+RIALACHÁN (CE) Uimh. 300/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 11 Márta 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
---+Airteagal 1 Cuspóirí
------+Airteagal 1 1.
------+Airteagal 1 2.
---+Airteagal 2 Raon feidhme
------+Airteagal 2 1.
------+Airteagal 2 2.
---+Airteagal 3 Sainmhínithe
---+Airteagal 4 Caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna
------+Airteagal 4 1.
------+Airteagal 4 2.
------+Airteagal 4 3.
------+Airteagal 4 4.
------+Airteagal 4 5.
---+Airteagal 5 Costais slándála
---+Airteagal 6 Bearta níos déine arna gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit
------+Airteagal 6 1.
------+Airteagal 6 2.
------+Airteagal 6 3.
---+Airteagal 7 Bearta slándála a éilíonn tríú tíortha
------+Airteagal 7 1.
------+Airteagal 7 2.
------+Airteagal 7 3.
---+Airteagal 8 Comhar leis an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta
---+Airteagal 9 Údarás iomchuí
---+Airteagal 10 Clár náisiúnta um shlándáil eitlíochta sibhialta
------+Airteagal 10 1.
------+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 11 Clár náisiúnta um rialú cáilíochta
------+Airteagal 11 1.
------+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 12 Clár slándála aerfoirt
------+Airteagal 12 1.
------+Airteagal 12 2.
---+Airteagal 13 Clár slándála aeriompróra
------+Airteagal 13 1.
------+Airteagal 13 2.
------+Airteagal 13 3.
---+Airteagal 14 Clár slándála eintiteas
------+Airteagal 14 1.
------+Airteagal 14 2.
---+Airteagal 15 Iniúchtaí an Choimisiúin
------+Airteagal 15 1.
------+Airteagal 15 2.
------+Airteagal 15 3.
---+Airteagal 16 Tuarascáil bhliantúil
---+Airteagal 17 Grúpa Comhairleach na nGeallsealbhóirí
---+Airteagal 18 Faisnéis a scaipeadh
---+Airteagal 19 An nós imeachta coiste
------+Airteagal 19 1.
------+Airteagal 19 2.
------+Airteagal 19 3.
------+Airteagal 19 4.
---+Airteagal 20 Comhaontuithe idir an Comhphobal agus tríú tíortha
---+Airteagal 21 Pionóis
---+Airteagal 22 Tuarascáil ón gCoimisiún ar Mhaoiniú
---+Airteagal 23 Aisghairm
---+Airteagal 24 Teacht i bhfeidhm
------+Airteagal 24 1.
------+Airteagal 24 2.
------+Airteagal 24 3.
---+ANNEX I BUNCHAIGHDEÁIN CHOMHCHOITEANNA CHUN AN EITLÍOCHT SHIBHIALTA A CHOSAINT IN AGHAIDH GNÍOMHARTHA CUR ISTEACH NEAMHDHLEATHAIGH (AIRTEAGAL 4)
---+IARSCRÍBHINN II SONRAÍOCHTAÍ COMHCHOITEANNA DON CHLÁR NÁISIÚNTA UM RIALÚ CÁILÍOCHTA ATÁ LE CUR CHUN FEIDHME AG GACH BALLSTÁT I RÉIMSE NA SLÁNDÁLA EITLÍOCHTA SIBHIALTA
English - European Union - Aviation -

RIALACHÁN (CE) Uimh. 300/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 11 Márta 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

RIALACHÁN (CE) Uimh. 300/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Márta 2008

maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 1 Cuspóirí
Airteagal 2 Raon feidhme
Airteagal 3 Sainmhínithe

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

1. 

ciallaíonn “eitlíocht shibhialta” aon oibríocht aeir a dhéantar le haerárthaí sibhialta, cé is moite de na hoibríochtaí a dhéantar le haerárthaí stáit dá dtagraítear in Airteagal 3 de Choinbhinsiún Chicago um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta;

2. 

ciallaíonn “slándáil eitlíochta” an teaglaim de bhearta agus d’acmhainní daonna agus d’acmhainní ábhartha arna ceapadh chun an eitlíocht shibhialta a chosaint ar ghníomhartha cur isteach neamhdhleathaigh a chuireann slándáil na heitlíochta sibhialta i gcontúirt;

3. 

ciallaíonn “oibreoir” duine, eagraíocht nó fiontar a ghabhann d’oibríocht aeriompair, nó a thairgeann gabháil di;

4. 

ciallaíonn “aeriompróir” gnóthas aeriompair a bhfuil ceadúnas bailí oibríochta nó a choibhéis aige;

5. 

ciallaíonn “aeriompróir Comhphobail” aeriompróir a bhfuil ceadúnas bailí oibríochta aige a dheonaigh Ballstát i gcomhréir le Rialachán (CEE) Uimh. 2407/92 ón gComhairle an 23 Iúil 1992 maidir le haeriompróirí a cheadúnú ( 1 );

6. 

ciallaíonn “eintiteas” duine, eagraíocht nó fiontar, seachas oibreoir;

7. 

ciallaíonn “earraí toirmiscthe” airm, pléascáin nó feistí contúirteacha, earraí contúirteacha nó substaintí contúirteacha eile a fhéadfar a úsáid chun gníomh cur isteach neamhdhleathaigh a dhéanamh a chuirfeadh slándáil na heitlíochta sibhialta i gcontúirt;

8. 

ciallaíonn “braitheoireacht” meáin theicniúla nó meáin eile a chur i bhfeidhm a cheaptar chun earraí toirmiscthe a aithint agus/nó a bhrath;

9. 

ciallaíonn “rialú slándála” meáin a chur i bhfeidhm lena bhféadfar cosc a chur ar earraí toirmiscthe a thabhairt isteach;

10. 

ciallaíonn “rialú rochtana” meáin a chur i bhfeidhm lena bhféadfar cosc a chur ar dhaoine neamhúdaraithe nó ar fheithiclí neamhúdaraithe, nó ar dhaoine neamhúdaraithe agus ar fheithiclí neamhúdaraithe araon, teacht isteach;

11. 

ciallaíonn “taobh an aeir” limistéar gluaiseachta an aerfoirt, an tír-raon agus na foirgnimh nó na codanna díobh atá in aice an limistéir sin agus a bhfuil rochtain orthu srianta;

12. 

ciallaíonn “taobh na tíre” na codanna sin d’aerfort, an tír-raon agus na foirgnimh nó na codanna díobh atá in aice leo nach bhfuil ar thaobh an aeir;

13. 

ciallaíonn “limistéar srianta slándála” an limistéar sin ar thaobh an aeir a bhfuil srian ar rochtain air, agus a gcuirtear caighdeáin eile i bhfeidhm ann chomh maith maidir le slándáil eitlíochta;

14. 

ciallaíonn “limistéar críochaithe” limistéar atá deighilte ag rialú rochtana ó na limistéir shrianta slándála, nó, más limistéar srianta slándála atá sa limistéar críochaithe féin, limistéar atá deighilte ó limistéir shrianta slándála eile an aerfoirt;

15. 

ciallaíonn “seiceáil cúlra” seiceáil thaifeadta ar chéannacht duine, lena n-áirítear aon stair choiriúil a bheadh aige, mar chuid den mheasúnú ar oiriúnacht duine do rochtain gan choimhdeacht ar limistéir shrianta slándála;

16. 

ciallaíonn “paisinéirí, bagáiste, lasta nó post traschuir” paisinéirí, bagáiste, lasta nó post a imíonn ar aerárthach seachas an ceann ar tháinig siad isteach air;

17. 

ciallaíonn “paisinéirí, bagáiste, lasta nó post idirthurais” paisinéirí, bagáiste, lasta nó post a imíonn ar an aerárthach céanna ar tháinig siad isteach air;

18. 

ciallaíonn “paisinéir a d’fhéadfadh a bheith treampánach” paisinéir ar díbeartach é, nó ar duine é a mheastar a bheith neamh-inghlactha ar chúiseanna inimirce nó ar duine é atá i gcoimeád dleathach;

19. 

ciallaíonn “bagáiste cábáin” bagáiste a bheartaítear a iompar i gcábán aerárthaigh;

20. 

ciallaíonn “bagáiste boilg” bagáiste a bheartaítear a iompar i mbolg aerárthaigh;

21. 

ciallaíonn “bagáiste boilg faoi thionlacan” bagáiste atá á iompar i mbolg aerárthaigh agus atá cláraithe d’eitilt ag paisinéir atá ag taisteal ar an eitilt chéanna sin;

22. 

ciallaíonn “post aeriompróra” post ar aeriompróir is tionscnamh agus is ceann scríbe dó;

23. 

ciallaíonn “ábhair aeriompróra” ábhair ar aeriompróir is tionscnamh agus is ceann scríbe dóibh nó ábhair atá á n-úsáid ag aeriompróir;

24. 

ciallaíonn “post” comhfhreagras agus earraí eile a sheoltar, seachas post aeriompróra, arna dtairiscint ag seirbhísí poist agus a bheartaítear a sheachadadh chuig seirbhísí poist i gcomhréir le rialacha an Aontais Phoist Uilechoitinn;

25. 

ciallaíonn “lasta” aon mhaoin atá le hiompar ar aerárthach, seachas bagáiste, post, post aeriompróra, ábhair aeriompróra agus soláthairtí ar eitiltí;

26. 

ciallaíonn “gníomhaire rialaithe” aeriompróir, gníomhaire, seoltóir lasta nó aon eintiteas eile a áirithíonn go ndéanfar rialuithe slándála i ndáil le lasta nó le post;

27. 

ciallaíonn “coinsíneoir aitheanta” coinsíneoir a thionscnaíonn lasta nó post ar a chuntas féin agus a gcomhlíonann a nósanna imeachta rialacha comhchoiteanna slándála agus caighdeáin chomhchoiteanna slándála atá leordhóthanach chun gur féidir lasta nó post a iompar ar aerárthach ar bith;

28. 

ciallaíonn “coinsíneoir cuntais” coinsíneoir a thionscnaíonn lasta nó post ar a chuntas féin agus a gcomhlíonann a nósanna imeachta rialacha comhchoiteanna slándála agus caighdeáin chomhchoiteanna slándála atá leordhóthanach chun gur féidir an lasta sin a iompar ar aerárthach nach n-iompraíonn ach lasta, nó chun gur féidir an post a iompar ar aerárthach nach n-iompraíonn ach post;

29. 

ciallaíonn “seiceáil slándála ar aerárthach” iniúchadh ar na codanna sin den taobh istigh den aerárthach a bhféadfadh na paisinéirí rochtain a bheith acu orthu, chomh maith le hiniúchadh ar bholg an aerárthaigh d’fhonn earraí toirmiscthe agus cur isteach neamhdhleathach ar an aerárthach a bhrath;

30. 

ciallaíonn “cuardach slándála ar aerárthach” iniúchadh ar na codanna sin taobh istigh den aerárthach agus taobh amuigh den aerárthach a mbeadh rochtain orthu d’fhonn earraí toirmiscthe agus cur isteach neamhdhleathach a bhrath a chuireann slándáil an aerárthaigh i gcontúirt;

31. 

ciallaíonn “oifigeach slándála ar eitiltí” duine atá fostaithe ag an Stát chun taisteal ar aerárthach de chuid aeriompróra arna cheadúnú ag an mBallstát sin chun an t-aerárthach sin agus iad siúd atá ar bord a chosaint ar ghníomhartha cur isteach neamhdhleathaigh a chuireann slándáil na heitilte i gcontúirt.

