+Airteagal 4 1

Airteagal 4 1

1.   Leis an socrú conarthach a thabharfar i gcrích idir an t-eintiteas airgeadais agus soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí, sainaithneofar cé na seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó codanna ábhartha díobh atá incháilithe d’fhochonraitheoireacht agus na coinníollacha faoina bhfuil siad incháilithe d’fhochonraitheoireacht. Sonrófar an méid seo a leanas sa chonradh sin:

(a)

go mbeidh soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí freagrach as soláthar na seirbhísí a sholáthraíonn na fochonraitheoirí;

(b)

go gceanglófar ar sholáthraí seirbhísí TFC tríú páirtí faireachán a dhéanamh ar gach seirbhís TFC ar fochonradh lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó codanna ábhartha díobh chun a áirithiú go gcomhlíonfar a oibleagáidí conarthacha leis an eintiteas airgeadais go leanúnach;

(c)

oibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí i leith an eintitis airgeadais maidir le fochonraitheoirí a sholáthraíonn seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó codanna ábhartha díobh;

(d)

go ndéanfaidh soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí measúnú ar gach riosca a bhaineann le suíomh na bhfochonraitheoirí reatha nó féideartha a sholáthraíonn seirbhís TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó codanna ábhartha díobh, agus ar a máthairghnóthas agus leis an suíomh óna soláthraítear seirbhís TFC lena mbaineann;

(e)

an suíomh sonraí arna bpróiseáil nó arna stóráil ag an bhfochonraitheoir, i gcás inarb ábhartha;

(f)

go sonróidh soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí ina chonradh lena fhochonraitheoirí oibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe an fhochonraitheora sin i leith soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí, agus i gcás ina gcomhaontófar amhlaidh, i leith an eintitis airgeadais;

(g)

go n-áiritheoidh soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí leanúnachas na seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha ar fud shlabhra na bhfochonraitheoirí i gcás ina mainneoidh fochonraitheoir TFC a oibleagáidí conarthacha a chomhlíonadh;

(h)

go gcuimseofar sa socrú conarthach idir soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí agus a fhochonraitheoirí na ceanglais maidir le pleananna teagmhasacha gnó dá dtagraítear in Airteagal 30(3), pointe (c), de Rialachán (AE) 2022/2554 agus go sonrófar ann na leibhéil seirbhíse nach mór d’fhochonraitheoirí TFC a chomhlíonadh i ndáil leis na pleananna sin;

(i)

go sonrófar sa socrú conarthach idir soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí agus a fhochonraitheoirí caighdeáin slándála TFC agus aon cheanglas slándála breise dá dtagraítear in Airteagal 30(3), pointe (c), de Rialachán (AE) 2022/2554;

(j)

go ndeonóidh an fochonraitheoir na cearta céanna rochtana, cigireachta agus iniúchóireachta don eintiteas airgeadais agus do na húdaráis inniúla agus réitigh ábhartha agus a thugtar dóibh siúd dá dtagraítear in Airteagal 30(3), pointe (e), de Rialachán (AE) 2022/2554;

(k)

go dtabharfaidh soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí fógra don eintiteas airgeadais faoi aon athrú ábhartha ar shocruithe fochonraitheoireachta;

(l)

go mbeidh sé de cheart ag an eintiteas airgeadais an conradh le soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí a fhoirceannadh nuair a bheidh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 6 den Rialachán seo nó na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 8(7) de Rialachán (AE) 2022/2554 comhlíonta.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas