sonrófar conas a bheidh feidhm ag bearta díchill chuí feabhsaithe do custaiméirí sa Roinn seo nuair a dhéanann eintitis faoi oibleagáid seirbhísí cripteashócmhainní mar a shainítear in Airteagal 3(1), pointe (16), de Rialachán (AE) 2023/1114, cé is moite de phointe (h) den phointe sin, chomh maith le haistrithe cripteashócmhainne mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe 10, de Rialachán (AE) 2023/1113. Go háirithe, sonróidh ÚBE conas agus cathain a gheobhaidh na heintitis faoi oibleagáid sin faisnéis bhreise faoin tionscnóir agus faoin tairbhí.”
|
|
Airteagal 38 (6)
|
in Airteagal 45, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9:
“9. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar eisitheoirí ríomh-airgid mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Threoir 2009/110/CE, ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (11), de Threoir (AE) 2015/2366 agus ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní atá bunaithe ar a gcríoch i bhfoirmeacha seachas brainse, agus a bhfuil a gceannoifig lonnaithe i mBallstát eile, pointe teagmhála lárnach a cheapadh ina gcríoch. Áiritheoidh an pointe teagmhála lárnach sin, thar ceann an eintitis atá ag feidhmiú ar bhonn trasteorann, go gcomhlíonfar rialacha AML/CFT agus éascóidh sé an mhaoirseacht a dhéanfaidh maoirseoirí, lena n-áirítear trí dhoiciméid agus faisnéis a sholáthar do mhaoirseoirí arna iarraidh sin dóibh.”
|
|
Airteagal 38 (7)
|
in Airteagal 47, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
“1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh oifigí malartaithe airgeadra agus briste seiceanna, agus soláthraithe seirbhísí iontaobhais nó cuideachta ceadúnaithe nó cláraithe, agus go rialófar soláthraithe seirbhísí cearrbhachais.”
|
|
Airteagal 38 (8)
|
in Airteagal 67, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
“3. Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun Airteagal 2(1), pointe 3, Airteagal 3, pointe (2)(g), Airteagal 3, pointí (8), (18), (19) agus (20), Airteagal 19ú(1), Airteagal 19b(1) agus (2), Airteagal 45(9) agus Airteagal 47(1) a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 30 Nollaig 2024, agus foilseoidh siad iad. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 30 Nollaig 2024”.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|