Airteagal 4 Caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna
Airteagal 5 Costais slándála

Airteagal 5

Costais slándála

Faoi réir rialacha ábhartha dhlí an Chomhphobail, féadfaidh gach Ballstát a chinneadh, maidir le costais na mbeart slándála a ghlacfar faoin Rialachán seo chun an eitlíocht shibhialta a chosaint ar ghníomhartha cur isteach neamhdhleathaigh, na himthosca inar cheart, agus a mhéid is cóir, don Stát, do na heintitis aerfoirt, do na haeriompróirí, do ghníomhaireachtaí freagracha eile, nó d’úsáideoirí, iad a iompar. Más iomchuí, agus i gcomhréir le dlí an Chomhphobail, féadfaidh na Ballstáit ranníocaíocht a dhéanamh maille le húsáideoirí i leith na gcostas a bhainfeadh le bearta slándála níos déine arna nglacadh faoin Rialachán seo. A mhéid is féidir, bainfidh aon mhuirir nó aon aistrithe costas slándála go díreach leis na costais a ghabhann leis na seirbhísí slándála lena mbaineann a sholáthar agus ní cheapfar iad ach amháin chun na costais ábhartha lena mbaineann, agus na costais sin amháin, a ghnóthú.

Airteagal 6 Bearta níos déine arna gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit
Airteagal 7 Bearta slándála a éilíonn tríú tíortha
Airteagal 8 Comhar leis an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta

Airteagal 8

Comhar leis an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta

Gan dochar d’Airteagal 300 den Chonradh, féadfaidh an Coimisiún Meabhrán Comhthuisceana a chuir i gcrích maidir le hiniúchtaí a dhéanamh leis an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (EESI) chun nach ndéanfaí faireachán faoi dhó ar an gcomhlíonadh a dhéanann na Ballstáit ar Iarscríbhinn 17 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta.

Airteagal 9 Údarás iomchuí

Airteagal 9

Údarás iomchuí

I gcás ina mbeidh baint ag dhá chomhlacht nó níos mó leis an tslándáil eitlíochta sibhialta san aon Bhallstát amháin, ba cheart do gach Ballstát aon údarás amháin a ainmniú (dá ngairfear “an t-údarás iomchuí” anseo feasta) a bheidh freagrach as comhordú agus faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcaighdeán bunúsach comhchoiteann dá dtagraítear in Airteagal 4.

Airteagal 10 Clár náisiúnta um shlándáil eitlíochta sibhialta
Airteagal 11 Clár náisiúnta um rialú cáilíochta
Airteagal 12 Clár slándála aerfoirt
Airteagal 13 Clár slándála aeriompróra
Airteagal 14 Clár slándála eintiteas
Airteagal 15 Iniúchtaí an Choimisiúin
Airteagal 16 Tuarascáil bhliantúil

Airteagal 16

Tuarascáil bhliantúil

Gach bliain, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus na mBallstát, á gcur ar an eolas maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus leis an tionchar a bheidh aige ar an aershlándáil a fheabhsú.

Airteagal 17 Grúpa Comhairleach na nGeallsealbhóirí

Airteagal 17

Grúpa Comhairleach na nGeallsealbhóirí

Gan dochar do ról an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 19, bunóidh an Coimisiún Grúpa Comhairleach na nGeallsealbhóirí maidir le Slándáil Eitlíochta ina mbeidh eagraíochtaí ionadaíocha Eorpacha atá ag gabháil don tslándáil eitlíochta nó a ndéanann an tslándáil eitlíochta difear go díreach dóibh. Is é an t-aon ról a bheidh ag an ngrúpa sin comhairle a chur ar an gCoimisiún. Coimeádfaidh an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 19 an Grúpa Geallsealbhóirí ar an eolas i rith an phróisis rialúcháin ar fad.

Airteagal 18 Faisnéis a scaipeadh

Airteagal 18

Faisnéis a scaipeadh

Mar riail ghinearálta, foilseoidh an Coimisiún bearta a mbeidh tionchar díreach acu ar phaisinéirí. Breathnófar, áfach, ar na doiciméid seo a leanas mar fhaisnéis rúnaicmithe AE de réir bhrí Chinneadh 2001/844/CE, CECG, Euratom:

(a) 

na bearta agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 4(3) agus 4(4), in Airteagal 6(1) agus in Airteagal 7(1), má bhíonn faisnéis slándála íogair iontu;

(b) 

na tuarascálacha iniúchta a rinne an Coimisiún agus freagraí na n-údarás iomchuí, dá dtagraítear in Airteagal 15(3).

Airteagal 19 An nós imeachta coiste
Airteagal 20 Comhaontuithe idir an Comhphobal agus tríú tíortha

Airteagal 20

Comhaontuithe idir an Comhphobal agus tríú tíortha

D’fhonn an aidhm “slándáil aon bhirt” a chur chun cinn maidir leis na heitiltí go léir idir an tAontas Eorpach agus tríú tíortha, nuair is iomchuí agus i gcomhréir le dlí an Chomhphobail, d’fhéadfaí a chomhaontú i gcomhaontuithe eitlíochta idir an Comhphobal agus tríú tír go n-aithneofaí go bhfuil na caighdeáin slándála atá á gcur i bhfeidhm sa tríú tír coibhéiseach le caighdeáin an Chomhphobail i gcomhréir le hAirteagal 300 den Chonradh.

Airteagal 21 Pionóis

Airteagal 21

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis a bheidh infheidhme i leith sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go ndéanfar iad a chur chun feidhme. Caithfidh na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach.

Airteagal 22 Tuarascáil ón gCoimisiún ar Mhaoiniú

Airteagal 22

Tuarascáil ón gCoimisiún ar Mhaoiniú

Tuairisceoidh an Coimisiún tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2008 maidir leis na prionsabail mhaoinithe do chostais bhearta slándála na heitlíochta sibhialta. Déanfaidh an tuarascáil sin a mheas cad iad na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go n-úsáidfear na muirir slándála go heisiach chun costais slándála a ghlanadh, agus chun trédhearcacht muirear dá leithéid a fheabhsú. Tabharfaidh an tuarascáil aghaidh freisin ar na prionsabail is gá chun iomaíocht neamhshaofa a chosaint idir aerfoirt agus idir aeriompróirí, agus ar na modhanna éagsúla chun cosaint tomhaltóirí a áirithiú ó thaobh dháileadh chostais na mbeart slándála idir íocóirí cánach agus úsáideoirí. Gabhfaidh togra um reachtaíocht leis an tuarascáil ón gCoimisiún, más iomchuí.

Airteagal 23 Aisghairm

Airteagal 23

Aisghairm

Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002.

Airteagal 24 Teacht i bhfeidhm
ANNEX I BUNCHAIGHDEÁIN CHOMHCHOITEANNA CHUN AN EITLÍOCHT SHIBHIALTA A CHOSAINT IN AGHAIDH GNÍOMHARTHA CUR ISTEACH NEAMHDHLEATHAIGH (AIRTEAGAL 4)


►M1  

ANNEX I

 ◄

BUNCHAIGHDEÁIN CHOMHCHOITEANNA CHUN AN EITLÍOCHT SHIBHIALTA A CHOSAINT IN AGHAIDH GNÍOMHARTHA CUR ISTEACH NEAMHDHLEATHAIGH (AIRTEAGAL 4)

1.   SLÁNDÁIL AERFOIRT

1.1.   Ceanglais phleanála le haghaidh aerfort

1. 

Nuair a bheidh saoráidí nua aerfoirt á ndearadh agus á dtógáil nó nuair a bheidh athrú á chur ar shaoráidí aerfoirt atá ann cheana, cuirfear san áireamh go hiomlán na ceanglais maidir le cur chun feidhme na gcaighdeán bunúsach comhchoiteann a leagtar amach san Iarscríbhinn seo agus i ngníomhartha cur chun feidhme na hIarscríbhinne seo.

2. 

Bunófar na limistéir seo a leanas ag aerfoirt:

(a) 

taobh na tíre;

(b) 

taobh an aeir;

(c) 

limistéir shrianta slándála; agus

(d) 

na codanna criticiúla de na limistéir shrianta slándála.

1.2.   Rialú rochtana

1. 

Beidh srian ar rochtain ar thaobh an aeir le go gcoiscfear ar dhaoine neamhúdaraithe agus ar fheithiclí neamhúdaraithe dul isteach sna limistéir sin.

2. 

Rialófar an rochtain ar na limistéir shrianta slándála d’fhonn a áirithiú nach rachaidh aon duine neamhúdaraithe ná aon fheithicil neamhúdaraithe isteach sna limistéir sin.

3. 

Ní bheidh rochtain ag daoine ná ag feithiclí ar thaobh an aeir ná ar na limistéir shrianta slándála mura gcomhlíonfaidh siad na coinníollacha slándála a cheanglófar orthu a chomhlíonadh.

4. 

Beidh seiceáil cúlra críochnaithe go sásúil i dtaobh gach comhalta foirne, lena n-áirítear comhaltaí den fhoireann eitilte, sula n-eiseofar cárta aitheantais aerfoirt nó foirne dóibh lena gceadófar rochtain gan choimhdeacht ar na limistéir shrianta slándála.

1.3.   Braitheoireacht ar dhaoine seachas paisinéirí agus braitheoireacht ar nithe a bheidh á n-iompar acu

1. 

Déanfar braitheoireacht ar bhonn leanúnach randamach ar dhaoine nach paisinéirí iad agus ar nithe a bheidh á n-iompar acu ar dhul isteach sna limistéir shrianta slándála dóibh ionas nach dtabharfar earraí toirmiscthe isteach sna limistéir sin.

2. 

Déanfar braitheoireacht ar bhonn leanúnach randamach ar dhaoine seachas paisinéirí agus ar nithe a bheidh á n-iompar acu ar dhul isteach sna codanna criticiúla de na limistéir shrianta slándála dóibh ionas nach dtabharfar earraí toirmiscthe isteach sna limistéir sin.

1.4.   Feithiclí a scrúdú

Déanfar feithiclí atá ag dul isteach i limistéar srianta slándála a scrúdú ionas nach dtabharfar earraí toirmiscthe isteach sna limistéir sin.

1.5.   Faireachán, patróil agus rialuithe fisiciúla eile

Déanfar faireachas, patróil agus rialuithe fisiciúla eile ag aerfoirt agus, nuair is iomchuí, i limistéir atá in aice leo a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu, chun iompar amhrasach a aithint, chun leochaileachtaí a aithint a bhféadfaí teacht i dtír orthu chun gníomh cur isteach neamhdhleathaigh a dhéanamh agus chun daoine a dhíspreagadh ó ghníomhartha den sórt sin a dhéanamh.

2.   LIMISTÉIR CHRÍOCHAITHE AERFORT

Maidir le haerárthaí a bheidh páirceáilte sna limistéir chríochaithe sin d’aerfoirt a mbeidh feidhm maidir leo ag na bearta malartacha dá dtagraítear in Airteagal 4(4) ina leith, déanfar iad a dheighilt ó aerárthaí a mbeidh feidhm maidir leo ag d’fhéadfadh a bheith treampánach, cuirfear faoi réir na mbeart iomchuí slándála iad sula n-imeoidh siad.

3.   SLÁNDÁIL AERÁRTHAÍ

1. 

Sula n-imeoidh sé, déanfar seiceáil slándála ar aerárthach nó cuardach slándála ar aerárthach d’fhonn a áirithiú nach bhfuil aon earraí toirmiscthe ar bord. Féadfar aerárthach idirthurais a chur faoi réir beart iomchuí eile.

2. 

Déanfar gach aerárthach a chosaint ar chur isteach neamhúdaraithe.

4.   PAISINÉIRÍ AGUS BAGÁISTE CÁBÁIN

4.1.   Braitheoireacht ar phaisinéirí agus ar bhagáiste cábáin

1. 

