+61. Ba cheart go mbeadh beartais shoiléire agus dhoiciméadaithe ag an gcomhlacht bainistíochta …

61. Ba cheart go mbeadh beartais shoiléire agus dhoiciméadaithe ag an gcomhlacht bainistíochta …

Ba cheart go mbeadh beartais shoiléire agus dhoiciméadaithe ag an gcomhlacht bainistíochta maidir le conas ba cheart na caighdeáin seo a comhlíonadh. Ba cheart do na beartais sin an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • a. a mheabhrú don fhoireann gur cheart gníomhaíochtaí uile ARTanna an eisitheora a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí is infheidhme agus le luachanna corparáideacha an eisitheora;
  • b. feasacht riosca a chur chun cinn trí chultúr láidir riosca i gcomhréir le Teideal IV, Roinn 7, ina gcuirtear in iúl go bhfuil an comhlacht bainistíochta ag súil nach rachaidh gníomhaíochtaí thar an inghlacthacht riosca shainithe agus na teorainneacha arna sainiú ag eisitheoir ARTanna agus freagrachtaí na foirne faoi seach;
  • c. prionsabail a leagan amach agus samplaí a sholáthar d’iompraíochtaí inghlactha agus do-ghlactha a bhaineann go háirithe le míthuairisciú agus mí-iompar airgeadais, coireacht eacnamaíoch agus airgeadais lena n-áirítear calaois, sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta (ML/TF), cleachtais in aghaidh trustaí, smachtbhannaí airgeadais, breabaireacht agus éilliú, cúbláil mhargaidh, mídhíol agus sáruithe eile ar dhlíthe cosanta tomhaltóirí, cionta cánach, cibé acu a dhéantar iad go díreach nó go hindíreach, ach gan a bheith teoranta dóibh sin;
  • d. a shoiléiriú, chomh maith le ceanglais dhlíthiúla agus rialála agus beartais inmheánacha a chomhlíonadh, go bhfuiltear ag súil go n-iompróidh an fhoireann iad féin le macántacht agus ionracas agus go gcomhlíonfaidh siad a ndualgais leis an scil, an cúram agus an dúthracht chuí; agus
  • e. a áirithiú go bhfuil comhaltaí foirne ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí araíonachta inmheánacha agus seachtracha, na gníomhartha dlí agus na smachtbhannaí a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar mhí-iompar agus iompar do-ghlactha.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.