Déanfar braitheoireacht ar phaisinéirí tionscnaimh, ar phaisinéirí traschuir agus ar phaisinéirí idirthurais agus ar a mbagáiste cábáin ionas nach dtabharfar earraí toirmiscthe isteach sna limistéir shrianta slándála ná ar bord aerárthaigh.

2. 

Féadfar paisinéirí traschuir agus a mbagáiste cábáin a dhíolmhú ón mbraitheoireacht, más rud é:

(a) 

gur isteach ó Bhallstát a thiocfaidh siad, mura mbeidh sé tugtha le fios ag an gCoimisiún ná ag an mBallstát sin nach féidir a mheas go ndearnadh braitheoireacht ar na paisinéirí sin ná ar a mbagáiste cábáin i gcomhréir leis na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna; nó

(b) 

gur isteach ó thríú tír a thiocfaidh siad ina n-aithnítear mar chaighdeáin atá coibhéiseach leis na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2) na caighdeáin a chuirtear i bhfeidhm ann.

3. 

Féadfar paisinéirí idirthurais agus a mbagáiste cábáin a dhíolmhú ón mbraitheoireacht, más rud é:

(a) 

go bhfanfaidh siad ar bord an aerárthaigh; nó

(b) 

nach mbeidh teagmháil acu le paisinéirí a ndearnadh braitheoireacht orthu agus a bheidh ag imeacht, seachas na daoine a bheidh ag dul ar bord an aerárthaigh chéanna; nó

(c) 

gur isteach ó Bhallstát a thiocfaidh siad, mura mbeidh sé tugtha le fios ag an gCoimisiún nó ag an mBallstát sin nach féidir a mheas go ndearnadh braitheoireacht ar na paisinéirí sin ná ar a mbagáiste cábáin i gcomhréir leis na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna; nó

(d) 

gur isteach ó thríú tír a thiocfaidh siad ina n-aithnítear mar chaighdeáin atá coibhéiseach leis na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2) na caighdeáin a chuirtear i bhfeidhm ann.

4.2.   Paisinéirí agus bagáiste cábáin a chosaint

1. 

Déanfar paisinéirí agus a mbagáiste cábáin a chosaint ar chur isteach neamhúdaraithe ón uair a ndéanfar braitheoireacht orthu go dtí go n-imeoidh an t-aerárthach a mbeidh siad á n-iompar air.

2. 

Paisinéirí a ndearnadh braitheoireacht orthu agus a bheidh ag imeacht, ní bheidh teagmháil acu le paisinéirí a bheidh ag teacht isteach, ach amháin más rud é:

(a) 

gur isteach ó Bhallstát a thiocfaidh na paisinéirí, ar an gcoinníoll nach mbeidh sé tugtha le fios ag an gCoimisiún nó ag an mBallstát sin nach féidir a mheas go ndearnadh braitheoireacht ar na paisinéirí sin ná ar a mbagáiste cábáin i gcomhréir leis na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna; nó

(b) 

gur isteach ó thríú tír a thiocfaidh na paisinéirí ina n-aithnítear mar chaighdeáin atá coibhéiseach leis na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2) na caighdeáin a chuirtear i bhfeidhm ann.

4.3.   Paisinéirí a d’fhéadfadh a bheith treampánach

Paisinéirí a d’fhéadfadh a bheith treampánach, cuirfear faoi réir na mbeart iomchuí slándála iad sula n-imeoidh siad.

5.   BAGÁISTE BOILG

5.1.   Braitheoireacht ar bhagáiste boilg

1. 

Déanfar braitheoireacht ar an mbagáiste boilg uile sula luchtófar ar aerárthach é ionas nach dtabharfar earraí toirmiscthe isteach sna limistéir shrianta slándála ná ar bord aerárthaigh.

2. 

Féadfar bagáiste boilg traschuir a dhíolmhú ón mbraitheoireacht más rud é:

(a) 

gur isteach ó Bhallstát a thiocfaidh sé, mura mbeidh sé tugtha le fios ag an gCoimisiún nó ag an mBallstát sin nach féidir a mheas go ndearnadh braitheoireacht ar an mbagáiste boilg sin i gcomhréir leis na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna; nó

(b) 

gur isteach ó thríú tír a thiocfaidh sé ina n-aithnítear mar chaighdeáin atá coibhéiseach leis na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2) na caighdeáin a chuirtear i bhfeidhm ann.

3. 

Féadfar bagáiste boilg idirthurais a dhíolmhú ón mbraitheoireacht má fhanann sé ar bord an aerárthaigh.

5.2.   Bagáiste boilg a chosaint

Déanfar bagáiste boilg a bheidh le hiompar ar aerárthach a chosaint ar chur isteach neamhúdaraithe ón uair a dhéanfar braitheoireacht air nó ón uair a chuirfear a chúram ar an aeriompróir, cibé acu is túisce, go dtí go n-imeoidh an t-aerárthach a mbeidh sé le hiompar air.

5.3.   Imréiteach bagáiste

1. 

Déanfar gach mír bagáiste boilg a aithint mar bhagáiste faoi thionlacan nó mar bhagáiste gan tionlacan.

2. 

Ní iomprófar bagáiste boilg gan tionlacan, mura ndearnadh an bagáiste a dheighilt ón bpaisinéir ar chúiseanna nach raibh neart aige orthu nó murar cuireadh faoi réir rialuithe iomchuí slándála é.

6.   LASTA AGUS POST

6.1.   Rialuithe slándála do lasta agus do phost

1. 

Cuirfear an lasta ar fad agus an post ar fad faoi réir rialuithe slándála sula luchtófar in aerárthach iad. Ní ghlacfaidh aeriompróir lasta ná post lena iompar ar aerárthach murar chuir sé féin na rialuithe sin i bhfeidhm nó murar thug gníomhaire rialaithe, coinsíneoir aitheanta nó coinsíneoir cuntais deimhniú maidir lena gcur i bhfeidhm agus cuntas ar a gcur i bhfeidhm.

2. 

Féadfar lasta traschuir agus post traschuir a chur faoi réir rialuithe malartacha slándála a shonrófar i ngníomh cur chun feidhme.

3. 

Féadfar lasta idirthurais agus post idirthurais a dhíolmhú ó rialuithe slándála má fhanann sé ar bord an aerárthaigh.

6.2.   Lasta agus post a chosaint

1. 

Déanfar lasta agus post a bheidh le hiompar ar aerárthach a chosaint ar chur isteach neamhúdaraithe ón bpointe a gcuirfear rialuithe slándála i bhfeidhm orthu go dtí go n-imeoidh an t-aerárthach a mbeidh sé le hiompar air.

2. 

Déanfar braitheoireacht ar lasta agus ar phost nach ndearnadh a chosaint go leordhóthanach ar chur isteach neamhúdaraithe tar éis rialuithe slándála a chur i bhfeidhm orthu.

7.   POST AERIOMPRÓRA AGUS ÁBHAIR AERIOMPRÓRA

Cuirfear post aeriompróra agus ábhair aeriompróra faoi réir rialuithe slándála agus déanfar iad a chosaint ina dhiaidh sin go dtí go luchtófar ar an aerárthach iad ionas nach dtabharfar earraí toirmiscthe isteach ar bord aerárthaigh.

8.   SOLÁTHAIRTÍ EITILTE

Maidir le soláthairtí eitilte, lena n-áirítear soláthairtí lónadóireachta, ar lena n-iompar nó lena n-úsáid ar bord aerárthaigh a cheapfar iad, cuirfear faoi réir rialuithe slándála iad agus déanfar iad a chosaint ina dhiaidh sin go dtí go luchtófar ar an aerárthach iad ionas nach dtabharfar earraí toirmiscthe ar bord aerárthaigh.

9.   SOLÁTHAIRTÍ AERFOIRT

Maidir le soláthairtí ar lena ndíol nó lena n-úsáid i limistéir shrianta slándála aerfort a cheapfar iad, lena n-áirítear soláthairtí le haghaidh siopaí saor ó dhleacht agus le haghaidh bialann, cuirfear faoi réir rialuithe slándála iad ionas nach dtabharfar earraí toirmiscthe isteach sna limistéir sin.

10.   BEARTA SLÁNDÁLA EITILTE

1. 

Gan dochar do na rialacha is infheidhme maidir le sábháilteacht eitlíochta:

(a) 

beidh cosc ar dhaoine neamhúdaraithe dul isteach i gcábán na foirne eitilte le linn eitilte;

(b) 

cuirfear paisinéirí a d’fhéadfadh a bheith treampánach faoi réir na mbeart iomchuí slándála le linn eitilte.

2. 

Glacfar bearta iomchuí slándála amhail oiliúint a chur ar an bhfoireann eitilte agus ar an bhfoireann chábáin chun gníomhartha de chur isteach neamhdhleathaigh le linn eitilte a chosc.

3. 

Ní thabharfar airm ar bord aerárthaigh seachas iad siúd a iomprófar i mbolg an aerárthaigh murar comhlíonadh na coinníollacha slándála is gá i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta agus murar údaraigh na stáit lena mbaineann é.

4. 

Beidh feidhm ag mír 3 freisin maidir le hoifigigh slándála eitilte má bhíonn airm á n-iompar acu.

11.   EARCAÍOCHT AGUS OILIÚINT FOIRNE

1. 

Maidir le daoine a chuirfidh braitheoireacht, rialú rochtana nó rialuithe slándála eile chun feidhme nó a bheidh freagrach as a gcur chun feidhme, earcófar iad, cuirfear oiliúint orthu agus, i gcás inarb iomchuí, déanfar deimhniú orthu d’fhonn a áirithiú go bhfuil siad oiriúnach don fhostaíocht agus go bhfuil siad inniúil ar thabhairt faoi na dualgais a shannfar dóibh.

2. 

Maidir le daoine seachas paisinéirí a dteastaíonn rochtain uathu ar limistéir shrianta slándála, cuirfear oiliúint slándála orthu sula n-eiseofar cárta aitheantais aerfoirt nó cárta aitheantais foirne dóibh.

3. 

Déanfar an oiliúint dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 ar bhonn céaduaire agus ar bhonn tráthrialta.

4. 

Beidh na cáilíochtaí is gá ag na teagascóirí a chuirfidh an oiliúint ar na daoine dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2.

12.   TREALAMH SLÁNDÁLA

Comhallfaidh an trealamh a úsáidfear don bhraitheoireacht, don rialú rochtana agus do na rialuithe slándála eile na sonraíochtaí atá sainithe agus beidh sé in ann na rialuithe slándála lena mbaineann a fheidhmiú.

▼M3

IARSCRÍBHINN II SONRAÍOCHTAÍ COMHCHOITEANNA DON CHLÁR NÁISIÚNTA UM RIALÚ CÁILÍOCHTA ATÁ LE CUR CHUN FEIDHME AG GACH BALLSTÁT I RÉIMSE NA SLÁNDÁLA EITLÍOCHTA SIBHIALTA




IARSCRÍBHINN II

SONRAÍOCHTAÍ COMHCHOITEANNA DON CHLÁR NÁISIÚNTA UM RIALÚ CÁILÍOCHTA ATÁ LE CUR CHUN FEIDHME AG GACH BALLSTÁT I RÉIMSE NA SLÁNDÁLA EITLÍOCHTA SIBHIALTA

1.   SAINMHÍNITHE

1.1. Chun críocha na hIarscríbhinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “méid bliantúil tráchta” an líon iomlán paisinéirí a thagann isteach, a imíonn agus atá ar idirthuras (paisinéirí a chomhairtear uair amháin);

(2) 

ciallaíonn “údarás iomchuí” an t-údarás náisiúnta arna ainmniú ag Ballstát de bhun Airteagal 9 le bheith freagrach as comhordú agus faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme a chláir náisiúnta um shlándáil eitlíochta sibhialta;

(3) 

ciallaíonn “iniúchóir” aon duine a dhéanann gníomhaíochtaí náisiúnta faireacháin ar chomhlíonadh thar ceann an údaráis iomchuí;

(4) 

ciallaíonn “deimhniúchán” meastóireacht agus dearbhú foirmiúil ón údarás iomchuí nó thar a cheann go bhfuil na hinniúlachtaí is gá ag duine chun feidhmeanna iniúchóra a chomhlíonadh go leibhéal inghlactha mar atá sainithe ag an údarás iomchuí;

(5) 

ciallaíonn “gníomhaíochtaí faireacháin ar chomhlíonadh” aon nós imeachta nó próiseas a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus an chláir náisiúnta um shlándáil eitlíochta;

(6) 

ciallaíonn “easnamh” mainneachtain ceanglas slándála eitlíochta a chomhlíonadh;

(7) 

ciallaíonn “cigireacht” scrúdú ar chur chun feidhme beart agus nósanna imeachta slándála d’fhonn a chinneadh an bhfuil siad á ndéanamh go héifeachtach agus de réir an chaighdeáin is gá agus chun aon easnaimh a shainaithint;

(8) 

ciallaíonn “agallamh” seiceáil ó bhéal ag iniúchóir chun a shuí an bhfuil bearta nó nósanna imeachta sonracha slándála á gcur chun feidhme;

(9) 

ciallaíonn “breathnóireacht” seiceáil amhairc a dhéanann iniúchóir go bhfuil beart nó nós imeachta slándála á chur chun feidhme;

(10) 

ciallaíonn “tástáil shoiléir” cleachtadh fógartha le scagthóirí nó le pearsanra slándála eile lena mbaineann lena n-ionsamhlaítear go réalaíoch feidhmiú rialaithe slándála nó gníomh cur isteach neamhdhleathaigh chun gnéithe a scrúdú nó a thomhas, amhail éifeachtacht chur chun feidhme na mbeart slándála atá ann cheana, inniúlachtaí agus cumais an phearsanra sin feidhmeanna sannta a chomhlíonadh;

(11) 

ciallaíonn “údaráis ábhartha”, chun críocha Chaibidil 19, an t-údarás iomchuí nó aon údarás náisiúnta eile a bhfuil freagrachtaí air maidir le tarluithe slándála eitlíochta, teagmhais, gníomhartha cur isteach neamhdhleathaigh agus gníomhartha ullmhúcháin ina leith a thuairisciú;

(12) 

ciallaíonn “tuairisceoir” aon duine dlítheanach nó nádúrtha a thuairiscíonn tarlú slándála, teagmhas slándála, gníomh cur isteach neamhdhleathaigh, gníomh ullmhúcháin nó faisnéis eile a bhaineann leis an tslándáil de bhun an phróisis tuairiscithe éigeantaigh nó dheonaigh arna bhunú ag na Ballstáit;

(13) 

ciallaíonn “sampla ionadaíoch” rogha a dhéantar as measc roghanna féideartha faireacháin atá leordhóthanach ó thaobh lín agus raoin de chun bonn a sholáthar do chonclúidí ginearálta maidir le caighdeáin cur chun feidhme;

(14) 

ciallaíonn “iniúchadh slándála” mionscrúdú ar bhearta agus nósanna imeachta slándála d’fhonn a chinneadh an bhfuil siad á gcur chun feidhme go hiomlán ar bhonn leanúnach;

(15) 

ciallaíonn “teagmhas slándála” tarlú slándála a dhéanann difear, nó a d’fhéadfadh difear a dhéanamh, do shábháilteacht paisinéirí, foirne, pearsanra talún agus an phobail i gcoitinne;

(16) 

ciallaíonn “tarlú slándála” aon teagmhas a bhaineann leis an tslándáil a bhféadfadh toradh slándála laghdaithe a bheith mar thoradh air, a d’fhéadfadh na rioscaí oibríochtúla a mhéadú nó a chuirfeadh sábháilteacht paisinéirí, criú, pearsanra talún agus an phobail i gcoitinne i mbaol, nó ar sárú comhlíontachta féideartha é. Áirítear leis sin leochaileacht i gcosaint na heitlíochta sibhialta ar ghníomhartha cur isteach neamhdhleathaigh a shainaithint nó breathnóireacht a dhéanamh uirthi;

(17) 

ciallaíonn “tástáil” triail ar bhearta slándála eitlíochta, ina ndéanann an t-údarás iomchuí ionsamhlú ar intinn gníomh cur isteach neamhdhleathaigh a dhéanamh, chun éifeachtacht chur chun feidhme na mbeart slándála atá ann cheana a scrúdú;

(18) 

ciallaíonn “fíorú” gníomhaíocht a dhéanann iniúchóir chun a shuí an bhfuil beart slándála sonrach i bhfeidhm go hiarbhír;

(19) 

ciallaíonn “leochaileacht” aon laige sna bearta agus sna nósanna imeachta a chuirtear chun feidhme a bhféadfaí leas a bhaint aisti chun gníomh cur isteach neamhdhleathaigh a dhéanamh.

2.   CUMHACHTAÍ AN ÚDARÁIS IOMCHUÍ

2.1. Tabharfaidh na Ballstáit na cumhachtaí is gá don údarás iomchuí chun faireachán agus forfheidhmiú a dhéanamh ar cheanglais uile an Rialacháin seo agus a ghníomhartha cur chun feidhme, lena n-áirítear an chumhacht chun pionóis a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 21.

2.2. Déanfaidh an t-údarás iomchuí gníomhaíochtaí faireacháin ar chomhlíonadh agus beidh na cumhachtaí is gá aige chun a cheangal go gceartófar aon easnamh a shainaithneofar laistigh de thréimhsí ama socraithe.

2.3. Bunófar cur chuige céimnithe comhréireach maidir le gníomhaíochtaí ceartúcháin ar easnamh agus bearta forfheidhmiúcháin. Is éard a bheidh sa chur chuige sin céimeanna forásacha a bheidh le leanúint go dtí go mbainfear ceartúchán amach, lena n-áirítear:

(a) 

comhairle agus moltaí i scríbhinn;

(b) 

rabhadh foirmiúil i scríbhinn;

(c) 

fógra oifigiúil forfheidhmiúcháin;

(d) 

smachtbhannaí riaracháin agus imeachtaí dlíthiúla.

Féadfaidh an t-údarás iomchuí ceann amháin nó níos mó de na céimeanna sin a fhágáil ar lár, go háirithe i gcás ina bhfuil an t-easnamh tromchúiseach nó ina thagann sé chun cinn arís agus arís eile.

3.   CUSPÓIRÍ AGUS ÁBHAR AN CHLÁIR NÁISIÚNTA UM RIALÚ CÁILÍOCHTA

3.1. Is iad cuspóirí an chláir náisiúnta um rialú cáilíochta a fhíorú go gcuirtear bearta slándála eitlíochta chun feidhme go héifeachtach agus i gceart agus leibhéal comhlíonta fhorálacha an Rialacháin seo agus an chláir náisiúnta um shlándáil eitlíochta sibhialta a chinneadh, trí bhíthin gníomhaíochtaí faireacháin ar chomhlíonadh.

3.2. Áireofar na heilimintí seo a leanas sa chlár náisiúnta um rialú cáilíochta:

(a) 

struchtúr eagrúcháin, freagrachtaí agus acmhainní;

(b) 

tuairiscí ar phoist, agus na cáilíochtaí is gá, le haghaidh iniúchóirí;

(c) 

gníomhaíochtaí faireacháin ar chomhlíonadh, lena n-áirítear raon feidhme iniúchtaí slándála, cigireachtaí, tástálacha agus, tar éis sárú iarbhír nó féideartha ar shlándáil, imscrúduithe, minicíochtaí le haghaidh iniúchtaí agus cigireachtaí slándála, agus aicmiú comhlíontachta freisin;

(d) 

suirbhéanna, i gcás ina bhfuil cúis le hathmheasúnú a dhéanamh ar riachtanais slándála;

(e) 

gníomhaíochtaí ceartúcháin ar easnamh lena soláthraítear mionsonraí maidir le tuairisciú easnaimh, bearta leantacha agus ceartú chun a áirithiú go gcomhlíonfar ceanglais slándála eitlíochta;

(f) 

bearta forfheidhmiúcháin agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis, mar a shonraítear i bpointí 2.1 agus 2.3 den Iarscríbhinn seo;

(g) 

tuairisciú ar ghníomhaíochtaí faireacháin ar chomhlíonadh a dhéantar lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, malartú faisnéise idir comhlachtaí náisiúnta maidir le leibhéil chomhlíontachta;

(h) 

próiseas faireacháin ar bhearta rialaithe cáilíochta inmheánacha an aerfoirt, an oibreora agus an eintitis;

(i) 

próiseas chun taifead agus anailís a dhéanamh ar thorthaí an chláir náisiúnta um rialú cáilíochta chun treochtaí a shainaithint agus forbairt beartais amach anseo a stiúradh;

(j) 

próiseas le haghaidh tuairisciú éigeantach faisnéise a bhaineann le teagmhais slándála eitlíochta, gníomhartha cur isteach neamhdhleathaigh agus gníomhartha ullmhúcháin ina leith, ag aon oibreoir agus eintiteas atá freagrach as an gclár náisiúnta um shlándáil eitlíochta sibhialta a chur chun feidhme ar bhealach praiticiúil agus tráthúil do na húdaráis ábhartha;

(k) 

córas tuairiscithe deonach rúnda chun anailís a dhéanamh ar fhaisnéis slándála arna soláthar ag foinsí amhail an pobal, paisinéirí, foireann, criú, pearsanra talún agus aon duine eile in earnáil na heitlíochta.

4.   FAIREACHÁN AR CHOMHLÍONTACHT

4.1. Déanfar faireachán rialta ar gach aerfort, oibreoir agus eintiteas eile a bhfuil freagrachtaí slándála eitlíochta orthu chun brath agus ceartú tapa teipeanna a áirithiú.

4.2. Déanfar an faireachán i gcomhréir leis an gclár náisiúnta um rialú cáilíochta, ag cur san áireamh leibhéal bagartha, cineál agus cineál na n-oibríochtaí, caighdeán an chur chun feidhme, torthaí rialaithe cáilíochta inmheánaigh aerfort, oibreoirí agus eintiteas, agus tosca agus measúnuithe eile a mbeidh tionchar acu ar thosaíochtaí agus ar mhinicíocht an fhaireacháin.

4.3. Áireofar san fhaireachán cur chun feidhme agus éifeachtacht bhearta inmheánacha rialaithe cáilíochta na n-aerfort, na n-oibreoirí agus na n-eintiteas.

4.4. Beidh an faireachán ag gach aerfort aonair comhdhéanta de mheascán oiriúnach de ghníomhaíochtaí faireacháin ar chomhlíonadh agus tabharfaidh sé forléargas cuimsitheach ar chur chun feidhme na mbeart slándála allamuigh.

4.5. Déanfar bainistiú, socrú tosaíochtaí agus eagrúchán an chláir um rialú cáilíochta go neamhspleách ar chur chun feidhme oibríochtúil na mbeart arna nglacadh faoin gclár náisiúnta um shlándáil eitlíochta sibhialta.

4.6. Áireofar ar na gníomhaíochtaí faireacháin ar chomhlíonadh iniúchtaí, cigireachtaí agus tástálacha slándála.

5.   MODHEOLAÍOCHT

5.1. Beidh an mhodheolaíocht chun gníomhaíochtaí faireacháin a dhéanamh i gcomhréir le cur chuige caighdeánaithe, lena n-áirítear cúram, pleanáil, ullmhú, gníomhaíocht ar an láthair, aicmiú na dtorthaí, cur i gcrích na tuarascála agus an próiseas ceartúcháin.

5.2. Beidh gníomhaíochtaí faireacháin ar chomhlíonadh bunaithe ar bhailiú córasach faisnéise trí bhíthin barúlacha, agallamh, scrúdú doiciméad agus fíoruithe.

5.3. Áireofar san fhaireachán ar chomhlíonadh gníomhaíochtaí fógartha agus gníomhaíochtaí gan fógra araon.

6.   INIÚCHTAÍ SLÁNDÁLA

6.1. Cumhdófar an méid seo a leanas in iniúchadh slándála:

(a) 

gach beart slándála ag aerfort; nó

(b) 

gach beart slándála arna chur chun feidhme ag aerfort, críochfort aerfoirt, oibreoir nó eintiteas aonair; nó

(c) 

cuid ar leith den chlár náisiúnta um shlándáil eitlíochta sibhialta.

6.2. Bunófar modheolaíocht chun iniúchadh slándála a dhéanamh agus na heilimintí seo a leanas á gcur san áireamh:

(a) 

fógra maidir leis an iniúchadh slándála agus ceistneoir réamh-iniúchóireachta a chur in iúl, más iomchuí;

(b) 

céim an ullmhúcháin lena n-áirítear scrúdú ar an gceistneoir réamh-iniúchóireachta comhlánaithe agus ar dhoiciméadacht ábhartha eile;

(c) 

seisiún faisnéise ar theacht isteach le hionadaithe aerfoirt/oibreoirí/eintitis sula gcuirtear tús leis an ngníomhaíocht faireacháin ar an láthair;

(d) 

gníomhaíocht ar an láthair;

(e) 

cuntas agus tuairisciú;

(f) 

i gcás ina sainaithnítear easnaimh, an próiseas ceartúcháin agus an faireachán gaolmhar ar an bpróiseas sin.

6.3. Chun a dheimhniú go gcuirtear bearta slándála chun feidhme, beidh déanamh iniúchta slándála bunaithe ar bhailiú córasach faisnéise trí cheann amháin nó níos mó de na teicnící seo a leanas:

(a) 

doiciméid a scrúdú;

(b) 

barúlacha;

(c) 

agallaimh;

(d) 

fíoruithe.

6.4. Aerfoirt a bhfuil méid tráchta bliantúil de níos mó ná 10 milliún paisinéir iontu, beidh siad faoi réir iniúchadh slándála lena gcumhdófar na caighdeáin slándála eitlíochta uile gach 4 bliana ar a laghad. Beidh sampla ionadaíoch faisnéise san áireamh sa scrúdú.

7.   CIGIREACHTAÍ

7.1. Cumhdófar le raon feidhme cigireachta tacar amháin ar a laghad de bhearta slándála atá nasctha go díreach agus atá in Iarscríbhinn I agus na gníomhartha cur chun feidhme comhfhreagracha a ndéantar faireachán orthu mar ghníomhaíocht aonair nó laistigh de thréimhse ama réasúnach, nach faide ná trí mhí de ghnáth. Beidh sampla ionadaíoch faisnéise san áireamh sa scrúdú.

7.2. Is éard atá i gceist le tacar beart slándála atá nasctha go díreach tacar de dhá cheanglas nó níos mó dá dtagraítear in Iarscríbhinn I agus na gníomhartha cur chun feidhme comhfhreagracha a mbíonn tionchar acu ar a chéile ionas nach féidir gnóthú an chuspóra a mheasúnú go leordhóthanach mura meastar le chéile iad. Áireofar ar na tacair sin na tacair a liostaítear i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

7.3. Ní fhógrófar cigireachtaí. I gcás ina measfaidh an t-údarás iomchuí nach bhfuil sé sin praiticiúil, féadfar cigireachtaí a fhógairt. Bunófar modheolaíocht chun cigireacht a dhéanamh agus na heilimintí seo a leanas á gcur san áireamh:

(a) 

céim an ullmhúcháin;

(b) 

gníomhaíocht ar an láthair;

(c) 

cuntas, ag brath ar mhinicíocht agus ar thorthaí na ngníomhaíochtaí faireacháin;

(d) 

tuairisciú/taifeadadh;

(e) 

an próiseas ceartúcháin agus an faireachán air.

7.4. Chun a dheimhniú go bhfuil bearta slándála éifeachtach, beidh déanamh iniúchta slándála bunaithe ar bhailiú córasach faisnéise trí cheann amháin nó níos mó de na teicnící seo a leanas:

(a) 

doiciméid a scrúdú;

(b) 

barúlacha;

(c) 

agallaimh;

(d) 

fíoruithe.

7.5. Ag aerfoirt ina bhfuil méid tráchta bliantúil níos mó ná 2 mhilliún paisinéir, gach 12 mhí ar a laghad a bheidh sa mhinicíocht íosta chun cigireacht a dhéanamh ar gach tacar de bhearta slándála atá nasctha go díreach agus a leagtar amach i gcaibidlí 1 go 6 d’Iarscríbhinn I, mura rud é go ndearnadh iniúchadh ag an aerfort le linn an ama sin. Cinnfidh an t-údarás iomchuí an mhinicíocht chun cigireacht a dhéanamh ar na bearta slándála uile a chumhdaítear le caibidlí 7 go 12 d’Iarscríbhinn I bunaithe ar mheasúnú riosca.

7.6. I gcás nach bhfuil aerfort ag Ballstát ag a bhfuil méid tráchta bliantúil is mó ná 2 mhilliún paisinéir, beidh feidhm ag ceanglais phointe 7.5 maidir leis an aerfort ar a chríoch ina bhfuil an méid tráchta bliantúil is mó.

7.7. Bunóidh an t-údarás iomchuí minicíochtaí chun cigireacht a dhéanamh ar aerfoirt nach mó a méid tráchta bliantúil ná 2 mhilliún paisinéir, agus oibreoirí agus eintitis, agus na heilimintí dá dtagraítear i bpointe 4.2 á gcur san áireamh. Tagróidh na minicíochtaí d’fhaireachán ar gach tacar ábhartha de bhearta slándála atá nasctha go díreach agus a leagtar amach i gCaibidlí 1 go 12 d’Iarscríbhinn I.

8.   TÁSTÁLACHA

8.1. Déanfar tástálacha chun éifeachtacht chur chun feidhme na mbeart slándála a liostaítear anseo thíos a scrúdú, ar a laghad ag gach aerfort a thagann faoi phointí 7.5 agus 7.6:

(a) 

rialú rochtana ar limistéir shrianta slándála;

(b) 

scagadh ar dhaoine seachas paisinéirí agus scagadh ar nithe a bheidh á n-iompar acu

(c) 

cosaint aerárthaí;

(d) 

scagadh ar phaisinéirí agus ar bhagáiste cábáin

(e) 

bagáiste boilg a chosaint;

(f) 

scagadh ar lastas nó post;

(g) 

lastas agus post a chosaint.

Maidir le tástálacha a bheidh le déanamh ag aerfoirt nach dtagann faoi phointí 7.5 agus 7.6, bunófar tosaíochtaí i bpleanáil bhliantúil na ngníomhaíochtaí faireacháin ar chomhlíonadh.

8.2. Féadfaidh an t-údarás iomchuí, ar bhonn measúnú riosca, tástálacha a dhéanamh chun scrúdú a dhéanamh ar éifeachtacht chur chun feidhme na mbeart slándála breise seo a leanas:

(a) 

scrúdú ar fheithiclí;

(b) 

cuardach slándála aerárthaí;

(c) 

scagadh ar bhagáiste boilg;

(d) 

scagadh ar sholáthairtí ar eitilt agus ar sholáthairtí aerfoirt;

(e) 

soláthairtí ar eitilt agus soláthairtí aerfoirt a chosaint;

(f) 

saoráidí agus imlíne an aerfoirt a chosaint.

8.3. Forbrófar prótacal tástála, lena n-áirítear an mhodheolaíocht, agus na ceanglais dhlíthiúla, sábháilteachta agus oibríochtúla á gcur san áireamh. Tabharfar aghaidh sa mhodheolaíocht ar na heilimintí seo a leanas:

(a) 

céim an ullmhúcháin;

(b) 

gníomhaíocht ar an láthair;

(c) 

cuntas, ag brath ar mhinicíocht agus ar thorthaí na ngníomhaíochtaí faireacháin;

(d) 

tuairisciú/taifeadadh;

(e) 

an próiseas ceartúcháin agus an faireachán gaolmhar.

8.4. Bunóidh an t-údarás iomchuí minicíochtaí le haghaidh tástálacha agus na heilimintí dá dtagraítear i bpointe 4.2 á gcur san áireamh.

8.5. Féadfar tástálacha soiléire a chur in ionad tástálacha nó iad a fhorlíonadh i gcásanna nach féidir sampla ionadaíoch tástálacha a bhaint amach de bharr, mar shampla, cur chun feidhme teoranta beart slándála áirithe, nó i gcás ina ndéanfadh dálaí áitiúla dochar d’éifeachtacht na dtástálacha.

9.   SUIRBHÉANNA

9.1. Déanfar suirbhéanna aon uair a aithníonn an t-údarás iomchuí gur gá athmheastóireacht a dhéanamh ar oibríochtaí chun aon leochaileacht a shainaithint agus chun aghaidh a thabhairt uirthi. I gcás ina sainaithnítear leochaileacht, éileoidh an t-údarás iomchuí go gcuirfear bearta cosanta chun feidhme i gcomhréir leis an mbagairt.

10.   GNÍOMHAÍOCHTAÍ FAIREACHÁIN AR CHOMHLÍONTACHT A THUAIRISCIÚ

10.1. Déanfar gníomhaíochtaí faireacháin ar chomhlíontacht a thuairisciú nó a thaifeadadh i bhformáid chaighdeánaithe lenar féidir anailís leanúnach a dhéanamh ar threochtaí.

10.2. Áireofar na heilimintí seo a leanas san fhormáid chaighdeánaithe:

(a) 

an cineál gníomhaíochta;

(b) 

an t-aerfort, an t-oibreoir nó an t-eintiteas a ndéantar faireachán orthu;

(c) 

dáta agus am na gníomhaíochta;

(d) 

ainm na n-iniúchóirí a dhéanann an ghníomhaíocht;

(e) 

raon feidhme na gníomhaíochta;

(f) 

torthaí mar aon le forálacha comhfhreagracha an chláir náisiúnta um shlándáil eitlíochta sibhialta;

(g) 

aicmiú comhlíontachta;

(h) 

moltaí maidir le gníomhaíochtaí ceartaitheacha, i gcás inarb iomchuí;

(i) 

fráma ama le haghaidh ceartúcháin, i gcás inarb iomchuí.

10.3. I gcás ina sainaithneofar easnaimh, tuairisceoidh an t-údarás iomchuí na torthaí ábhartha don aerfort, do na hoibreoirí nó do na heintitis atá faoi réir faireacháin.

11.   AICMIÚ COITEANN COMHLÍONTACHTA

11.1. Leis na gníomhaíochtaí faireacháin ar chomhlíontacht, déanfar measúnú ar chur chun feidhme an chláir náisiúnta um shlándáil eitlíochta sibhialta trí úsáid a bhaint as an gcóras comhchuibhithe um aicmiú comhlíontachta a leagtar amach i bhFoscríbhinn II.

12.   EASNAIMH A CHEARTÚ

12.1. Cuirfear ceartú na n-easnamh sainaitheanta chun feidhme go pras. I gcás nach féidir an ceartú a dhéanamh go pras, cuirfear bearta cúiteacha chun feidhme. Nuair is é an toradh a bheidh ar an bhfaireachán foriomlán ar chur chun feidhme birt slándála, mar gheall ar theipeanna aonair nó aonair, leibhéal an chomhlíonta “Comhlíontach, ach is inmhianaithe feabhas a dhéanamh”, ceartófar na heasnaimh sin freisin.

12.2. Ceanglóidh an t-údarás iomchuí ar aerfoirt, ar oibreoirí nó ar eintitis atá faoi réir gníomhaíochtaí faireacháin ar chomhlíonadh plean gníomhaíochta a thíolacadh lena dtabharfar aghaidh ar aon easnamh a leagtar amach sna tuarascálacha mar aon le tráthchlár chun na gníomhaíochtaí ceartaitheacha a chur chun feidhme agus deimhniú a thabhairt nuair a bheidh an próiseas ceartúcháin curtha i gcrích.

13.   GNÍOMHAÍOCHTAÍ LEANTACHA A BHAINEANN LEIS AN gCEARTÚCHÁN A FHÍORÚ

13.1. Tar éis don aerfort, don oibreoir nó don eintiteas atá faoi réir faireacháin a dheimhniú go ndearnadh aon ghníomhaíocht ceartaitheach is gá, fíoróidh an t-údarás iomchuí cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí ceartaitheacha.

13.2. Úsáidfidh gníomhaíochtaí leantacha an modh faireacháin is ábhartha.

14.   INFHAIGHTEACHT INIÚCHÓIRÍ

14.1. Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh líon leordhóthanach iniúchóirí ar fáil don údarás iomchuí go díreach nó faoina mhaoirseacht chun na gníomhaíochtaí faireacháin ar chomhlíonadh uile a dhéanamh.

15.   CRITÉIR CHÁILÍOCHTA D’INIÚCHÓIRÍ

15.1. Áiritheoidh gach Ballstát an méid seo a leanas maidir le hiniúchóirí a dhéanann feidhmeanna thar ceann an údaráis iomchuí:

(a) 

go mbeidh siad saor ó aon oibleagáid chonarthach nó airgid don aerfort, don oibreoir nó don eintiteas a ndéanfar faireachán orthu; agus

(b) 

go mbeidh na hinniúlachtaí iomchuí acu, lena n-áirítear taithí theoiriciúil agus phraiticiúil leordhóthanach sa réimse ábhartha.

Beidh iniúchóirí faoi réir deimhniúcháin nó formheasa choibhéisigh ag an údarás iomchuí.

15.2. Beidh na hinniúlachtaí seo a leanas ag na hiniúchóirí:

(a) 

tuiscint ar na bearta slándála reatha is infheidhme agus ar an gcaoi a gcuirtear i bhfeidhm iad maidir leis na hoibríochtaí atá á scrúdú, lena n-áirítear:

— 
tuiscint ar phrionsabail slándála,
— 
tuiscint ar chúraimí maoirseachta,
— 
tuiscint ar na tosca a dhéanann difear d’fheidhmíocht an duine,
(b) 

eolas feidhmiúil ar theicneolaíochtaí agus teicnící slándála;

(c) 

eolas ar na prionsabail, na nósanna imeachta agus na teicnící maidir le faireacháin ar chomhlíonadh;

(d) 

eolas feidhmiúil ar na hoibríochtaí atá ina n-ábhar scrúdúcháin.

(e) 

tuiscint ar ról agus ar chumhachtaí an iniúchóra.

15.3. Cuirfear oiliúint thréimhsiúil ar iniúchóirí a mhinice is gá chun a áirithiú go gcoinneofar na hinniúlachtaí atá ann cheana agus go sealbhófar inniúlachtaí nua chun forbairtí i réimse na slándála a thabhairt san áireamh.

16.   CUMHACHTAÍ INIÚCHÓIRÍ

16.1. Tabharfar údarás leordhóthanach d’iniúchóirí atá i mbun gníomhaíochtaí faireacháin chun an fhaisnéis is gá a fháil chun a gcúraimí a chur i gcrích.

16.2. Beidh cruthúnas céannachta ag iniúchóirí lena n-údarófar gníomhaíochtaí faireacháin ar chomhlíonadh thar ceann an údaráis iomchuí agus lena gceadófar rochtain ar na limistéir uile is gá.

16.3. Beidh iniúchóirí i dteideal:

(a) 

rochtain láithreach a fháil ar gach limistéar ábhartha lena n-áirítear aerárthaí agus foirgnimh chun críocha faireacháin; agus

(b) 

cur chun feidhme ceart nó athdhéanamh na mbeart slándála a éileamh.

16.4. Mar thoradh ar na cumhachtaí a thugtar d’iniúchóirí, gníomhóidh an t-údarás iomchuí i gcomhréir le pointe 2.3 sna cásanna seo a leanas:

(a) 

bac intinneach á chur ar iniúchóir;

(b) 

mainneachtain nó diúltú faisnéis arna hiarraidh ag iniúchóir a sholáthar;

(c) 

nuair a sholáthraítear faisnéis bhréagach nó mhíthreorach d’iniúchóir le hintinn mheabhlaireachta; agus

(d) 

iniúchóir a phearsanú le hintinn mheabhlaireachta.

17.   DEA-CHLEACHTAIS

17.1. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi dhea-chleachtais maidir le cláir um rialú cáilíochta, modheolaíochtaí iniúchóireachta agus iniúchóirí. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a chomhroinnt leis na Ballstáit.

18.   GNÍOMHAÍOCHTAÍ FAIREACHÁIN AR CHOMHLÍONTACHT A THUAIRISCIÚ CHUIG AN gCOIMISIÚN

18.1. Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin gach bliain maidir leis na bearta a glacadh chun a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus maidir le staid na slándála eitlíochta ag na haerfoirt atá lonnaithe ar a gcríoch. Is é an 1 Eanáir—an 31 Nollaig an tréimhse thagartha a bheidh ann don tuarascáil. Beidh an tuarascáil dlite trí mhí tar éis dheireadh na tréimhse tagartha.

18.2. Beidh inneachar na tuarascála i gcomhréir le Foscríbhinn III trí úsáid a bhaint as teimpléad a sholáthraíonn an Coimisiún.

18.3. Roinnfidh an Coimisiún leis na Ballstáit na príomhchonclúidí a bhainfear as na tuarascálacha sin.

19.   TARLUITHE AGUS TEAGMHAIS SLÁNDÁLA EITLÍOCHTA, GNÍOMHARTHA CUR ISTEACH NEAMHDHLEATHAIGH AGUS GNÍOMHARTHA ULLMHÚCHÁIN INA LEITH A THUAIRISCIÚ

19.1. I gcás ina sainaithneoidh nó ina bhfaighidh an t-údarás iomchuí faisnéis faoi ghníomh cur isteach neamhdhleathaigh nó faoi theagmhas slándála eitlíochta a tharla nó ar tí tarlú, a bhfuil tionchar tromchúiseach aige nó ar dócha go mbeidh tionchar tromchúiseach aige ar leibhéal na slándála eitlíochta san Aontas nó ar an gcóras slándála eitlíochta idirnáisiúnta, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas a luaithe is féidir. Faoi réir rialacha náisiúnta maidir le cosaint faisnéise atá ábhartha don tslándáil náisiúnta, áireofar san fhógra aon fhaisnéis fhíorasach ábhartha atá ar fáil agus úsáideach chun a mheas an bhfuil gá le haon ghníomhaíocht phras chun leibhéal na slándála eitlíochta san Aontas a choinneáil ar bun nó a athbhunú agus chun an comhar agus an comhordú is gá a sholáthar ar an leibhéal idirnáisiúnta. Tar éis dó an fhaisnéis sin a fháil, cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas.

19.2. Chun na ceanglais a leagtar síos i bpointí 3.2 (j) agus (k) agus na forálacha anseo thíos a chur chun feidhme, ón 1 Eanáir 2028 ar aghaidh, bunóidh gach Ballstát próiseas chun faisnéis maidir le teagmhais slándála eitlíochta, gníomhartha cur isteach neamhdhleathaigh agus gníomhartha ullmhúcháin ina leith a thuairisciú, a aicmiú, a phróiseáil, a stóráil, a chosaint, a anailísiú agus a chomhiomlánú. Leis an bpróiseas sin, déanfar foráil maidir le córais tuairiscithe dheonaigh éigeantacha agus rúnda agus beidh ceanglais mhionsonraithe ann chun tuairisciú agus obair leantach éifeachtach agus éifeachtúil a áirithiú lena n-áirítear forghníomhú agus comhordú cúraimí ina dhiaidh sin chomh maith le haon bheart nó cinneadh a dhéanfaidh na húdaráis ábhartha.

19.3. Ón 1 Eanáir 2028 ar aghaidh, déanfaidh oibreoirí agus eintitis atá freagrach as cur chun feidhme an chláir náisiúnta um shlándáil eitlíochta sibhialta faisnéis faoi theagmhais slándála eitlíochta a thuairisciú do na húdaráis ábhartha. Aicmíonn oifigeach slándála nó bainisteoir slándála teagmhais slándála mar tharlú slándála tuairiscithe bunaithe ar anailís ar an tarlú agus ar chinneadh go bhfuil gá le gníomhaíocht bhreise. D’fhéadfadh cur isteach neamhdhleathach a bheith mar thoradh ar theagmhas slándála freisin, agus d’fhéadfadh an t-údarás iomchuí é a aicmiú amhlaidh, gníomh atá le tuairisciú do EESI i gcomhréir le hIarscríbhinn 17 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago. Beidh feidhm ag na sprioc-amanna tuairiscithe seo a leanas maidir le tuairisciú éigeantach den sórt sin, ag tosú ón tráth a thuairiscítear an tarlú bunúsach tríd an gcóras tuairiscithe inmheánach dá dtagraítear i bpointe 19.4:

(a) 

déanfar an tuairisciú a luaithe is féidir, ach laistigh de 24 uair an chloig ar a dhéanaí i gcás ina mbeidh tionchar tromchúiseach láithreach ag an teagmhas ar leibhéal na slándála eitlíochta;

(b) 

déanfar an tuairisciú laistigh de 72 uair an chloig, i gcás ina mbeidh tionchar tromchúiseach ag an teagmhas ar leibhéal na slándála eitlíochta;

(c) 

déanfar an tuairisciú ar bhonn míosúil, i gcás gach teagmhais eile.

19.4. Ón 1 Eanáir 2028 ar aghaidh, déanfaidh oibreoirí agus eintitis atá freagrach as cur chun feidhme an chláir náisiúnta um shlándáil eitlíochta sibhialta córas tuairiscithe inmheánach a chur ar bun chun faisnéis faoi tharluithe slándála eitlíochta a thuairisciú ar bhealach praiticiúil agus tráthúil. Déanfaidh pearsanra uile na n-oibreoirí agus na n-eintiteas atá freagrach as cur chun feidhme an chláir náisiúnta um shlándáil eitlíochta sibhialta faisnéis maidir le tarluithe slándála eitlíochta a thuairisciú tríd an gcóras tuairiscithe inmheánach sin.

19.5. Ón 1 Eanáir 2028 ar aghaidh, ainmneoidh na húdaráis ábhartha agus aon oibreoir nó eintiteas atá freagrach as cur chun feidhme an chláir náisiúnta um shlándáil eitlíochta sibhialta duine nó roinn amháin ar a laghad a bheidh freagrach as tuairisciú, lena n-áirítear seiceáil cáilíochta sonraí chun comhsheasmhacht sonraí a fheabhsú. Leagfar síos ceanglais earcaíochta agus oiliúna do na daoine a ainmneofar chun na cúraimí sin a chomhlíonadh sna rialacha cur chun feidhme, arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 4(3) den Rialachán seo.

19.6. Ón 1 Eanáir 2028 ar aghaidh, déanfar tuairisciú éigeantach chuig na húdaráis ábhartha trí úsáid a bhaint as an teimpléad a leagtar amach i bhFoscríbhinn IV, agus déanfar tagairt don aicmiú coiteann mar a leagtar síos i bhFoscríbhinn V. Féadfar tuairisciú deonach a dhéanamh freisin trí úsáid a bhaint as an teimpléad a leagtar amach i bhFoscríbhinn IV agus tagairt a dhéanamh don aicmiú coiteann mar a leagtar síos i bhFoscríbhinn V.

19.7. Ón 1 Eanáir 2028 ar aghaidh, stórálfaidh na húdaráis ábhartha tuarascálacha i mbunachar sonraí náisiúnta. Maidir le faisnéis íogair slándála eitlíochta atá i dtuarascálacha agus aon anailís uirthi, déanfar rúndacht na faisnéise agus na hanailíse sin a áirithiú i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais agus leis an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme. Chuige sin, leagfaidh gach Ballstát síos ceanglais mhionsonraithe maidir le rochtain ar fhaisnéis den sórt sin chomh maith lena cosaint fhisiciúil agus lena cosaint teicneolaíochta faisnéise.

19.8. Ón 1 Eanáir 2028 ar aghaidh, leagfaidh gach Ballstát síos ceanglais mhionsonraithe maidir le próiseáil agus stóráil tuarascálacha chun cosc a chur ar úsáid na faisnéise atá iontu chun críoch seachas an tslándáil eitlíochta agus déanfaidh sé rúndacht chéannacht an tuairisceora agus na ndaoine a luaitear sa tuarascáil a choimirciú go hiomchuí, faoi réir na gceanglas maidir le himeachtaí coiriúla, araíonachta nó riaracháin faoin dlí náisiúnta.

19.9. Ón 1 Eanáir 2028 ar aghaidh, déanfaidh na húdaráis ábhartha nósanna imeachta a bhunú agus a chur chun feidhme chun faisnéis ábhartha atá i dtuarascálacha agus faisnéis maidir le gníomhaíochtaí leantacha a chomhroinnt, ar bhonn riachtanais eolais, chun cúnamh a thabhairt d’údaráis agus do ghníomhaireachtaí náisiúnta eile, d’oibreoirí aerfoirt, d’aeriompróirí agus d’eintitis eile lena mbaineann, i gcás ina bhféadfadh sé sin rannchuidiú le slándáil eitlíochta a choinneáil ar bun agus a fheabhsú.

19.10. Ón 1 Eanáir 2028 ar aghaidh, d’ainneoin phointe 19.8, i gcás ina bhfuil an fhaisnéis ábhartha maidir le sábháilteacht eitlíochta, féadfaidh na húdaráis ábhartha í a roinnt leis na húdaráis náisiúnta sábháilteachta eitlíochta sibhialta, faoi réir na gceanglas is infheidhme maidir le rúndacht, cosaint agus folú de réir mar is iomchuí.

19.11. Ón 1 Eanáir 2028 ar aghaidh, faoi réir na gceanglas maidir le rúndacht agus cosaint faoi reachtaíocht an Aontais agus faoin reachtaíocht náisiúnta, de réir mar is infheidhme, roinnfidh na húdaráis ábhartha faisnéis ábhartha atá i dtuarascálacha leis an gCoimisiún agus le Ballstáit eile, i gcás ina bhféadfadh sé sin rannchuidiú leis an tslándáil eitlíochta a choinneáil ar bun agus a fheabhsú, lena n-áirítear mar fhreagra ar fhiosrúcháin shonracha ón gCoimisiún nó ó Bhallstáit eile.

19.12. Ón 1 Eanáir 2028 ar aghaidh, faoi réir na gceanglas maidir le rúndacht agus cosaint faoi reachtaíocht an Aontais agus faoin reachtaíocht náisiúnta, de réir mar is infheidhme, féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit faisnéis ábhartha atá i dtuarascálacha a chomhroinnt le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le húdaráis ábhartha tríú tíortha, i gcás inar gá sin faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta nó i gcás ina bhféadfadh sé sin rannchuidiú le slándáil eitlíochta a choinneáil ar bun agus a fheabhsú.

19.13. Ón 1 Eanáir 2028 ar aghaidh, gan dochar do phointí 19.1 agus 19.11., cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin gach bliain ina mbeidh staidreamh maidir leis na tuarascálacha a fuarthas, arna gcomhiomlánú i gcomhréir leis an aicmiú coiteann mar a leagtar síos i bhFoscríbhinn V agus an anailís orthu. Is é an 1 Eanáir—an 31 Nollaig an tréimhse thagartha don tuarascáil, agus beidh sí dlite sé mhí tar éis dheireadh na tréimhse tagartha.

19.14. Ón 1 Eanáir 2028 ar aghaidh, roinnfidh an Coimisiún na príomhchonclúidí a baineadh as tuarascálacha arna dtíolacadh de bhun phointe 19.13 leis an gCoiste Rialála um Shlándáil Eitlíochta Sibhialta agus le Grúpa Comhairleach na nGeallsealbhóirí maidir le Slándáil Eitlíochta.

19.15. Ón 1 Eanáir 2028 ar aghaidh, chun cur chuige comhchuibhithe a sholáthar ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an Coimisiún ionstraim teicneolaíochta faisnéise iomchuí a chur ar fáil chun tacú le cur chun feidhme na gceanglas a leagtar síos sa Chaibidil seo, i gcomhar leis na Ballstáit.




Foscríbhinn I

Eilimintí atá le cur san áireamh sa tacar de bhearta slándála atá nasctha go díreach

Áireofar sna tacair de bhearta slándála atá nasctha go díreach dá dtagraítear i bpointe 7.1 den Iarscríbhinn seo na heilimintí seo a leanas d’Iarscríbhinn I agus na forálacha comhfhreagracha ina gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 4(3) den Rialachán seo:

Le haghaidh phointe 1 – Slándáil aerfoirt:

(a) 

forálacha uile phointe 1.1; nó

(b) 

forálacha uile phointe 1.2 (seachas na forálacha sin a bhaineann le cártaí aitheantais agus pasanna feithicle); nó

(c) 

gach foráil de phointe 1.2 a bhaineann le cártaí aitheantais; nó

(d) 

gach foráil de phointe 1.2 a bhaineann le pasanna feithicle; nó

(e) 

forálacha uile phointe 1.3 agus na heilimintí ábhartha de phointe 12; nó

(f) 

forálacha uile phointe 1.4; nó

(g) 

forálacha uile phointe 1.5; nó

(h) 

forálacha uile phointe 1.7 agus na heilimintí ábhartha de phointe 11.

Le haghaidh phointe 2 – Limistéir chríochaithe aerfort:

forálacha uile an phointe seo.

Le haghaidh phointe 3 – Slándáil aerfoirt:

(a) 

forálacha uile phointe 3.1; nó

(b) 

forálacha uile phointe 3.2;

Le haghaidh phointe 4 – Paisinéirí agus bagáiste cábáin:

(a) 

forálacha uile phointe 4.1 agus na heilimintí ábhartha de phointe 12; nó

(b) 

forálacha uile phointe 4.2; nó

(c) 

forálacha uile phointe 4.3;

Le haghaidh phointe 5 – Bagáiste boilg:

(a) 

forálacha uile phointe 5.1 agus na heilimintí ábhartha de phointe 12; nó

(b) 

forálacha uile phointe 5.2; nó

(c) 

forálacha uile phointe 5.3;

Le haghaidh phointe 6 – Lastas agus post:

(a) 

gach foráil a bhaineann le rialuithe slándála, scagadh agus iompar arna chur i bhfeidhm ag gníomhaire rialáilte agus na heilimintí ábhartha de phointe 12; nó

(b) 

gach foráil a bhaineann le rialuithe slándála agus iompar arna gcur i bhfeidhm ag coinsíneoirí aitheanta; nó

(c) 

gach foráil a bhaineann le rialuithe slándála agus iompar arna gcur i bhfeidhm ag tarlóirí formheasta; nó

(d) 

gach foráil a bhaineann le lastas agus post a chosaint ag aerfoirt.

Le haghaidh phointe 7 – Post aeriompróra agus ábhair aeriompróra:

forálacha uile an phointe seo.

Le haghaidh phointe 8 – Soláthairtí ar eitilt:

forálacha uile an phointe seo agus na heilimintí ábhartha de phointe 12;

Le haghaidh phointe 9 – Slándáil aerfoirt:

forálacha uile an phointe seo agus na heilimintí ábhartha de phointe 12;

Le haghaidh phointe 10 – Bearta slándála ar eitilt:

forálacha uile an phointe seo.

Le haghaidh phointe 11 – Earcaíocht agus oiliúint foirne:

(a) 

gach foráil a bhaineann le hearcaíocht foirne ag aerfort, in oibreoir, in aeriompróir nó in eintiteas; nó

(b) 

gach foráil a bhaineann le hoiliúint foirne ag aerfort, in oibreoir, in aeriompróir nó in eintiteas;




Foscríbhinn II

Córas comhchuibhithe um aicmiú comhlíontachta

Beidh feidhm ag an aicmiú comhlíontachta seo a leanas chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir náisiúnta um shlándáil eitlíochta sibhialta.



 

Iniúchadh Slándála

Cigireacht

Triail

Lán-chomhlíontach

√

√

√

Comhlíontach, ach is inmhianaithe feabhas a dhéanamh

√

√

√

Neamhchomhlíontach

√

√

√

Neamhchomhlíontach, le heasnaimh thromchúiseacha

√

√

√

Ní bhaineann le hábhar

√

√

 

Gan deimhniú

√

√

√




Foscríbhinn III

Inneachar na tuarascála chuig an gCoimisiún

1.    Struchtúr eagrúcháin, freagrachtaí agus acmhainní

(a) 

Struchtúr na heagraíochta rialaithe cáilíochta, freagrachtaí agus acmhainní, lena n-áirítear leasuithe atá beartaithe amach anseo (féach pointe 3.2(a)).

(b) 

Líon na n-iniúchóirí – faoi láthair agus beartaithe (féach pointe 14).

(c) 

Oiliúint arna cur i gcrích ag iniúchóirí (féach pointe 15.2).

2.    Gníomhaíochtaí faireacháin oibríochtúla

Na gníomhaíochtaí faireacháin uile a dhéantar, agus na nithe seo a leanas á sonrú:

(a) 

cineál (iniúchadh slándála, cigireacht tosaigh, cigireacht leantach, tástáil, eile);

(b) 

aerfoirt, oibreoirí agus eintitis a ndéantar faireachán orthu;

(c) 

raon feidhme;

(d) 

minicíocht; agus

(e) 

líon iomlán na ndaonlaethanta a caitheadh ar an talamh.

3.    Gníomhaíochtaí maidir le heasnaimh a cheartú

(a) 

Stádas chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí maidir le heasnaimh a cheartú.

(b) 

Na príomhghníomhaíochtaí a rinneadh nó atá beartaithe (e.g. poist nua a cruthaíodh, trealamh a ceannaíodh, obair thógála) agus an dul chun cinn atá déanta i dtreo ceartúcháin.

(c) 

Bearta forfheidhmiúcháin a úsáideadh (féach pointe 3.2(f)).

4.    Sonraí ginearálta agus treochtaí

(a) 

Trácht náisiúnta bliantúil iomlán paisinéirí agus lastais agus an líon gluaiseachtaí aerárthaí.

(b) 

Liosta aerfort de réir catagóire.

(c) 

Líon na n-aeriompróirí a oibríonn ón gcríoch de réir catagóire (náisiúnta, Aontais, tríú tír).

(d) 

Líon na ngníomhairí rialáilte.

(e) 

An líon coinsíneoirí aitheanta.

(f) 

An líon tarlóirí formheasta.

(g) 

An líon soláthróirí rialáilte (i gcás soláthairtí aerfoirt agus soláthairtí ar eitilt).

(h) 

Neaslíon na n-eintiteas eile a bhfuil freagrachtaí slándála eitlíochta orthu (cuideachtaí láimhseála ar an talamh, cuideachtaí slándála, soláthróirí aitheanta soláthairtí aerfoirt agus soláthairtí ar eitilt).

5.    Staid na slándála eitlíochta ag na haerfoirt

Comhthéacs ginearálta staid na slándála eitlíochta sa Bhallstát.




Foscríbhinn IV

Teimpléad chun faisnéis faoi tharluithe agus teagmhais slándála a thuairisciú ( 3 )

Dáta beacht agus am beacht nó tréimhse bheacht ( 4 ) an tarlaithe: …/…/…

Dáta na tuarascála ( 5 ): …/…/…

Áit an Tarlaithe ( 6 ):

Ainm na cuideachta agus/nó ainm an duine atá ag tuairisciú (más féidir ( 7 )):

Tuairisc ar an tarlú:

Gníomhaíocht/gníomhaíochtaí láithreacha a rinneadh agus cé a rinne an ghníomhaíocht/na gníomhaíochtaí sin ( 8 ):

An limistéar slándála eitlíochta lena mbaineann:

Slándáil thaobh na talún; Paisinéirí agus bagáiste cábáin; Foireann agus criú; Rialú rochtana; Bagáiste boilg; Soláthairtí ar eitilt; Soláthairtí aerfoirt; Cosaint aerárthaí ar an talamh; Bearta slándála aerárthaí ar eitilt; Lastas agus post; Rialú Aerthráchta; Faisnéis dhigiteach agus teicneolaíochtaí digiteacha; Córas/córais aerárthaí gan foireann (UAS) / Aerfheithicil gan foireann (UAV) / Córas/córais aerárthaí cianrialaithe (RPAS); Arm cianláinseála (córais aerchosanta iniompartha etc.) Léasair; Faisnéis maiidr le slándáil eitlíochta; Eitlíocht Ghinearálta/Clubanna eitleoireachta

Éifeacht nó éifeacht fhéideartha ar an tslándáil ( 9 ):

Aon bharúil/togra/faisnéis eile ( 10 ):

Teagmhálaí (ríomhphost, uimhir theileafóin):




Foscríbhinn V

Aicmiú coiteann na dtarluithe agus na dteagmhas slándála ( 11 )



Aicme (1)

Catagóir (2)

Slándáil thaobh na talún;

Aimsiú nó úsáid gléas pléascach seiftithe feithicil-iompartha nó gléas loiscneach seiftithe

 

Gléas pléascach seiftithe feithicil-iompartha nó gléas loiscneach seiftithe arna seachadadh ag duine a aimsiú nó a úsáid

 

Ionsaí armtha

 

Earraí gan aon duine á bhfaire/earraí amhrastacha (rud is infheidhme ar thaobh an aeir freisin)

 

Ionsaí ceimiceach, bitheolaíoch agus raideolaíoch (CBR)

 

Damáiste do bhonneagar criticiúil/pointí leochaileacha

 

Iompraíocht amhrasach

 

Cur isteach neamhphleanáilte, lena n-áirítear bagairt buama nó foláireamh bréige

Paisinéirí agus bagáiste cábáin

Aimsiú earraí toirmiscthe/gléas pléascach seiftithe feithicil-iompartha/gléas loiscneach seiftithe

 

Easnamh sa phróiseas scagtha ag seicphointe slándála

 

Paisinéirí scagtha agus neamhscagtha a mheascadh

 

Iompraíocht amhrasach

Foireann agus criú

Easnamh sa phróiseas scagtha ag seicphointe slándála

 

Aimsiú earraí toirmiscthe/gléas pléascach seiftithe feithicil-iompartha/gléas loiscneach seiftithe

 

Sabaitéireacht

 

Rialuithe slándála á seachaint ag duine ar an taobh istigh

 

Iarracht d’aon ghnó dul timpeall ar chóras grinnfhiosrúcháin/seiceáil cúlra

Rialú rochtana

Imlíne a shárú nó iarracht a dhéanamh í a shárú

 

Rochtain neamhúdaraithe ar limistéar srianta slándála nó ar limistéar rialaithe eile (gan foireann a bheith i gceist)

 

Rochtain neamhúdaraithe/ gan tionlacan laistigh de limistéar srianta slándála (foireann a bheith i gceist)

 

Iompar amhrasach ón bhfoireann

 

Easnamh sa chóras rialaithe rochtana

 

Easnamh i gcóras eisiúna an phas aitheantais

 

Easnamh i gcóras rialaithe rochtana na feithicle lena n-áirítear cur i bhfeidhm rialuithe slándála agus/nó scagadh ar thaistealaithe agus ar fheithiclí

Bagáiste boilg

Aimsiú earraí toirmiscthe/gléas pléascach seiftithe feithicil-iompartha/gléas loiscneach seiftithe

 

Easnamh maidir le bagáiste boilg scagtha a chosaint

 

Fianaise ar chrioscaíl ar bhagáiste bhoilg scagtha

 

Easnamh sa chóras nó sa phróiseas scagtha ar bhagáiste boilg (lena n-áirítear réiteach “bagáiste le paisinéir”)

 

Easnamh i bpróiseas iompair na n-arm seolta

Soláthairtí ar eitilt

Rochtain neamhúdaraithe ar shaoráid um sholáthairtí ar eitilt

 

Easnamh maidir le soláthairtí slána a chosaint

 

Fianaise ar chrioscaíl ar sholáthairtí slána ar eitilt

 

Easnamh i gcur i bhfeidhm rialuithe slándála

 

Aimsiú earraí toirmiscthe/gléas pléascach seiftithe feithicil-iompartha/gléas loiscneach seiftithe

Soláthairtí aerfoirt

Rochtain neamhúdaraithe ar shaoráid

 

Easnamh maidir le soláthairtí slána a chosaint

 

Fianaise ar chrioscaíl ar sholáthairtí slána aerfoirt

 

Easnamh i gcur i bhfeidhm rialuithe slándála

 

Aimsiú earraí toirmiscthe/gléas pléascach seiftithe feithicil-iompartha/gléas loiscneach seiftithe

Cosaint aerárthaí ar an talamh

Paisinéir neamhúdaraithe ar an aerárthach

 

Foireann neamhúdaraithe ar an aerárthach

 

Easnamh i gcuardach/seiceáil slándála an aerárthaigh

 

Easnamh i mbearta cosanta aerárthaí, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil aerárthaí páirceáilte thar oíche

 

Gléas pléascach seiftithe feithicil-iompartha/gléas loiscneach seiftithe a aimsiú nó a úsáid i gcábán nó i mbolg an aerárthaigh

Bearta slándála aerárthaí ar eitilt

Paisinéir ainrianta (le cur san áireamh le haghaidh leibhéil 3 agus 4 amháin (féach Lámhleabhar EESI maidir leis an tSlándáil Eitlíochta) le tuairisciú)

 

Easnamh i bpróiseas/cosaint dhoras chró an phíolóta

 

Aimsiú earraí toirmiscthe/gléas pléascach seiftithe feithicil-iompartha/gléas loiscneach seiftithe

 

Ionsaí ceimiceach, bitheolaíoch agus raideolaíoch

 

Fuadach ar eitilt

 

Bagairt buama ar eitilt

Lastas agus post

Rochtain neamhúdaraithe ar shaoráid um scagadh ar lastas

 

Easnamh sa phróiseas scagtha

 

Aimsiú earraí toirmiscthe/gléas pléascach seiftithe feithicil-iompartha/gléas loiscneach seiftithe

 

Easnamh maidir le lastas slán a chosaint

 

Fianaise ar chrioscaíl ar lastas slán

 

Easnamh sa phróiseas glactha

 

Gníomhaíocht amhrasach

 

Fógra gan luchtú a dhéanamh faoi scéimeanna um Réamhfhaisnéis Lasta Réamhluchtaithe (PLACI)

Rialú Aerthráchta

Ionsaí armtha ar shaoráid rialaithe aerthráchta (ATC)

 

Áiseanna aerloingseoireachta a scriosadh nó damáiste a dhéanamh dóibh

 

Rochtain neamhúdaraithe

Faisnéis dhigiteach agus teicneolaíochtaí digiteacha

Ionsaí ar chóras/chórais aerárthaí

 

Ionsaí ar chóras/ar chórais bainistíochta aerthráchta (BAT)

 

Ionsaí ar chóras/chórais aerárthaí

 

Ionsaí ar chórais agus ar shonraí criticiúla eile

Córais aerárthaí gan foireann (UAS)

Ionradh neamhúdaraithe ar aerspás rialaithe

Aerfheithicil gan fhoireann

Neasteagmhas/Teagmháil le haerárthach ar eitilt

Córais aerárthaí cianrialaithe (RPAS)

Buille/Imbhualadh le haerárthach ar eitilt

 

Amharc ó aerárthach/aerfort

 

Aerfheithicil gan foireann tar éis a bheith ina bhagairt ar aerárthach

 

Aerfheithicil gan foireann mar chúis le bagairt ar bhonneagar aerfoirt

 

Aerfheithicil gan foireann mar chúis le bagairt ar phaisinéirí

Arm cianláinseála (córais aerchostanta iniompartha etc.)

Ionsaí ar aerárthaí nó ar shaoráid aerfoirt

 

Amharc tuairiscithe

Léasair

Ionsaí ar aerárthaí nó ar shaoráid aerfoirt

 

Amharc tuairiscithe

 

Gníomhaíocht amhrasach

Faisnéis maidir le slándáil eitlíochta

Easnamh maidir le faisnéis íogair slándála eitlíochta a chosaint

 

Cailleadh sláine agus infhaighteacht córas faisnéise

Eitlíocht Ghinearálta/Clubanna eitleoireachta

Rochtain neamhúdaraithe

 

Aimsiú earraí toirmiscthe/IED/IID

(1)   

Aicme: déantar cur síos ar an topaic dá dtagraíonn an teagmhas slándála, amhail “rialuithe rochtana”, “bagáiste boilg” nó “lastas/post”. Úsáidtear na haitheantóirí roghnaithe go coitianta cheana féin in Iarscríbhinn 17 EESI agus sa Lámhleabhar um Shlándáil Eitlíochta (Doic 8973) agus meastar go mbeidh sé éasca d’eintitis tagairt a dhéanamh dóibh agus go mbeidh siad ábhartha do na húdaráis maidir le measúnuithe a dhéanamh.

(2)   

Catagóir léirítear cur síos níos sonraí ar an teagmhas slándála lena mbaineann. Tá na catagóirí éagsúil de réir aicme toisc go n-athraíonn na teagmhais slándála a d’fhéadfadh a bheith ann ag brath ar an bpróiseas slándála eitlíochta lena mbaineann siad. Mar shampla, áirítear san aicme “cosaint aerárthaí ar an talamh” an chatagóir “easnamh i gcuardach/seiceáil slándála an aerárthaigh”, ach áirítear san aicme “bagáiste boilg” an chatagóir “easnamh maidir le bagáiste boilg scagtha a chosaint”. Bheadh catagóir “eile” ann freisin do na teagmhais sin a d’fhéadfadh a bheith ró-annamh chun údar a thabhairt le catagóir ar leith, nó a d’fhéadfaí a mheas mar bhagairt nó leochaileacht nua. Níor cheart an rogha seo a úsáid, áfach, ach amháin nuair is cosúil nach bhfuil aon cheann de na catagóirí eile oiriúnach.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32008R0300
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.